Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

feistiú (37)

 
fuaigh
Bhí an bád feistithe i gclochar san bhfuaighe againn, agus scannraigh [muid] agus cho gárha agus a tháinig an oíche, go bhfuadóchaí orainn í
+
Cheal nach bhfuil tú feistithe fós len imeacht? = faoi réir; do chuid éadaighe ort, nó do chuid éadaigh athruithe agad etc
TUILLEADH (33) ▼
Nach hé atá feistithe amach 'un bóthair len a hata cúil agus a chuid miotóg
Is breá atá sé feistithe inniu = gléasta, cóirithe
Ná cur malrait éadaigh chor ar bith ort fhéin. Tá tú sách feistithe mar tá tú. Nach agad atá an cás faoi dhaoine?
Bíonn sé cho feistithe le duine uasal chuile lá san mbliain
Nach hí atá feistithe suas in a péacóig againn!
Deir siad go raibh a inín in Gaillimh ag damhsa, agus í feistithe in a máirnéalach = gléasta mar mháirnéalach
Feistigh an capall … Dar brí an leabhair, tá sé in am agad í a bheith feistithe agad feasta = an gléas nó na húmachaí a chur uirre
Chreidim go bhfuil an churach feistithe amach agaibh chun farraige = faoi réir le dhul chun farraige
Tá sé feistithe amach le dhul go Sasana = gach rud nach fuláir a dhéanamh le dhul go Sasana déanta aige
Tá poll fataí eile feistithe aige = críochnuithe, déanta
Bhí an leoraí feistithe len imeacht aige nuair a tháinig M. chuige ag iarraidh maircíocht'
Tá sé feistithe chun achrainn anois = deisithe nó faoi réir le dhul ag troid; stiúir achrainn air
Nach maith luath atá tú feistithe chun bréaga = réitithe amach; ag tosaí ag innsean bhréag
Ní raibh mé feistithe le dhul ag damhsa an uair a chuaigh an dream eile ar an urlár = faoi réir
Dheamhan a bhfuil muide feistithe fós muise le dhul ag cur. Níl aon-léasú againn
Bheadh na faiceannaí feistithe ag lucht na tórradh agus thosóidís ag lascadh "an Dá Cheannaí" cho luath agus a thiocfaidís isteach
Tá sé feistithe faoi chomhair an tsagairt i mbliana = tá an teach réitithe amach aige l'aghaidh na "héisteachta" ("stations")
Is teach feistithe é = gléasta; gach rud ann a theastaíos idteach
Tá párlús cho feistithe annsin agus a d'fheicfeá thoir tigh an L. = cho hornáilte; deisithe amach
Tháinig sí ag an doras ag M. le dhul ag sciollaíocht uirre, ach bhí M. feistithe roimpe = faoi réir í féin le dhul ag troid
Más ag iarraidh sáraíocht atá tú, teirigh soir chuig D. Ph. Beidh sé sin feistithe rómhat, agus is maith a chruthós tú nó tiúrfaidh sé focal ar an bhfocal dhuit
Is furasta aithinte gur dona an feistiú a thug siad uirre, nó nach n-imeodh sí = bád
"Thug sé feistiú lae agus bliana ar an mbád nar bhaol di grian dhá scoilteadh ná gaoith dhá corraí, nó go dteagadh sé féin ar ais aríst" (gnath-sheoraí sna scéalta)
Thug sí feistiú róid ar an mbád = an feisteas nó an bannaí chomhnaí a thugtar ar bháid agus ar longa amuigh ar an ród nó ar mheath iascaigh nó ar mhuráite; an t-ancoire a chaitheamh amach agus rl.; deirtear freisin le feistiú i gcaladh nó i gclochar báid, nó i gcéibh é
Tá feistiú róid ar an bpúcán annseo thiar san gcéibh
Tiúrfaidh sé feistiú róid uirre annsiúd. Fanfaidh sí ann go maidin. Is fuar an áit: amuigh ar an meath mhóir
Chuir muid feistiú róid uirre san gclochar. Is gearr go luighfidh sí
Feistithe faoi san teach seo thiar atá sé anois chuala mé = socruithe nó curha faoi
Ná tugaighí cead dó feistiú faoi thoir ar an mbaile agaibh chor ar bith nó 'ur gceann finne ní chuirfidh as é
An bhfuil a fhios agad cé a fheicim feistithe faoi thíos san ngarraí ag A. ach M. an Ch. Sclábhaí maith a mh'aisce!
Má fhaghann sé feistithe san gclúid, ní fhágfaidh sé í go maidin
Tá sé ag feistiú annsiúd anois leis an oíche a chaitheamh ann = dhá shocrú féin; ag cur goití agus cumaí air fhéin nach bhfágfaidh sé é go maidin
Má tá sé feistithe isteach chun boird, ní eireóidh sé as imirt go ceann fada
 
Séard atá sa gceann is óige cailín Domhnaigh críochnuighthe. Ní dhéanann sí faice ach dhá gléas agus dhá feistiú féin
 
díth
Díth córach agus tuaifisc fairrge a d'fhága i gcéibh an S. anocht muid. Marach sin bheadh muid ag cur éadan ar an ól anois tigh na C. agus feistiú againn ar an mbád i gCaladh an A. Ach ní raibh aon-ghoir againn a dhul ina h-aghaidh. Bhí sí ro-theann 'sa mbun sin