Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

fiodarinnce (6)

+
Tá gasúir an tí seo imithe ag fuiléimneach agus ag fiodarinnce thíos i mbéal an bhóithrín. Ba cheart a mbacadh. Áit chontúirteach é sin i bhfad uainn an anachain! = cuirtear "fuiléimneach" agus "fiodarinnce" le chéile
TUILLEADH (2) ▼
Thosaigh an capall ag fuiléimneach agus ag fiodarinnce ar fud an gharraí cho luath agus a chuir mé isteach an bhearna í. Dheamhan a leithide de mhacnas! Shílfeá nach bhfaca sí an áit amuigh cheana le mí. Neart díomhaontais!
Bíonn luchain bheaga ag fuiléimneach agus ag fiodarinnce ar fud an urláir annsin ar feadh na hoíche. Dheamhan a leithide de rí-rá a chuala tú ariamh agus a bhíos aca! Airíonn siad nach bhfuil aon-chat annseo
+
Bhuail mé mo lorga faoi chois an bhoird, agus chaith mé an lá ag fiodarinnce ar fud an urláir, ler chuir sí de phian orm
TUILLEADH (2) ▼
Spréach sé nuair a chaith an ceann eile an chaint sin, agus thosaigh sé ag fiodarinnce ar fud an sráide. "Dhá mbeadh an glamaire agamsa annseo", adeireadh sé, "chuirfinnse riocht air nach ndéarfadh sé é aríst"
Nuair a chinn air an "bicycle" a dheasú, chaith sé anuas é, agus d'áitigh sé ag fiodarinnce in a mhullach. Dheamhan spóca ag gabhail leis nach ndearna sé mionúch dhó (dhe)