Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

falach (48)

 
Tá mo chuid éadaighe millte. Dheamhan falach orm, nach bhfuil faoi chuilíní súighe. A's tréigeann a' t-éadach sin ar fad, má nightear é, ach dheamhan a' féidir lorg a' tsúighe a bhaint amach ar a mhalrait.
 
Sin é an chaint a bhí uirre muise, gur thug sí luach deich bpunt de shean-éadaigh agus de shean-bhróga do bhean an tincéara. Dhá mba duine floscuithe mise, séard adéarfainn léithe gurb í mo mháthair a choinnigh éadach uirre, nuair nach raibh falach aice le cur ar a craiceann. Ach tá na caisleáin ag tuitim agus na carn aoilíochaí ag eirí
+
folach 2
Níl falach air = níl snáth éadaigh air; tá sé nocht; tá a chuid éadaigh in a cheirteachaí agus níl falach de na seacht n-éadaigh air
TUILLEADH (35) ▼
Chuaigh sé siar agus gan falach bríste ná hata air = bhí an hata stróiche nó b'fhéidir caillte aige, agus an bríste in a liobair
Níor fhága sé falach léine orm nar stróic sé
Níl falach éadaigh orm ag na crícheannaí (crígheannaí) sin siar. Is ionta atá máithreach na ndriseachaí
Dheamhan tiomanta falach (stiall) de mo bhróga le chéile anois. Ba dona iad, agus ar tharraing siad d'airgead
Nuair a bhí an strachailt (troid) thart ní raibh falach jackéid ná léine air
Dheamhan falach beó den bhráithlín sin thuas le chéile anois
Sin é é. Ná fág falach ort féin nach mbainfidh tú dhíot, agus teirigh síos idtubán uisce bhoig agus nigh thú féin
"Bhí mise lá i Luimneach, agus tá cuimhne rí-mhaith agam; Dheamhan falach bríste a bhí síos ar mo chadairne … " (Amhrán greannmhar dar tús na línte sin)
Bhí sé gan falach (éadaigh) ó Dhia anuas air = bhí sé gan falach air ach an oiread leis an oíche ar rugadh é
Tá mé gan falach a bhaint dhíom le coicís ach ag síneadh cois na teine le doigheachaí. Mo dhiomú dóibh!
Tá mé gan falach bróige ná stoca = coisfirt ar bith
Tá sé ag imeacht agus gan falach an náire air = gan an oiread air agus a chlúdódh a ghnéas ó cheart, ach ní chiallaíonn sé, ach nach raibh aon-tsnáth éadaigh air, nó go raibh a chuid éadaigh in a ghioblachaí
Má mhaireann duit ar an macnas sin do d'ionnfairt fhéin amuigh ingarrantaí, agus is gearr nach mbeidh falach do náire ort
Ní fhaca mé aon-fhear go hiomaidh cho feidhearha leis. Níl falach an náire air, níl sin
Caith dhíot na sean-bhriocáin sin, agus gabh suas agus cuir falach an náire ort féin. 'Ar ndú ní ghabhfá i láthair daoine le na ceirteacha sin. Dheamhan cuibheas ar bith ag fanacht ionad
Níl falach mo choise de chineál ar bith coisfirt agam anois. Má siad na miotáin féin iad, níl siad agam
Bíonn sí ag imeacht annsin in a hóinseachín agus cóitín beag uirre nach bhfuil falach a tóna ann
Is deas iad mo phéire stocaí muis agus gan falach mo rúitín ionta. Céad slán don tsaol nach mbeadh duine i dtuilleamaí siopa ar bith. Ach na mná a dhéanfadh stocaí tá siad imithe
Deir sí nach féidir léithe falach a cinn de hata a fháil in áit ar bith. Tá an-bhoimbiléad de chloigeann uirre go dearfa bail agus beannú uirre!
Chuir sí amach agam í, agus dheamhan a raibh falach tóin na gloine inte. "Crois Críost orainn", adeirim féin, "ní féidir go bhfuil leathghloine fuisce san teirgéis sin?" Cén bhrí ach mo cheithre boinn a íoc uirre = níor fhaluigh an méid fuisce a cuireadh amach dó tóin na gloine
Ná cuir aon-deóir ann anois. Falach tóin na gloine ar éigin. Is annamh a ólaim tada
Dhá bhfeictheá an strionncáinín bainne a bhí ag an mbó: falach tóin an cheaintín. Sin é an méid
Teara leis anois. Falach na talúna ar éigin. Níl maith ar bith ionnfairt fheamainne a chur ar thalamh láidir mar sin. Ceobáinín beag
Cheannuigh sé seo thuas seala eile caorach inné. Tá falach na talúna aige anois, ach is furasta dhó sin: falach dhá phóicín. Feicfidh tú dlí anois déarfainn, arae foghlóidh siad siúd a bhfuil istigh ar a mbaile
Meastú a bhfuil falach na leabthan san mbráithlín sin? = an gclúdóidh sí an leabaidh
Níl falach do bhoise d'fhéar aige imbliana
Chaith mé an lá thíos san roinn siúd, agus dheamhan falach an bhoird sin d'fheamainn a bhí agam dhá barr. Bhí sí in ainm agus a bheith in a fás dhá bhliain, ach mo léan an fás!
Níl a fhios agam cén falach a chuireas sib ar an tae i gcomhnaí, le nach mbíonn sé le fáil = taisce; a chur in áit nach bhfuighthí é
Cuir falach ar an airgead sin anois, nó má fhágann tú ar shleamchúis é, is gearr go mbeidh sé árduithe leis aige siúd l'aghaidh "feaigs"
Nach bocht nach ngoidfí uait í, agus a fágáil annsin as comhair na tíre. Breá nar chuir tú falach uirre (láighe a goideadh)
M'anam nach mór dó falach thairis sin. Tá grifisc ag teacht annsin chuile oíche, agus gheobhaidís amach an rud a bheadh faoi do chúilfhiacail
Cén chiall nach gcuireann sib falach ar an rud nuair a bhíos sé agaibh, agus gan a bheith ag imeacht agus ur méar in ur mbéal agaibh nuair a theastós sé
Théis an cur i bhfalach a bhí air, ní raibh falach ar bith air in a dheidh sin = fríodh easonóir dhá chur i bhfalach, ach ní raibh aon-fhalach den rath air, arae b'fhurasta a fháil
Gabhfamuid ag déanamh falach bheag = spraoi gasúr idteach; teigheann dream i bhfalach is gach áit ar fud an tí, agus caithfidh duine nach bhfaca cén áit a ndeachaidh siad i bhfalach a bhfáil amach. Falach bhíog nó falach na gcruach nó falógaí a thugtar air, más amuigh in iothlainn nó i ngarraí a dhéantar é
Is geall le bulc gasúir sibh a bheadh ag déanamh falach na gcruach
 
