Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

chun (100+)

 
abair
Céard adéarfá le fear a tháinic isteach aréir chugam ag iarraidh ualach fataí orm nó go dteagaidh fataí nuadha = nach dalba an rud é!
 
Seo maiste dhuit agus bíodh sé dubh-dhearg agus cró-dhearg shul a síne tú chugam é. Is maith liomsa mo chuid maistí a bheith ceart. (Deirtear rud mar seo amanntaí nuair a thugas duine maiste nó píosa pháipéar len a phíopa a dheargadh do dhuine eile len a lasadh san teine)
+
Déarfainn go bhfuil an oíche anocht daingnithe chun seaca. Is furasta aithinte é
TUILLEADH (1) ▼
Bhí sé ag daingniú chun drochmhúineadh = bhí a chuid droch-mhúineadh ag neartú, bhí sé ag dul chun feirge nó chun uilc.
 
dalba
Is dalbaí an puicéara sagairt é le theacht in a líon beag ná mór. Go bhfoiridh Dia ar an té a chaithfeas a dhul isteach chuige ag iarraidh tada. Chuirfeadh sé an Naomh Peadar thar barr a chéille
 
dall 3
Cuirfidh mé dhá shlat go leith chuige agus ní bhfuighidh tú an oiread agus a dhallfadh do shúil as indiaidh treabhsar agus bheist = déanfaidh an méid éadaigh atá mé a chur ag an táilliúr treabhsar agus bheist ach ní bheidh caochadh do shúil d'fhuílleach ann
 
Rud damáisteach é an poitín: fágann sé na daoine gan spré, ach breagh nach bhfanann muid uaidh. Ní chuireann sé aon-fhios orainn marach go dteigheann muid féin chuige, marach go dteigheann sin. Muid féin is measa
 
Tá mé damnuighthe ag an liúiste (leoiste) sin thíos ag iarraidh tobac orm 'chuile oíche. Tá sé taithighthe annseo ar fad anois. Is dóigh go bhfuil cut (cat) crochta roimhe is 'chuile áit eile. Níl aon-ghean ag aonduine é a fheiceál ag teacht isteach ar cuairt chuige
 
danra
Tá an fheamuinn dubh atá againne in áit cho danra agus a chonnaic tú ariamh: thíos ar chúla an characáin. Bealach cho h-aistreánnach é agus atá ins an gcladach ach níor chás duinn é marach cho h-achrannach agus atá an roinn féin: clochair agus clocha gránna ar fad í. Dhá mbeadh crann ní ba mheasa ann, is againn a thuitfeadh sé, ach beidh aithroint ar an gcladach an bhliain seo chugainn le congnamh dé
 
daol
Má theangmhuigheann daol leis siúd is maith gasta a bheidheas sé ag tabhairt an tsráid amach do Mh. Ní rachainn faoi dhuit go gcaithfidh sé oíche Nodlag seo chugainn faoi shógh ann choidhchin. Má chaitheann, 'sé a chloch-neart é
 
deacair 1
Mo chumha agus mo dheacair nach dtigeann sí ar cuairt chugam, leis an dobrón agus leis an gcaonach liath a bhaint de mo chroidhe
 
Sin í anois an chreach rointe (conách iascaigh) cé's moite de'n dá bhod ghorma seo agus ní ghlacfaidh an cut féin iad. Tá ar ndóthain againn le tabhairt dó dhá bhfuireasbhaidh. Bíodh aca. Tá rud eicínt ag teastáil ó'n deachma. Caithfeamuid chuige iad. Caithfidh cheana. (Chaith siad uatha iad. Ní thiubharfaidís abhaile iad)
 
deaide
Gabh suas agus tabhair anuas chugam an píopa a choinnigh do dheaide mór orm indé.
+
Níor dhealuigh na diabhail de dhoigheachaí seo liom fós. Tá an tseachtain saothruighthe go maith agam [...]éid a shliocht orra: tiubharfaidh mise gaoth bhuird amach dóibh Dia Sathairn seo chugainn faoin a bheith slán dúinn
TUILLEADH (1) ▼
Dhá ndeal[uigheadh] an bhruithtíneach seo le na gasúir — shílfeá gur roighin uaithe — b'fhéidir go mb[u]ailfinn siar ar cuairt chugaibh. Ach dheamhan goir a[gam] corruighe anois. Tá anró le fáil uatha, go leigidh Dia slán na [daoin]e!
 
