Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
fál

fháil (50+)

 
Ba fearadh do sheandaoine an pinsean ar chaoi ar bith. Is iomdha sean-duine a gheobhfadh anshógh agus amhgar dhá uireasa. Ach ó a thosuigh siad dhá fháil tá cion orra, deirimse leat
+
fios
Dhá dtugtaí fios mo shaoil dom, is túisce a thiúrfainn roghain ar an scéal sin a fháil amach. Tá mé ar bís go mbeidh a fhios agam céard a thug ann é, nó an ag iarraidh mná a bhí sé
TUILLEADH (1) ▼
Is beag an fhios (de fhios?) a bheadh le fáil uaidh fhéin, ach is mian leis chuile fhios a fháil = chuile eolas, chuile scéal, chuile thuairisc
 
Caithfidh an fliuchán a chuid fhéin a fháil. Deir siad nach mór deachma na sláinte a íoc = má fhaghann duine fliuchán, beidh slaghdán, tinneas cnámh etc. air
 
B'fhearr liom iarraidh go mór a fháil ar Sh. Sé an fear fobhairne é atá aige. Níl iadhadh air ach ag maoidheachtáil leis. Is maith glan a choinneós sé fhéin as chuile thromásc, pé aca sin é
+
focal
Dúirt sé liomsa go raibh sé le bróga a fháil go goirid, fiche péire nó mar sin, agus chuir mé focal ar phéire = dúirt mé leis péire a choinneáil dom, agus go gceannóinn iad nuair a gheobhadh sé iad
TUILLEADH (1) ▼
Tá sé i bhfocal agamsa le teacht ar páighe agam an tseachtain seo chugainn. Sé díol an diabhail é, má thugann sé uain d'aonduine eile. Ach tá an-sceannadh air. Ní féidir fir fánaí a fháil
 
folach 1
Ní mór dhaoib cupla folach a fháil l'aghaidh an charraigín siúd. Tá sé gealta anois, nó mara bhfuil, tá sé sách fada ag tuaradh ar chaoi ar bith.
+
Níorbh fhuláir duit sé phunta dhéag a fháil ar an dá ghamhainín sin anois le bheith íocha ionta. Nar thug tú fhéin aon-phunta dhéag orra?
TUILLEADH (1) ▼
Níorbh fhuláir don talamh múirín báistí a fháil anois. Tá sé dóite dhá uireasa
 
M'anam nach beag dom a bhfuil ag fortabháil orm cheana agus gan tusa a dhul ag cur tuilleadh orm. Cén chaoi a bhféadfainnse a bheith san áirdeall ar do chuid beithioch. Tá mo chuid fhéin ag déanamh cír tuaifill díom. Má ba leat féarach a cheannacht, bhí agad é a fháil in aice láthair: sin nó leigean dó ar fad. Bheadh bó trí lá báite nó bascha annsin thuas shul má gheobhfaí í
 
Ní iarrfadh sí aon-bhuille maitheasa a dhéanamh go héag ach cead framsáil a fháil ar bhóithrí
 
Dhá bhféadainn leath-bhróig eile a fháil anois a d'fhreagródh di sin, bheadh liom. Dheamhan poll ná puirín uirri sin. Meastú nach ndéanfadh gréasaí leath-bhróig dom?
 
An bhfeiceann tú an changailt atá ar an asal san síol féir! Dar brí an leabhair tharraing sé (cic) orm, nuair a shíl mé a dhul in a éadan! Sin é an diabhlánach! Tá sé mar bheadh cut ann ag cangailt páideóige anois. Beidh scéal agad air a bhithiúnaigh, ar feadh mise maide maith téagarach a fháil!
 
