Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

canndáil (8)

+
Tá canndáil ar fheamuinn dearg ar a' saoghal seo = tá fuadach uirre; tá faire uirre; tá go leor dhá h-iarraidh.
TUILLEADH (3) ▼
Beidh canndáil ar shíol planndaí imbliadhna arae dheamhan gráinne dhi sa tír.
Dheamhan a raibh ag na h-iascairí ach cuid a' bheagáin, ach bhí canndáil ar a' méid sin fhéin. Sí'n eorna nuadh breac úr a fheiceál ar a' saoghal seo.
A dhearbhráthair mo chroidhe thú, tá canndáil ar a chuid scéalta anois. Dheamhan lá 'san aer, nach dtagann duine eicínt de lucht na Gaedhilge sin thiar chuige a' piocadh as. Tá sé 'na ridire aca(b) le tobac a's airgead.
+
Tá'n teach mór sin le canndáil go goirid, ach deir siad nach dtóigfe aon-duine é, arae go bhfuil sé báidhte i bhfiacha.
TUILLEADH (2) ▼
Cuireadh an áit ar canndáil.
Ara abair leis, nach bhfuil gna(ithe) ar bith againne dhá chuid turnapaí. Nach turnapaí atá le canndáil againn fhéin!
 
Cén fáth ar cheannuigh sí an fhoirgeach gránna sin. Ní dúil a bheadh aice canndáil a chur suas ná eile!