Is deamhantaí an coinneál atá agad air nach gcaitheann chuige é
 
deán
Comhnuigheann an t-uisce igcomhnaí 'sa deán sin amuich ar an tsráid. Caithfidh mé a líonadh an geimhreadh seo chugainn má fhágann Dia an tsláinte agam
 
déan 1
Tuige nach ndéanann tú deifir a chur leis sin thuas. Mara ndéanaidh dheamhan a chos ná a chnáimh a bhéas amach as an ngarrdha sin go Lá Fhéil' San Seáin seo chugainn
 
Más maith leat a theacht ar cuairt soir againne an Domhnach seo chugainn déan ann. 'Dar a shon nach dtiocfá
 
Níl aimsir dá dheannachtaighe nach dteigheann currachthóirí na T. B. sin 'un fairrge. Tá siad in araidheacht é a bharruidheacht ar ghála ar bith. An lá nach dtiocfá síos 'na (chun an) chladaigh [ná] tada leis, bheidís amuigh an lá sin. 'Ar ndú níl currachthóirí ar bith in-chinneamhaint orra
 
Ní dhéanfaidh siad sin mórán cúis i gConndae na Midhe nó go mbeidh siad déanta ar an talamh agus ar an treabhadh. Agus is fada é sin. Is mór atá a fhios ag C. Sh. céard a bhaineas do chéachta go deimhin! Dá mbadh cloch a shínfí chuige agus rádh leis go raibh duine de Chloinn Mhac C. ag teacht aníos an bóthar …
 
deara
Cheal nachar thug tú aon-bhlas faoi deara aréir? An bhfaca tú í ag síneadh an leabhair chuige? Scríobh sí rud eicínt ar phísín de pháipéar roimhe sin, agus bhí an páipéirín sin ins an leabhar. Chuirfinn a bhfuil istigh agus amuigh agam go (gur) b'éard a bhí ar an bpáipéirín sin rádh leis castáil léithe anocht in áit eicínt. Ní raibh aon-deis eile aice é a rádh leis as coinne na máthar. Is dall an mhaise dhuit é, marar thug tú an méid sin faoi deara. Is maith a bhrath C. é. Nach bhfaca tú an fad a bhí sé a bhaint as a mhuineál ag iarraidh amharc a fháil isteach ar an leabhar
 
Ceannuigh staic de'n deargán eile sin — cé'n t-ainm atá air — "raddle" — le na caoirigh a mharcáil. Beidh muid dhá mbearradh lá eicínt an tseachtain seo chugainn, agus caithfear comhartha eicínt a chur orra, má's linn a gcur 'un sléibhe … Gheobhaidh tú i siopa Ch. nó tigh Gh. é. Tóruigh an baile mór go bhfaghaidh tú é ar aon-chor
 
dearmad 1
'Sé m'ainm féin a chuir mé indearmad leis an leitir i leabaidh ainm an té a raibh mé ag scríobhadh dó, agus chaith páipéir agus leitreachaí ag teacht chugam go ceann bliana faoi
 
dearna
Tá meanmnaí i gcroidhe mo dheárnann (i gcroidhe mo bhoise). Go meanmnuighidh Dia deagh-scéala chugainn!
 
Beidh gorta ann an bhliain seo chugainn! Níor mhinic leat an deáscéal a bheith agad! Is goire cabhair Dé ná an doras
 