Níl focal dá fhánaí dhá n-abróchthá as do bhéal nach gcaithfeadh sé 'chuile údar a fháil faoi
 
fánaí 1
Ní féidir fir fánaí a fháil anois = fir a ghabhfadh ar páighe leat de réir an lae nó na seachtaine; ní spailpíní iad go háirid cé go dtiúrfaí ar spailpíní é; d'fhéadfadh do chomharsa bhéal dorais a bheith in a fhear fánaí agad
 
fóir
Dhéanfainn rud ar bith anois le fóiriúint a fháil ar (ó) na doigheachaí seo. Tá an fhiacail in a dhá leith. Teagann driog inte amanntaí agus shílfeá go dtóigfeadh sí an ceann díom. Tá mo chiapadh ceart fáite agam uatha
 
failic
An fhailic is fánaí a gheobhfadh bó ar an dubhlia leagfadh sé í. Nach bhfuil an duine ar an gcaoi chéanna? Níl neart aige iarraidh ar bith a fháil ar an gcamóig ara nach bhfuil sé tuithe in a phleibistín
 
faill
Fáill ar bith a gheobhfas sé tá sé in a éadan. Is dona an buachaill óg é mara bhfuil aige ach a bheith ag saimhseáil le sean-fhear. Is maith dhuit an fháill a fháil a mhic ó. Tá agad gan do leas a leigean ar cáirde anois. Déarfadh S. gan leigean don ghoradh téachtadh, agus is fear é a mbíonn breithiúnas mór in a chuid cainnte
 
faon-
Tá fíonn-oscal san doras. Ceann de na cláir atá ar bogadh. Ní mór cupla táirne a fháil agus é a dhaingniú, nó brisfidh sé ó chéile ar fad
 
Is sean-ghnás fiannach é sin san tír seo. Ach tá an aos óg ag leigean as. Níl suim ná suaiméad ag na daoine óga i rudaí mar sin. Is cuma leof é ach a sáith báire a fháil.
 
Níl a fhios ag aonduine cáide go stopa an "rationáil" seo. Beidh fiannaíocht air. Dheamhan é nó go bhfairsingighe rudaí thar cíonn aríst. Más fíor go bhfuil muinntir ná dtíreannaí amach ag fáil bháis leis an ocras … Ní cás duinn é annseo, agus greim ar bith a fháil
 
fidh
Tá fidh na ciseoige réabha ó chéile. Cén diabhal a rinne sib léithe. Caithfidh sib cupla slaitín a fháil aríst agus a snadhmadh in a chéile. Níl fad méire againn ach í
 
fogha
Coinnigh fogha beag leis an mbró sin nó go dteaga mé aríst. Caithfidh mé glac eile 'chruithneacht a fháil = arúr a choinneál caite síos innte in a ghlacannaí
 
Dhá mbeadh aon-cheo ar shúil capaill nó bó, cuirtear foghairt fúithe: bun sailí (slat shailí) a dhóghadh, agus a mheilt annsin, nó go ndéanfaí cho mion le snaoisín é; slam salainn a fháil, agus é a chruachan, agus an salann agus mionús na sailí a shuathadh go maith; cleite a fháil annsin agus an mioscán sin a chur isteach i dhá cheann an chleite; annsin é a chur faoi shúil an chapaill nó na bó leis an gcleite. Má bhíonn salachar faoin tsúil, nó scamall nó fionn nó péarla uirre, is leo sin a chuirtear foghairt in a súil
 
Cheannuigh sí cóisir bheitheach, agus níl ceó faoin saol len ithe aca anois, ach dúrúch orra ar fud an bhaile ag foghlú chuile shórt. Dheamhan a bhfuighidh sí a cuid fhéin go deó orra, ná cuid d'fháil
+
Ab shiúd é an fuireann céanna a bhí air an lá faoi dheireadh nó an fuireann eile é? 'Ar ndú' is beag a aireós sé sin fuireann a fháil uair ar bith a dtogróidh sé
TUILLEADH (3) ▼
Chuaigh sí Gaillimh inniu le fuireann a fháil (troscáin). Tá sí le "Gaeilgeóirí" a choinneál imbliana
Nuair a cailleadh an mháthair, d'árduigh an cliamhain an foireann leis ar fad. Ní raibh oiread agus priocach de láighe aige seo nuair a chuaigh sé isteach ann. Ba é an chéad-mhaith ab éigin dó a dhéanamh, a dhul agus foireann nua a fháil: céachta agus cliath fhursta agus sluaiste agus 'chaon tsórt.
Tá an sean-ghléas sin stiallta ó chéile go deimhin. Caithfear fuireann nua a fháil gan mórán achair (úmachaí capaill cairte : bríste, coiléar agus rl.)
 
