cor (50+)
→
faitíos
Má thugann tú an tabhairt ort fhéin, agus an snáth-feamainne a eirí leat, scoilt go maith í, faitíos na heirimisce. Tá fir istigh ar an mbaile seo, agus ghabhfaidís síos in do dhiaidh ann, agus dheamhan a dhath carghaís a bheadh orra a tógáil ort. Shéanfaidís go raibh sí scoilte chor ar bith
+
→
faoisc
Fág annsin iad. Níl leath-bhruth orra fós. Nach bhfeiceann tú nach bhfuil an cúr bán féin orra. Níor fhaosc siad chor ar bith
TUILLEADH (2) ▼
Ní mór dhuit dhá fhaoscadh féin a bhaint asta sin. Tá siad do-bhruithe go leor. Níl a fhios agam cén sórt fataí chor ar bith iad. Mara bhfagha siad bruth thar cionn, bíonn rológaí istigh ionta mar a bheadh i gcáca
Ar faoscadh na turnapaí seo chor ar bith. Ní hé a gcosúlacht gur faoscadh.
→
fara
Níl aon-lonta dubha ná aon-chéirseachaí ag taithighe annseo chor ar bith anois, ó réitíodh na crígheannaí annsin siar. Dheamhan fara aca ann
+
Níl earasbár ar bith aige ormsa. Má tá an oiread talúna chor ar bith aige liom
TUILLEADH (1) ▼
Ní shin é adúirt mise chor ar bith. An té a d'aistrigh mo chuid cainte (a d'innis do dhaoine eile í), chuir sé earasbar léithi. Sin é an chaoi igcomhnaí
+
→
fearacht
Ní hé t'fhearacht-sa S. chor ar bith. Tá áird aige sin ar a ghnatha
TUILLEADH (5) ▼
Ní hé fearacht an fhir seo annseo Eón chor ar bith. Tá ciall ag Eón, rud nach bhfuil aige seo
Níl sé siúd t'fhearacht fhéin chor ar bith. Chuaigh fír na maitheasa annsiúd, agus tá a shliocht air: ní fhágfaidh sé a ghnaithí ar lár
Ní bheinnse fearacht cuid eile de na daoine chor ar bith. Níor mhaith liom ariamh an dá chroí a bheith agam. Déarfainn amach an rud gan frapa gan taca, sin nó leigfinn dó. Ní bheinn ag dul siar i mbéal duine agus ag maoidheachtáil leis, agus an buille feille a thabhairt dó taobh thiar dhá chúl in a dheidh sin
Ní call duit a bheith ro-dhiomúch dhó chor ar bith. Níl sé fearacht mo phortach-sa nach bhfuil tada ann ach an leic liath. B'fhearr liom in a bhog-eibhinn fhéin é ná é a bheith gan aon-domhainn ar nós na bportaigh atá againn anois
A fhearacht siúd, bhí aige fanacht san mbaile, agus gan a dhul ann chor ar bith. Ní hanna d'fheil dó: fear pósta agus muirín air
→
fearadh
Gheobhaidh tú fearthainn agus fearagráin anois. Is furasta aithinte ar an spéir é. Ní thaithníonn na léasáin sin chor ar bith liom
→
fearann
Rinne sí cheithre leith den cháca, agus thug sí dóibh é: fearann an duine. Níor bhain sí fhéin oiread agus an bhearna bhruite as. Dheamhan é muis. Ba mhór an truaighe iad ar aon-chor: lucht bóthair agus bealaigh
→
fearúint
Bhí sé ag fearúint ar a thiacht isteach dom. B'ait liom an chith a leigint tharm. Meireach sin ní thiocfainn isteach chor ar bith
+
→
feiste
B'fhearr leis, dar liom fhéin, nach labhaireóinn chor ar bith leis. Tá a shliocht air. Ní dheachaidh mé in a fheiste ná in a fhínne ó shoin. Ná ní ghabhfaidh ach oiread
TUILLEADH (2) ▼
Fág mur sin é. Ná teirigh in a fheiste ná in a fhínne chor ar bith. B'fhéidir gur thú 'ionnsú a dhéanfadh an bhrúisc sin. Mo chomhairle dhuit fanúint uaidh
Bhótáil, adeir tú! Ara tá mé bréan daofa frén a chéile. Ní theighim in a bhfeiste ná in a bhfínne chor ar bith. Measaim gurb ugam atá an ceart.