Is bocht an rud deilín, agus bíodh a fhios ugad go bhfanfadh éalann ort go deó dhá bharr. Breathnuigh ar Mh. T. Mh. annsin thiar. Sin é an chéad-tsiocair a bhí aige. Bhain sé deilín eile aisti sul a raibh an chéad-cheánn chuige fhéin, agus d'fhága an péire é ar an gcóir a bhfuil sé
+
Ghlaoidh mé féin dhá phionta, agus dhá phionta eile th'éise sin (thar a éise sin). Ní ólfadh seisean an dárna pionta. Shín sé anall chugam féin é. "Déirce dhá chuid féin do'n amadán" arsa mise. Sciorradh focail a bhain dom, ach sílim nach mórán slaicht a bhí aige orm faoi
TUILLEADH (2) ▼
Chaith mé an lá ag coinneál "cigarettes" leis. Dheamhan an ceann féin a thug sé dhom. Bhí go maith nó go raibh mé féin feidheartha trathnóna. Sin é an uair a tharraing sé amach nuitín beag bídeach nach dtóigfeá as an lathach, agus shín sé anall chugam é. Ba shin é an déirce dhá chuid féin do'n bhacach, ar chuma ar bith
Níl léigheamh ar bith uirre — níl sin. Deir tú léithe an oíche faoi dheireadh a chuir fios ar cháca, ar uibheachaí agus ar shiúcra anoir chugainn in áit ar casadh clann J. L. 'na tighe aice. Chuaidh mé fhéin soir ann ar cuairt d'fhuireasbhaidh mo chuid tae, arae d'árduigh sí léithe an t-aon-cháca a bhí fuínte ins an teach. Ara a mhic ó, ar a theacht faoi'n dorus dom, bhí na mílte fáilte romham, agus ní maith a bhí mé istigh ar lom an urláir nó gur cuireadh isteach ag ól tae mé. Siúd é an áit a raibh biadh gan chuntas ag Feara Fáil. Déirce dhá chuid féin do'n bhacach arsa tusa
+
Ní bheidh deireadh an choirce curtha aige Lá na Faithche seo chugainn
TUILLEADH (1) ▼
Dheamhan ionga ná orlach ag teacht ar na h-oinniúin sin amuigh. Ag dul 'chun deireadh atá siad, sílim
+
deis
Thug an dearbhráthair deis iascaigh as Baile Átha Cliath chuige: glionndaí, cairteannaí agus eile, ach níl a dhath ag gabhail leis anois.
TUILLEADH (7) ▼
Shanntuigh sé an deis. Sin é an fáth ar chuir sé an inghean ann. Leabharsa ní raibh néal ar bith ar siúd. B'fheasach dó cá raibh an ciste gan aon-neach a theacht chuige!
Má tá pota le dhul ar an teine sin, ní mór dhaoibh deis bheag a chur uirre. Caith anuas gabhailín mhóna chugam … Nach gann gortach a thug sib isteach í, má tá sib taobh leis an méid sin
Cinnfidh ar Sheán aon-rath a dhéanamh má chuireann tusa an "ball" suas ar an taobh thoir. Ach leigeann tú chuige i gcomhnaí ar a dheis í
Ceann ar bith a theagas ar a dheis chuige, leagann sé uirre, ach tá an fear istigh féin sáthach aigeanta. Níl sé dhá gcur amach ar a dheis chuige. Níl rath ar bith air leis an gciotóig
Is diabhaltaidhe an báireoir é, agus an chóir a dteagann an liathróid chuige, caitheann sé an poc a bhualadh in aghaidh deise 'chuile uair. Tá trí chúl amuigh aige anois dhá bualadh in aghaidh deise. Dhá bhfaghadh sé ar a dheis í, níl a fhios cé'n gníomh atá ann. Dhéanfadh sé cat agus dhá rioball. 'Sé atá deas air!
Buailighidh deis agam. Caith deis chugam a Sheáinín. Bainighidh as a chonuasachaí, bainighidh as, nó beidh sib dóighte
'Sé T. a chaith deis chuige an uair sin ar thug sé an boc dalba do'n "bhall". Thug sé abhaile uiliog muid an uair sin. 'Sé a bhí deas air. Nachar chuir sé siar ins an gcrích dhriseachaí í. Dhá mbeadh an daoradh teacht abhaile thoir ag an D. Mh. ba bheag an stró orainn a bheith ann. Dheamhan stró muis
 
Chinn orm ceart ar bith a bhaint di. Láighe dheiseall a thug sé chugam agus ciotach atá mise
 
dia 1
Thug Dia Chuige Féin é = fuair sé bás
+
dia 2
Tiocfaidh sé Diardaoin seo chugainn (Diardaoin beag seo)
TUILLEADH (1) ▼
Bliain atá sé curtha cothrom na h-Aoine seo chugainn
 
