Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

cíosa (5)

+
cíos
Níor íoc sé aon-phighinn cíosa le dhá bhliadhain.
TUILLEADH (1) ▼
Tá riaráistí cíosa amuigh air.
 
dol 1
Tiocfaidh éiliú ar airgead an tighe ins an gcéad-dol eile cíosa a bhéas len íoc agad. Ná bíodh faitíos ort go bhfailleochaidh siad siúd in a ngnatha. Ní fhailleochaidh muis. Má bhíonn dearmad ar bith orra, ní dearmad uatha é ar aon-chor
 
Droch-dhíoluidhe ceart é. Níor íoc sé aon-cheo ariamh go gcinneadh air. An uair a bhíodh muid ag tabhairt cíosa don L. fadó, ní fhaca an lá cáirde ariamh ach salach é. Dhá mbeadh sé ag pléidh le aon-mháistir eile ins an tír bheadh scéal aige air. Ní fhágfaí ins an tseilbh chor ar bith é
 
Is beag an dúnárus a bhéas air deirimse leat ag leagan a bhúrla nútaí (nótaí) isteach thíos ins an mbeainc. 'Sé an cainteoir é annsin. Agus mara bhfuil teanga bhlasta Bhéarla aige castar leis é. Bhí mé ag éisteacht leis lá a raibh mé ag íoc cíosa ann. Is fada go rabh a fhios agam gurb é a bhí ann chor ar bith. Uair annamh a chloisfeá a ghlór annseo.