+
Níorbh fhiú d'aonduine a dhul ag fiachadh ar an bhfeithideach bocht sin. Níl ann ach na cheithre eite. Is beag le go bhfuil sé indiaidh a chéile chor ar bith
TUILLEADH (1) ▼
M'anam gur cinniúint uirre siúd é, má leigean sí tada leat. Níl a fhios agam cé leis a ndeachaidh sí chor ar bith. Sí an feithideach is tútaí í a rug ar scilling ariamh
+
→
fios
Ní raibh fios ar an scéal chor ar bith aige, nó gur chas mise leis agus mé ag seóladh na mbeitheach
TUILLEADH (2) ▼
Níl fios do labharha agad chor ar bith. Breá ar dhúirt tú an rud sin leis?
Níl a fhios agam céard a rinne mé ar mo Dhia chor ar bith. Níl me ag fáil aon-mhámh i gCathair Pheadair ná Phóil
+
Bhí mise amuigh annsin thiar lá agus bhuail mé cuisle eistrí gan aireachtáil. Thug mé scríb fútha agus thóig mé na céata aca leis an líon. Bhí báid eile fúm agus tarm agus gan a fhios aca a raibh siad ann chor ar bith. Dheamhan fios muise ná ag an bhfear fobhairne a bhí liom san mbád sílim. Thiocfá ar chuisle mar sin scaití
TUILLEADH (1) ▼
Dhá mbeadh fear fobhairne ar fónamh san gcurach agam an lá sin, ní loicfinn. Bhí an-fharabógaí farraige ann, ach bheadh cóir againn isteach. Ba bheag an stró a bheadh ar dhá churachóir mhaithe a theacht abhaile. Maidir leis an gceann a bhí in éindigh liomsa ní raibh ann ach sbogán nar cheart dó a dhul chun farraige chor ar bith
+
→
focal
Níor chuir mé cor an fhocail air; níor chuir mé ionntú an fhocail air; níor chuir mé athrú an fhocail air = ceó ar bith bréige ach mar a bhí an scéal; an scéal a innseacht amach gan frapa gan taca mar a bhí sé; gan agús ar bith a chur san scéal, ná bréag ná áibhéil a dhéanamh faoi
TUILLEADH (7) ▼
Sin é an rud adúirt sé go díreach glan. Nar leige Dia go gcuirfinnse cor an fhocail air. Tá seisean ar shlí na fírinne agus mise ar shlí na bréige
Ná hinnis do scéal d'aonduine. Má innsíonn gabhfaidh cor an fhocail air. Nach air sin atá daoine ag faire. Beannacht Dé dhuit! Feacha a gcloiseann tú de luaidreáin chuile lá
Bhí siad ag tabhairt cor na bhfocal dhá chéile = ag díbliú a chéile; ní móide go mbeidís ag sciolladh ar a chéile amach agus amach, ach an rud adéarfadh duine d'fhastódh an duine eile é, agus thiúrfadh sé priocadh ar a shon don chéad-duine agus dá réir sin; sáraíocht, argóinteacht
Bhí sí ag tabhairt cor na bhfocal dó, agus go deimhin má bhí fhéin, sí atá deas air. Diabhal bréag nach bhfuil! Ach cá bhfágfadh sí é? Inín Ú. Bh. Níor fhága sí dual ná slis amuigh
Shíl mise go n-éistfeadh S. leis, ach m'anam nar éist. D'áitigh sé ag tabhairt cor na bhfocal dó. Dheamhan priocadh dhár thug sé do Sh. nar thug S. priocadh ar a shon. D'fhuagair sé air go mbrisfeadh sé as an obair é. M'anam gur thug S. a dhúshlán.
Deir tú leis an lá faoi dheireadh a thosuigh ag tabhairt cor na bhfocal don mháistir. Nach mór an éisteacht a bhí ag an máistir leis, nar thosuigh dhá ghriosáil. Dheamhan griosáil muis. Sén chaoi ar thosuigh sé ag gáirí
Dhá dteigheadh sé ag tabhairt cor na bhfocal domsa, is aige a bheadh an ceann salach den mhaide. Bíonn mo theanga ar mo chomhairle fhéin agamsa scaití freisin.