Diabhlánach olc é sin. Ná cuir chuige ná uaidh
 
Dheamhan lascainí a thug sé do'n sagart ach an oiread agus dhá mba fear do'n bhaile é, ach ag diabhlóireacht leis. Má bhí féin, ní chuige ná uaidh a chuir an sagart
 
diaidh
Cé'n meanmna a chas aníos chugainn é! Cheal nach bhfuil a fhios agad. Indiaidh óil. D'eile. Shíl sé go mbeadh aon-bhrabach orainn. Bailigheadh leis anois. Dhá dtuiteadh déidín aige ag súil leis, dheamhan deoir a gheobhfadh sé annseo
 
Diabhal a cos siúd a fhillfeas chuige nó go ndéanaidh Dia Diarmuid dó. Tá baoghal uirre go deimhin! Dhá mbeadh rún aice a theacht ar ais, ní imeochadh sí ariamh
 
Is dona na gnatha a bheadh ort a dhul do do chailleadh féin suas an bealach díbeartha sin leithide an lae indiu. Dhá mbeadh an bóthar faoi do chois, níor chás duit é, ach ag caruidheacht le réidh-chasáin nach siubhalfeadh na gabhair. Ní leithne an t-aer ná an timpiste a mhic ó. Is fánach an chaoi a mbainfí leagan asad, agus thú a chur go dtí do dhá shúil igcaochpholl. Tá do dhóthain breithe agad a dhul annsin. Is iomdha lá breagh a thiocfas as seo go dtí lá Bealtaine seo chugainn
 
Duine an-díbheirgeach é. Bhí mé lá annseo ag an dorus ag dul amach le cuid an chapaill agus cé a thiocfadh aniar an bóthar chugam ag spaisteoireacht nach é (ach é). Ní raibh a dhul ar m'aghaidh ná ar gcúl ugam (agam). Bhí mé ingreim. "Ní theigheann tusa ag an Aifreann a Ph." arsa seisean. "Ní theighim le gairid a Athair S." arsa mise. "Ní airighim ar foghnamh. Tá mé buailte suas as na cosa ar fad." "Níl aon-bhualadh suas ort le do chuid oibre" arsa seisean go beo droch-mhúinte. "Is beag a bhéarfadh orm snuim (snaidhm) de'n mhaide seo" — bhí maide láimhe aige — "a thabhairt ar na h-uileannachaí dhuit agus bheitheá buailte suas as na lámha cho maith le na cosa annsin." M'anam gur dhubhairt, agus go ndéanfadh. Bíodh 'chuile dhuine ar a shon féin air siúd. 'Sé an sagart is dóroinnighe agus is díbheirgighe é dhá bhfaca mise le mo linn féin ar chaoi ar bith
 
Ná cuir chuige ná uaidh. Tá an droch-fháisc annsin. Is maith éascaidh a dhéanfadh sé dí-chúis dhuit dhá gcaitheadh sé in a cheann é. D'orduigh Dia an anachain a sheachaint
 
díle 1
Sean-fheairín beag cromta coiligneach a bhí ann. Ba gheall le Fionntán Fáidh é nar báitheadh ins an Díle, bhí féasóig cho fada cho liath sin air. Níor chuir mé chuige ná uaidh, ach chonnaic mé ag scaimhléaracht ar ghasúir annsiúd é, agus déarfainn go mba francuighthe an peata é deich mbliana agus trí fichid ó shoin
 
Tháinic fear amach chugam as botháinín — bráicín beag — a bhí ann agus é cho gíogáilte bearrtha le easbog. Fhobair mé a fhiafruighe dhó (dhe) cé'n chaoi ar ghíogáil sé é féin cho maith in a leithide de bhotháinín, ach leig mé tharm é. Déarfainn go mbadh fear é a thiubharfadh cnap de dhuine sáthach gasta
 
díol 2
Tháinig sé isteach chugam ag iarraidh a chodach. "Níl a fhios agam" arsa mise leis "an tusa nó mise díol na déirce. Beidh punt cruinnighthe agad-sa trathnóna, ach dhá gcuirinnse mo shúile ar chipíní, ní bhéarfainn ar phunt in imeacht míosa." Nach raibh an fhírinne agam?
 
