fátallaí (5)
                  
                    
                      +
                      
                    
                  
                  
                  
                    
                      
                    
                      
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                
              
            Is olc an fátallaí (fátallach, fáiteallach, fáiteallaí) é = duine nach mbeadh indon aon-treoir a dhéanamh; droch-sholáthraí; droch-sclábhaí
                    
                        TUILLEADH (4) ▼
                      
                    
                  
                    Is maith an fátallaí é ag bean ar bith le pósadh.  Mara bhfuil an t-airgead ar a bhois, tá sé in a chnámha.  Saothraí mór é
                    Sén fátallaí é!  Tá an bradán aige as an abhainn, agus an coinín as an tsúil ribe, gan stró ar bith.  Dar fiadh ní íosfaidh sé aon-ghreim tor, agus tá an ceart aige
                    Níl fátallaí ar bith is fhearr le cur Gaillimh ná thú fhéin bail ó Dhia ort!  Tá an aithne mhór ort, agus tá tú indon neart bladair a choinneál le lucht na siopaí.  Ní thiocfaidh tú abhaile agus do dhá láimh cho fada le chéile ar chuma ar bith = duine le dhul ar thóir tuitíní agus tobac
                    An-áit é ag fátallaí maith le dhul isteach ann (le pósadh ann).  Ach m'anam nach mór dhó a bheith in a fhátallaí mhaith.  Bheadh duine ar a mhine ghéire ann 'chuile lá sa mbliain, ach bheadh rud dhá bharr aige freisin.  Tá slí an airgid ann