Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
aire

cíocra (9)

 
Tá an-chruadhas sa sliabh atá a' síneadh le L. F. ach maidir leis an íochtar anuas annseo, caoch-phuill a's cíocraí a's caethachaí fré chéile é.
 
aire
Ní mór dhuit a bheith aireach annsin, mar tá sé druidthe le cíocraí agus caoch phuill (féach "druidthe" agus "cíocraí")
 
Ní mór dhaoib féithiú soir go maith thar ghob na locha. Tá cíocraí agus scrath ghlugair in aice na locha, agus fiodáin mhóra soir ann. Bíonn siad snámhta an t-am seo 'bhliain
 
fia
Tá cíocraí annsiúd agus ní shiúilfeadh an fiadh iad. Ghabhfá go glúine ionta
 
fuar 2
Cén talamh atá aige anois, fiafraím díot? Eascaí fuara agus cíocraí. Cáil an talamh cuir?
 
diaidh
Thug an mac go leor airgid as Sasana, agus chuir an t-athair in a dhiaidh, nó gur cheannuigh siad an talamh sin thuas a bhí ag P.K. Ba dona an áit ar chuir siad a seacht gcéad mar sin féin: é a shíneadh amach ar na caochphuill agus ar na cíocraí sin = chuir an t-athair in a dhiaidh; chuir sé in a cheann; thug sé an oiread do'n mhac, agus a bhí easbadhach air leis an talamh a cheannacht
 
Corruigh amach. Ní mór duinn an easca a bheith bailighthe againn shul má theigheann an ghealach faoi. Tá sí ag diúltú dá solus anois féin. Is contabhairt é an criathrach seo le cíocraí agus caoch-phuill. Fuair mé mo dhóthain cheana dhó …
 
donas 1
Ní ag cur aithne ort é, ach sé lom an donais mhóir duit a dhul ag ceannacht an stolpáin sin. 'Ar ndú níl sé feilteach ag tada ach ag naoscannaí. Cíocraí agus bogachaí …
 
Tá an teach thiar ag gob na locha faoi aill. Tá lúibinn bheag isteach ann agus é le h-ais na lúibinne. Níl tada timcheall air ach eascaidheachaí agus cíocraí agus scrath-ghlugair, agus seisceallach ann a dtiocfá go h-ascallaí innte. An uair a bhíos stolladh ar bith ann, diabhal mé go mbíonn an loch cho coipthe agus a bhíos an fhairrge sin thíos. Áit díbeartha ceart é, ach mhairfeá in a dheidh sin ann, dhá mbeadh fuighleach airgid agad