Deir siad go mbadh an-díolaidhe é an t-Athair M. ach nach raibh rath ná rígheacht ar an Athair D. Bhíodh S. Ph. Th. ag imeacht ag carraeracht aige — ag an Athair D. — ag tabhairt mhóna agus phlúir agus 'chuile shórt dhá dteastuigheadh uaidh chuige. Bhí dubh-phlód beithidheach aige agus bheathuigheadh sé thar cionn iad le bran, agus min mhór, agus cácaí. Idir 'chaon tsórt bhíodh S. Ph. Th. ar bóthar 'chuile lá, nó ionann agus é. Meastú 'chuile uair a dteastuigheadh a pháighe uaidh nach gcaithfeadh sé a dhul agus a mheabhrú do'n tsagart, agus annsin féin, b'fhéidir go gcaithfeadh sé an cleas sin a dhéanamh faoi dhó agus trí h-uaire, shul a gheobhadh sé aon-phighinn. Ba deacair leis an Athair D. scaradh le tada. Níorbh fhéidir díolaidheacht a bhaint as
 
Dhírigh sé aniar chugam
+
Cá'il dochtúirín sciorta ag dul? An fear a bhfuil sé sin ag dul chuige anois muise is fear é atá ag tabhairt an tuagh bháis in a mhullach féin. Tiúrfaidh sé sin buidéal de thogha na nimhe dhó!
TUILLEADH (1) ▼
Scread-mhaidne air, an dochtúirín sciorta! Ní thiúrfainn mo shean-asal chuige, agus is beag mo shuim ann
 
Má theigheann sí chun dodaighil' ort, ná bac leis an mbuarach ach buail cupla criogaide aniar ar an dromán uirre, agus b'fhéidir go gcuirfeadh sin 'un míneadais í. Mara gcuiridh fág annsin í go trathnóna, gan tada le n-ithe, agus b'fhéidir go múinfeadh an t-ocras í
 
Dodaire d'fhear é sin anois atá ar an mbus. Mara mbeidh do chuid airgid i gcúl do ghlaice agad dó, agus a shíneadh chuige ar an bpuínte boise, 'sé a bhíos cantalach. Bhí sé ag dul ag cur S. Sh. Sh. bog te amach as an mbus an lá cheana, in áit a raibh sé ag cinneamhaint dubh agus dubh air a láimh a chur in a phóca ag an mbrughadh. Thug S. Sh. Sh. a dhubhshlán. "Is córa dhuit go mór a gcoinneál dó" adeir sé, "agus gan muid a bheith annseo mar a bheadh 'matcheannaí' i mboiscín"
+
Céard a chuir an doicheall air linn. Bhíodh sé breagh subháilceach roimhe seo. Ach níl sé amhlaidh le goirid. Oibrigheadh sé leis anois. Níor chuir muide chuige ná uaidh
TUILLEADH (2) ▼
Is len a dhul go dtí leac an doichill dom é muis a dhul ar cuairt chuige sin. Nach beag a bheadh le déanamh aige. Is suarach an blas a bheadh aige sin ar mo leithid-se de scráibín bualadh isteach ar cuairt aige. B'fhéidir gurb é an "bulldog" mór siúd a shaghdfadh sé ionnam
Dar fiaguidhe muis ní ag brughadh ar an doicheall a dhul chuige. Tá fáilte agus caint agus carthannas le fáil uaidh. Dar mo choinsias is mór an tsúbhailce an chaint. Thiocfá isteach ag cuid de na daoine agus ní labhróchaidís faoi dhó leat ó ghabhfá ann go n-imeochthá as aríst. Ní hé sin dó-san é a mh'anam. Ní ins an gcarthannas a chaill sé é ar chaoi ar bith
+
Má's leat fáilte an duine dhoichealla' a chur rómhat ann muis, abair go bhfuil mac Sh. Ph. ag dul chun cinn thar cíonn i bhfus annseo. Is maith gasta deirimse leat adéarfas sé go dtug tú h-éitheach. Ní lughar leis an diabhal ná mac Sh. Ph. ó a phós sé. Nach raibh sé ag iarraidh an mac se'aige féin a chur ann, agus chinn air. Sin é an faltanas atá aige do'n fhear eile, agus is neascóid ar a chroidhe a chloisteáil go bhfuil rath ar bith air
TUILLEADH (1) ▼
Is doicheallach an chuma atá ar an sliabh sin suas, le dhul suas ag iarraidh móna ann. Ní fheicfidh tú ar a mhalrait aríst é go dtí lá buidhe Bealtaine seo chugainn
 
