Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

falamh (50+)

 
fóir
Go bhfoire Dia ort! Is mór de do cheann atá falamh! = go dtuga Dia ciall duit! Is seafóideach thú!
 
Tarraingeocha sí an carr falamh maith go leor, ach chomh luath a's chuirfeas tú ualach a' bith uirre, seasfa sí suas annsin na caidhfte, a's Goll Mac Móirne, ní bhainfeadh feannc aiste, go dtogruighe sí fhéin é (capall).
 
baile
Badh é do cheart-sa fanacht sa mbaile, a's gan cuir isteach faoi'n té a bhí falamh.
 
Níor cheart do na bealaighe sin suas a bheith falamh, gan deoir eicínt a bheith ionnta(b).
 
biorach 1
Sin í an imirt agad, mo chreach! An bhainrioghan a leigean isteach biorach, faoi fhear falamh, a's an bun a' gabhail amach.
 
bocht 1
Má tá sé falamh fhéin, nach bocht dó sin — fear nar ghnothuigh oiread a's cluithche ó shuidh sé anocht ag clár na h-imeartha.
 
Dhá mbeadh aon-bhrabach airgid orm, dheamhan baoghal a' bith go leigfinn amach falamh sib, ach cé'n neart atá agam air. 'Is cruaidhchte na clocha glasa ná na lámha fala(mha)' adeir siad = dhá mbeadh aon-phighinn le spáráil agam, nó dhá mbeadh aon-phighinn ar m'fhaghaltas, thiubhrainn rud eicínt dhaoib etc.
 
Tá'n boimbiléad sin ar a' séipéal falamh uiliog istigh ann.
 
buille
Dhá mbeadh tada ar foghnamh agamsa, ní leigfinn do shean-naoi thar mo dhorus, gan buille na speirthe a thabhairt dó, ach bhí mé fuar falamh, mar is minic liom a bheith.
 