Tá sé ag falach na sráide uilig le gaineamh = dá clúdú
 
dia 1
An bhfeiceann tú iad seo thíos? Ba chruadh an oíche í an oíche arú aréir le sioc, agus chodail siad annsin gan falach fútha ná tharta ach an cábáinín sin. Is iomdha duine ag Dia in a dheidh sin
 
dia 2
Baislín broghach an tSathairn atá mise a dhéanamh. Dheamhan falach léine a bhí agam a chuirfinn le mo chraiceann amáireach
 
dris
Níl aon-ghna aghad an t-aistreán sin a thabhairt ort féin. Má bheireann na driseachaí siúd ort, ní thiubharfaidh tú falach de do cheirteachaí slán as choidhchin. Má's cam díreach an ród 'sé an bóthar mór an t-aithgiorra, a mhic ó.
+
droim
Níl falach léine ar mo dhruím = tá mé nocht
TUILLEADH (3) ▼
Chonnaic mise é sin ag imeacht agus gan falach léine ar a dhruim. Is maith postamhail indiu é
Bhí an bheirt sínte síos ar dhruim na trágha agus iad dhá n-ionnfairt féin ins an ngaineamh, agus gan falach orra ach an oiread leis an oíche ar rugadh iad. Shílfeá go mba bheag an dochar dhá leithidí sin náire a bheith orra, ach dheamhan náire muis, ná cuid de náire. Is feasach dóib go maith nach n-aithneochaidh na daoine iad
Thug na Black and Tans leo é ins na lorries agus gan falach dhár dhealbh an ghrian air, ach an oiread leis an oíche ar rugadh é, agus níor chomhnuigh siad gur fhága siad ar thráigh an L. Bh. é agus an snáth feamainne in a mhullach. D'fhuagair siad annsin air eirghe agus rith. 'Séard a bhí siad a iarraidh go gcaithfidís é. Ach dheamhan a chos a rithfeadh. Rinne sé a chríonnacht ins an méid sin ar chaoi ar bith. Chroch siad leo aniar aríst é agus thug siad isteach ins an mbearraic é, agus thosuigh siad dhá lascadh le beilteannaí. Níl a fhios cé'n spídeamhlacht a thug siad dó. Tháinic sé amach as an mbearraic sin uair eicínt leis an dearg-mhaidin, agus gan aon-ribe dubh in a cheann de dhruim na h-oíche … Is mór a chonnaic é. Nachar bheag an dochar dó. Ní bheadh tuilleadh beo chor ar bith dhá dteighidís thríd an oiread sin
 
Seo é saoghal na dínáire ar chuma ar bith! Chonnaic mé cluiche gearrchaileadha óga dhá n-ionnfairt féin thíos ar an tráigh annsin thíos an lá faoi dheireadh, agus [gan] falach orra ach an oiread leis an oíche ar rugadh iad
 
Bhí mise istigh in éindigh leis dhá cheannacht. Leag fear an tsiopa anuas cheithre ghiota agus thug sé roghain duinn orra. Aon-phradhas amháin uiliog a bhí siad. Dubhairt sé go mbadh é an t-éadach buidhe ab fhearr a mbeadh caitheamh ann. Bhí sé an-chruadh, agus ní raibh aon-chosamhlacht air go dtréigfeadh sé. Ach ní raibh rud ar bith ag marbhú mo dhuine ach an ghalántacht. Cheannuigh sé an leamháinín scanruighthe donn siúd, agus an chéad mhúr báistighe a gheobhfas sé ní bheidh falach dó nach mbeidh tréigthe anuas dhá chraiceann. Mar adeireadh P. N.: tabhair a roghain do'n bhodach agus tóigfidh sé an díogha. Is cuma leis é ach an chosamhlacht a bheith ann.