dóid
'Sé a bhí le cuthach indiu. Bhuail J. Ph. dóid de scraith air, agus dhubhaigh sé a éadan fré chéile. Dar leat ba mhó dhá fhonn a bhí air a dhul chun droch-mhúineadha, ach bhí a fhios aige nach ndéanfaí faoi ach magadh
 
dóigh 1
Is maith an dóigh coirrlighe an t-Oileán ar an rabharta mór seo chugainn. Beirt ar bith a mbeadh currach aca, bheadh leasú na bliana sin aca. Ach níl sé grath (de rath) ar na daoine an méid sin féin a fháil. Ach dhá mbeadh currach faoi chéad ann, chreidim nach bhfuil aon-duine ann a ghabhfadh innte, ná a bheadh indon aon-cheart a bhaint di
 
Tá sé cho dóigheamhail as a chuid fios féin agus dá mbeadh neach ag teacht chuige 'chuile oíche. Ní bheadh aon-mhaith dhuit cur in a aghaidh. Fág aige é má (dh)eireann seisean é. Sin é an bealach atá leis
+
In aghaidh a chos a tugadh siar ann é. Ag dul isteach ins an séipéal féin bhí sé ag loiceadh, agus b'éigin do thriúr a chur isteach do'n bhuidheachas. Ach le chuile chamánuidhe phós sé í, agus dar príosta ó'n lá ar phós, bhí rith an tsonais air th'éis go mb'fhurasta cur chuige roimhe sin. Sin é é. Níl a fhios agad an rud is doilighe leat nach hé do leas é
TUILLEADH (1) ▼
Ba doiligh cur chuige ná uaidh lá de'n tsaoghal, ach d'imigh sin féin. Ní hé an oiread sin omóis atá dhó indiu thar duine ar bith eile
 
dol 1
Teagann dola leabhar chuige 'chuile sheachtain hébrí céard a dhéanas sé leo. Dhá mbeadh sé cho maith le Haraístatail, ní fhéadfadh sé an méid siúd leabhar a léigheamh. Is diabhaltaí go deo an tóir atá aige ar leabhra agus ar pháipéir. 'Sé an chéad-duine dhá chine é a raibh focal scoláireacht' in a phluic
+
Níl mórán Domhnach sa mbliain nach dtigeann sé ar cuairt chugainn
TUILLEADH (5) ▼
Mí go Domhnach seo chugainn ó a bhí mé ann
Sé an Domhnach seo chugainn; Domhnach an Iúbhair (Domhnach Chrom Dubh, Domhnach an Smuit agus rl.)
Gheobhaidh tú do dhóthain gugaí (uibheachaí) an Domhnach seo chugainn: Domhnach Chásc. Tuige nach mbeadh prachógaí agaibh mar a bhíodh againne fadó. Bhíodh muid dhá gcruinneál (uibheachaí) ar feadh coicíse roimh-ré
Beidh dalladh feola ann Dé Domhnaigh seo chugainn: Domhnach na Mart
Tá sí ag cur pus uirre féin cheana. Ach nach hé an Domhnach seo chugainn Domhnach an Phuis. Codlóchaidh sí léithe féin bliain eile dar fiadh!
 
Tá Domhnaillín de laogh agam thuas annseo, agus dheamhan rath ná biseach faoi. Ní cheal muise nach bhfuil sé ag fáil a dhíol aire. Tá casán dearg déanta agam chuige maidin agus trathnóna ag "tindáil" air, ach bhí sé cho maith dhom a bheith in mo chomhnaí
 
dorcha
Tá muid in a (ar) muintir Dhorchaigh aríst. Cé'n smál atá ar an sean-lampa seo. Tá sé múchta aríst. Dar fiagoidhe, chuir mé an iomadú "carbide" ann, ach b'fhéidir nach bhfuil an t-uisce ag dul chuige. Caithfidh tú fuirgheacht liom aríst nó go ndeisighidh mé é
 