fogha
Is furasta fogha agus easba a bhaint as fear falamh = is furasta fear falamh a mhaslú
+
folamh 1
Nach falamh ó dhaoine atá an bóthar anocht
TUILLEADH (30) ▼
Tá an láthair falamh = tá an áit falamh; níl aonduine fágha; is minic an chiall leis go bhfuil an fhoghail nó an millteanas déanta agus gan fhios cé a rinne é
"Ní gleann falamh a mbíonn an t-uisce ann" = an rud is fairsinge, is fánaí, nó is lú a mbíonn meas ag duine air go minic, b'fhéidir gur áirge mhór é
"Ní féidir le mála falamh seasamh ar a cheann" = duine a bhfuil ocras air, níl acmhainn oibre aige; duine nach bhfuil aon-teannadh ar a chúl aige, ní fhéadfaidh sé achrann a tharraint ná a bheith neamhspleách; mara bhfuil cuid is maoin agad, beidh tú in do chis ar easair ag gach duine
Na trí obair is deacra: iomra in aghaidh srotha (iomra éigin), bolg falamh in aghaidh cnoic (coiscéimeacha fada in aghaidh cnoic) agus tomhais na talúna in a dhornaí
Is deacair obair a dhéanamh ar bholg falamh
An rud is measa a rinne tú ariamh, a dhul ag ól ar bholg falamh
"Ní aithníonn súch sách bolg falamh (anshógh an ocrais)"
Is furasta cur ag (fuiliú ar) putógaí falamh"
Bhí mo lámha falamh agus céard d'fhéadfainn a dhéanamh = ní raibh aon-airgead agam
"Ní cruaichte na clocha glasa ná na lámha falamh"
"An rud is tréine ná an lán-mhara, a bheith ag iarraidh féile ar lámha falamh"; ní cruaichte na clocha glasa ná na lámha falamh! = an té nach bhfuil aon-cheo aige ní thig leis aon-cheo a thabhairt uaidh
Ní féidir le pócaí falamh a dhul in aon-áit. Tá sé fánach aca. Ní thaithníonn le duine a bheith tuatach, ná i gcomhnaí ag glacadh cuid a charaid
"Pócaí falamh bocht, buailidís bóthar; Agus gheobhaidh siad seantáin amach faoin tír" (as amhrán)
Ní féidir dhuit a bheith falamh cho luath seo. Nach arú inné a thug mé dhá onsa tobac chugad
Má theigheann tú go dtí é ní leigfidh sé uaidh falamh thú = tiúrfaidh sé airgead, beatha ól, nó pér bith céard atá uait duit
"Is mór an gar an té nach dteagann falamh"; "is mór is fiú an té nach dtige ann falamh" = nuair a bhíos duine ag dul agán a charaid ba cheart dó rud eicínt a thabhairt chuige dhá laghad é
Ní féidir dó a inín a chur amach falamh = a pósadh agus gan aon-spré a thabhairt di
Má theigheann tú fhéin isteach chuice agus cupla unsa tae a iarraidh uirre dheamhan a leigfidh sí amach falamh thú
Ba chóra dhuit fanacht as — fanacht "san mbaile" — ná cur faoi fhear falamh = níor cheart duit cárta a chur isteach faoi fhear nach raibh cúig ar bith tóighe
Ní ghabhfaidh mise i mbéal a chúig ar fhear falamh
Imrigidh lib! Tá mise falamh = níl aon-mhámh agam
"Dhá dheich agus a cúig agus Tomás a Búrc falamh" = ceathar nó cheithre chomlán ag cearrúchas; bheadh duine nó comlán amháin gan aon-chúig
Tá sibse cúig, ach tá muide falamh, agus is falamh is minicí linn a bheith
Ná tabhair an mámh anois. Mise atá roinnt, agus ní ghabhfá ag fiachadh ar fhear falamh
Fuair muid leitir ach bhí sí falamh (gan aon-airgead)
"A stóirín ó, ná tréig mé ingeall ar a bheith falamh (dólom) Agus a ghoirdeacht 's bheadh na poill mhóra ag tabhairt na mbó uainn agus dhá mbascadh … " (Cuachín Ghleanntán Éifinn)
Fear falamh é anois = níl airgead (fataí, etc.) aige
"Fear fada fuar falamh"; "nuair a bhíos fear fada bíonn sé falamh" = ní bhíonn airgead ag reanglamán, ná ní bhíonn aon-mhaith ann
Fear fada fuar falamh é. B'olc an áit a ngabhfadh bean isteach chuig an scóllachán sin
"Is furasta fogha agus easbaidh a bhaint as fear falamh" = is furasta fear gan-aon-mhaoin ná aon-airgead a mhaslú
+
folamh 2
Níl fiacha ná falamh air = tá sé glan; ní dhlíonn sé airgead d'aonduine; is fear é a bhfuil tarraint a láimhe go maith aige
TUILLEADH (4) ▼
"Níl fiacha ná falamh ar an teach sin thíos" adeir sí. "Tá sé sin cho glan leis an gcriostal." A Dhia láidir nach aice atá na floscaí! Agus nach bhfuil aonduine san tír nach bhfuil rud aige uirre
Shílfeá nachar cheart go mbeadh fiacha ná falamh air sin, agus a bhfuil de shlí airgid aige. Más mar sin atá sé sin, is diachta do dhuine ar bith eile a bheith indon aon-phínn a íoc
Bhí fiacha agus falamh orm an uair sin, agus gan pínn istigh ná amuigh agam. Is iomdha mo leithide eile a ghabhfadh agus a dhíolfadh an áit, agus glanadh leis. Ach d'fhan mé ag strapadóireacht liom. Míle buíochas le Dia, níl fear ar bith indon a rá inniu go ndlím pínn ruadh dhó
Diabhal neart aige air. Tá fiacha agus falamh air. Céard a fhéadfas a leithide a dhéanamh? An té atá saor caitheadh sé cloch. Sin é an chaoi le chuile dhuine: thíos seal agus thuas seal
 
fiú
Is mór is fiú an té nach dteagann falamh
+
Is furasta fuiliú ar phutógaí falamh = is furasta fear ocrais a bhualadh, a leagan etc.
TUILLEADH (2) ▼
Bí buíoch nar ith mise aon-ghreim ó mhaidin inniu. Marach sin, is fada amach uaimse a d'fhanfá. Ach is furasta fuiliú ar phutógaí falamh
Bhuailfeadh an madadh se'againne madadh J. gan stró ar bith, thréis go bhfuil madadh J. a dhá mhéid. Ach is furasta fuiliú ar phutógaí falamh. Dheamhan greim a fhaghas sé siúd, ach an méid a bhaineas sé as a chrága