+
→
foilsigh
Rinne sé an choir. Is furasta aithinte anois air é, ní dhá roinnt leis é. Foillsíonn Dia rudaí mar sin = agruíonn Dia rudaí mar sin ar dhuine (san saol seo fhéin); is follasach é na rudaí a thárluíos do dhuine go raibh Dia ag ídiú nó ag fearadh a dhroch-ghníomhra air
TUILLEADH (1) ▼
Ba deacair dóibh an t-ádh a bheith orra, go mba leó fhéin uainne é. Shíl siad go raibh siad in a rith seóil ceart críochnuithe anois. Bhí a dhá láimh timpeall ar an saol. Ach is ag Dia is fhearr a fhios. Foillsíonn Dia an chneamhaireacht agus an mí-scruball i gcomhnaí. Is fada ar an saol mé agus níl aon-lá ó tháinig cuimhne dhom nach h-amhla a fheicim é. Chuala tú an scéal faoin bhfear a chonnaic fear eile ag marú duine agus dhá chur ingan fhios. Mhionnuigh sé agus mhóidigh sé mara bhfoillsíodh Dia é, nach mbeadh aon-áird aige fhéin ar Dhia níos mó. D'fhan mar sin. Chonnaic sé go raibh an saol ag féithiú leis an té a rinne an marú … Sin é an chaoi a raibh sé. Bhí fear eile marbh cheana ag an té a maruíodh. Nach maith gur fhoillsigh Dia an choir sin!
Is deacair dó freastal do chuile rud agus a bhfuil ag fortabháil air. Ní teallach atá sé a thógáil ach dhá theallach. 'Ar ndó' ní bheadh clann na deirfíre beó chor ar bith dhá uireasa
→
frasach
Diabhal mé go bhfuil sí cóir frasach faoi dhá mbeadh tarraint a láimhe aice. Is mór is fiú an fhairsingeacht ar aon-chor. Ní ghabhfaidh fial go hIfreann, adeir siad
→
freagair
Ach meastú cén chaoi a maireann a bhfuil ag iarraidh a gcodach i nGaillimh chor ar bith? Tá an baile mór foirghe anois. Foirghe ceart. Ní ghabhfá dhá choisméig nach mbeadh duine ag dilleóireacht ort. Agus iad cho spleách cho anshóiteach! Sea agus cuid aca beathaithe bláfar! 'Ar ndó is den tsonas an achainí, ach den donas a bheith dhá freagairt. M'anam an té a thiúrfadh áird orra siúd, gur ghearr gurb é mála na déirce a bheadh air fhéin!
Bhí mé ar bhráite mhaith, dar liom fhéin, agus diabhal freagairt in a dhiaidh sin. Sílim nach bhfuil sé sonaí an C. sin a thabhairt leat in a fhear fabhairne chor ar bith. Thug mé faoi deara chuile lá dhá mbíonn sé in éindigh liom, go mbíonn geis eicínt ar an iasc, go n-aithníonn siad ag teacht é
+
→
froigisí
Ní chuirtear na freigisí sin anois ar chótaí cóirithe chor ar bith. Dheamhan cóta gibíneach a chonnaic mé le mo chuimhne. Ba dheas iad na gibíní
TUILLEADH (2) ▼
Ní thaithníonn na freigisí nua-aosach sin chor ar bith liom. Bheadh déanamh maith ag duine dhá bhfuireasa
Ní thaithníonn an bhean chéanna chor ar bith liom. Is fruigisí í ar fad. Ní fhéadfadh sí a iarraidh ort suí isteach ag cupán tae, gan biodáin a dhéanamh faoi. Diabhal a leithide de chaoi!
Thainig an bullán mór sin aige isteach an bhearna chugam trathnóna agus thoisigh sé ag bualadh na mbeitheach orm. Dheamhan a leithide d'fhudarnéis a chonnaic tú ó chuaigh tú in ord Mhuire agus a bhí ionn. Shíl mé nach bhféadfainn a chur amach chor ar bith