Dá mbeadh sé cho folláin leis an mbradán seang, tá sé in am aige bás a fháil feasta. Nach bhfuil sé go hárd as cionn an chéid?
 
Throiscfeadh sé naoi dtráth ach cead fonnadóireacht a fháil. Bíonn sé annsin ar cuairt chuile oíche, agus ní thigeann iadhadh ar a bhéal, ach ag fonnadóireacht ó thigeas sé isteach go dteighe sé amach aríst
 
forás
Níl forás ar bith ar an saol anois ná cuid d'fhorás. 'Ar ndú' ní féidir tada a fháil
 
Is furasta leis daoine a fháil le dhul ag baint fheamainne agus dhá scaoileadh le gaoith. Má theigheann a mh'anam, beidh seisean ar thaobh an fhascadh. Dheamhan mórán foghail a dhéanfas seisean ar fheamainn = ní dhéanfaidh sé brí oibre, nó má níonn sí an obair is lú sclábhaíocht í. D'fhanfadh sé ar na bráideannaí tirme ag baint na feamainne agus thiúrfadh sé cead don dream eile iad fhéin a fhliuchadh
 
Dar mo leabhar, ní droch-fháiteallaí ar bith é. Tóróidh sé dóigh agus athdhóigh leis an rud a fháil.
 
Dheamhan greim atá an sireoir de mhadadh sin a fháil thíos aige fhéin. Caithfidh sé a dhul ag fátall in áit eicínt
 
fás 1
Ní fhéadfá aon-fhás beag droighin a fháil siar annsin dom? … Shíl mé go raibh neart aca sna caracáin
 
Tá an madadh sin an-fhíneáilte le goirid. Caithfidh sé purgóid a fháil!
 
fabht
Tá sé ag cinnt ar na dochtúir an fabht a fháil, má tá fabht ar bith air. Seo é an tríomhadh huair ar fhoscail siad air. Tá sé mar bheadh sean-tiúb "bicycle" faoin a lámha
+
Tá an áit sin fada fairsing aca anois len a ndóthain len ithe a fháil ann = an-fhairsing
TUILLEADH (1) ▼
Shílfeá go raibh an tír fada fairsing aige le bean a fháil, seachas a dhul ag posadh a cholcúigear
+
feadh
Cuirfidh mé tosaí orra (ar bhróga), feadh's mé leathar a fháil
TUILLEADH (3) ▼
Ní ghabhfaidh sé i mbradaíl aríst feadh T. greim a fháil air (feadh T. ag fáil greim air)
Ní chorródh sé amach go deó i gcíonn a chuid oibre, ar feadh leabhar ná páipéar a fháil in a láimh
Bhí sé an-tsaghdha in aghaidh an "Ghovernment". Ach ar feadh agus an pinsean a fháil, mise i mbannaí nar chuala aonduine mórán fuasaoid' aige ó shoin
+
fiach 1
Cheannuigh sé an mótar sin le dhul ag saothrú leis, ach diabhal saothrú atá sé a fháil. Nuair a fháitear an chú 'ar ndú' ní fháitear an fiach
TUILLEADH (1) ▼
Níl slí ó Dhia againn anois ach fiach na haonchon: na deich scilleacha pinsean sin atá an tsean-bhean a fháil. Ach is gearr le dhul é sin ar thriúr
+
fiú
An rud nach fiú a iarraidh, ní fiú a fháil
TUILLEADH (2) ▼
Breá nach n-iarrann tú air é? An rud nach fiú a iarraidh ní [fiú] a fháil
Ní fiú é a fháil