Bheadh ar ndóthain le déanamh ag an triúr againn a raibh ann a bhualadh, marach gur casadh congnamh chugainn
+
Shílfeá go mbadh cheart go mbeadh drabhlás thairis sin ins an gcarr móna a thug mé de'n phortach arbhú indé. Dheamhan aithne oraibh nach bhfuil an oiread teinteachaí agaibh agus atá thoir tigh K. Breagh nach ndéanann sib réidhteach léi, nó an gceapann sibh go bhféadfaidh fear a bheith ag rith suas agus anuas 'na (chun an) phortaigh daoib-se 'chuile ré soluis agus sibse ag breacadh 'u' luirgne annseo (bhur luirgne). Nach sraimlidhe an scéal agam é — nach h-eadh sin
TUILLEADH (1) ▼
Tháinig galún pórtair annsin an t-am a raibh muid ag cur isteach an fhéir, ach ní raibh drabhlás ar bith ann. Ins an am a raibh a mhuigín féin bainte as ag 'chuile dhuine b'fhurasta cur chuige. Go leigidh Dia slán na daoine, is maith é an congnamh in a dheidh sin
 
dréim
Ní raibh aon-fhear ag teacht isteach ag pobal an Ch. a bhí indon a dhul ag dréim le P. Ph., agus nach furasta cur chuige indiu. Dhéanfadh sean-pháiste ar bith puca dhó
 
dris
Tá buadh imeartha againn anocht ach d'eireochadh dhuinn. Chuaidh mo pháirtidhe — P. annseo — faoi dhris annsin thíos, i Logán an Fh. shul dhá tháinig muid isteach. Ní bheidh aon-oíche beo feasta nach ndéanfaidh duine againn an rud céadna. Is maith sportha a bhéas sib faoi Fhéil Pádraig seo chugainn ach a gcaithtear suas na cártaí
 
Chuaidh drillíní gliondair thríom ar an dá luath agus a bhfaca mé é. Ba bheag an dochar dhom agus nachar leag mé súil air cheana le h-ocht mbliana déag — h-ocht mbliana déag go lá Fheil' Muire seo chugainn ó d'imigh sé
 
Ghreamuigh sé dhó sin a bheith in a dhroch-dhíolaidhe. 'Ar ndú' bhí cáil na máthar i bhfad agus i ngearr. Bhíodh sí i gcomhnuí ag imeacht ag iarratas agus an té a thiubharfadh áird uirre ní dhéanfadh sí aon-díolaidheacht go bráth leis. Bhí sí uair annseo agus cíos ag teacht treasna uirre, agus tháinic sí aníos chugam agus mé ag obair ingarrdha na L. Thug mé chúig phunt di go dtí lá an aonaigh a bhí chugad, má b'fhíor di féin. Bhí airgead an uair sin ann in a shnáthmara le linn an Chogaidh. Tháinig lá an aonaigh agus d'imigh sé ach ní raibh aon-chaint ar mo chúig phunt. Chaith mé an tsíorraidheacht ag tuineadh léithe shul á fuair mé é. Bhí an mhaith bainte as faoi dheireadh, ag fanacht leis
 
Nuair a d'iarr mé air é, níor mhian leis sásamh ar bith a thabhairt uaidh. Ba mhó dhá fhonn a bhí [air] go fada a dhul chun drochmhúineadh liom ach stán sé nuair a chaintigh mé ar na póilíos
 
Tá droichead a shróine briste. Is ann a fuair sé an iarraidh. Beidh liostachas fada air shul a bhéas sé chuige féin aríst
+
droim
Ní raibh fáisceadh-faoi ar bith istigh againn, agus bhí an leac ro-éadtrom faoin a druim (druim an chapaill), agus b'éigin do dhuine againn suidhe amuigh chun tosaigh uirre (ar an leic) leis an gcarr a choinneál ó'n a dhul siar ar a sháil = ní raibh a dóthain meadhchain ins an leic amach idtosach an chairr, in aice le druim an chapaill
TUILLEADH (8) ▼
Ní mór duit na leath-bhairillí sin a choinneál amach go maith faoin a druim, nó eireochaidh an carr ort … Sin é é. Amach go maith chun tosaigh
Tá tromlach an ualaigh thiar chun deireadh, agus gan brigh amach faoin a druím. Is ar a chruadh-chúis di tarraint in aghaidh na n-árda leis
Ní thiubharfaidh sé a dhruim di sin go sleibhe. Bhí sé cho maith dhóib gan cur chuige nó uaidh anois, mar ní thiubharfaidh sé toradh ar bith orra. A chomhairle féin do mhac dhanardha agus ní bhfuair sé ariamh níos measa
Tháinig sé annseo thoir ins an samhradh anuiridh. Chuaidh cúigear nó seisear againn soir aige, ag iarraidh oibre air. Gheall sé dhuinn go ndéanfadh sé cat agus dá rioball ach a dteigheadh sé go Baile Átha Cliath. Ach ní bhfuair muid tochas a (ar) ndroma ó shoin. Scéal ná scuan féin níor chuir sé chugainn
Agus tá an inghean ag dul ag pósadh an spreallaire sin th'éis a bhfuil de mhílte aice. Cé'n chaoi a dtaithnigheann sin leis an athair. Ní cheapfainn go mbeadh aon-ghnaoi mhór aige air siúd mar chliamhain. Déanfaidh sé aithgiorra an chuit thríd an ngríosaigh ar spré na h-inghine. Ach tuilleadh diabhail ag an athair. Ní bheadh Dia thuas nó d'agróchadh sé air é. Chaith sé a shaoghal ag sladadh dílleachtaí agus baintreachaí agus daoine dona. Anois b'fhéidir go dtiocfadh sé ar ais ar a mhéis féin chuige. Is gearr a bhéas an cliamhain siúd ag dul thrín a chuid mílte. Deir siad an rud a chruinnighthear ar dhruim an diabhail go n-imigheann sé ar a bholg. Is olc í eascainí baintrighe. Is dual di fearadh i gcomhnaí
Tá an-fhás bliana siar annsiúd ar dhruím na leice, ach bhí fuighleach againn thairti indiu. Beidh a shliocht uirre: gheobhaidh sí sceanadh an rabharta seo chugainn faoin a bheith slán duinn. Is maith an lear nach mór fós leis an ngarrdha seo thuas a leasú ar fad
Coinnigh daingnighthe air anois, agus ná díol oiread agus ualach amháin leis aiste, mara gceannuighidh sé faoin a druim uait í. Má theigheann tú ag sceidínteacht léithe ní bheidh a leath oiread dhá barr agad agus a bheadh len a díol faoin a druim. Cuileálfaidh sé 'chuile fhód fliuch ag gabhail léithe. Feicfidh tú féin air gur díon déirce leis a fáil amach annseo nuair a bhéas sí gann. Beidh sí thrídh lasadh faoi Fhéil' Bríde seo chugainn
Shílfeá nach ndeacha sé ag an gcéilidhe. Céard a bhac é meastú? Bhí sé le dhul bog te ar maidin ann. Chuir rud eicínt dhá dhruim é muis. Marach gur chuir ghabhfadh sé ann agus cho líomhtha agus a bhí sé chuige
 
Chonnaic mé faoilleán druimfhionnach indiu annsin thíos agus é ag babhtáil. Meastú nachar thuirling sé 'sa deireadh, agus eirghe as aríst agus stuifín in a bhéal aige. Siar leis as cionn gob an Bh. agus casadh faoilleán eile dhó, agus nachar shín sé an stuifín chuige, agus teagann sé féin ar ais aríst gur thóig sé ceann eile: nár fhága mé seo, mara bhfaca mé dhá dhéanamh thíos annsin indiu é!
 
Is fearr na cruacha a dhéanamh ar an drumainn sin ó dheas. Má bhíonn siad ann go h-Earrach seo chugainn, ní mór a ndéanamh in áit eicínt nach mbeidh aon-toidheacht fútha. Tá an-ionnlach aca ar an drumainn sin
 
Níor cuireadh chuige ná uaidh; ná níor dúradh drúcht ná báisteach leis agus in a dheidh sin fhéin, thosaigh sé ag ollúchan achrainn. Sin é an chaoi a mbíonn an droch-dhuine igcomhnaí. Mara bhfagha sé údar, ní bheidh sé ag iarraidh aon-údar.