Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

frogh (24)

 
beann
Tá’n cruach mhóna go frogh na binne.
 
aer
An t-aer dearg thiar, gealach a's grian; An t-aer dearg ó thuaidh, bainne ag na bua(ibh); An t-aer dearg ó dheas, mil ag gach meach (beach); An t-aer dearg thoir, sneachta go frogh (Ceathramha faidhligheachta ar an aimsir).
+
fraigh
Tá sé déanta (balla) ó fhuth go frogh (fc. futh)
TUILLEADH (21) ▼
Tá sé go frogh aige = balla tí
Cuirfidh seachtain eile go frogh é. Má bhíonn an uair cóiriúil l'aghaidh saoirsinne tiúrfaidh sé cúnamh maith air ar chaoi ar bith
Níl aon-bhaol air a bheith go frogh fós leis an mballa, an bhfuil? M'anam nach gan easonóir balla a dhéanamh
Cuirfidh cupla cúrsa eile go frogh é. Ní bheadh stró ar bith orainn ach nach bhfuil aon-chloch cuir againn
Beidh sneachta go frogh amáireach. Go deimhin is furasta a aithinte air é. Tá sé ag tolgadh le seachtain. Bhainfeadh scráib an fuacht as an uair
Arú anuiridh a chaith sé an sneachta. Bhí sé go frogh
"An t-aer dearg thoir sneachta go frogh" = tuar sneachta
An ngabhfaidh tú le frogh (le balla). Nó b'fhéidir go mb'fhearr leat ar colbh. Tá an dá chrann ar do bhois anois. Déan do rogha rud
Bhí mé féin le frogh, agus marar shaothruigh mise an oíche ag an mbeirt a bhí taobh thíos díom (san leabaidh) castar liom é
"Scraiste i lár leabthan agus cúl carrach le frogh"; "scraiste i lár leabthan agus bogán le balla"
Scaoil sé le frogh é = de bharr aille san bhfarraige
Chuaigh sé ro-cheacharach ar bharr na haille agus thuit sé le frogh
Tabhair síos aríst é agus scaoil amach le frogh é. Ní éadáil ar bith é, ní hea sin
Bhí mé caite amach annsiúd le frogh ach dhá mbeinn ann go deo, ní bhfuighinn aon-phriocadh ná cuid de phriocadh. Níl aon-ádh éisc orm cheapfainn
Tá frogh bhreá ar an gcruach mhóna sin: gníomh breá
Tá frogh an phortaigh siúd seacht dtroighthe. Nach bhfuil cúig báirr bainte ann?
Seas istigh in aghaidh frogh an phortaigh nó go bhfeice mé cá'id suas leat a ghabhfas sé
Tá frogh mhór de sean-chaonach ar an mballa siúd. Tá sé foirghe ar fad
Ní fhéadfá a dhul isteach go dtí béal na brocaí dhá bhfaightheá Éire bronnta ort. Tá frogh dhriseachaí ar an aill, agus níor mhór dhuit seachtain dhá mbaint di. Nach maith a bhí a fhios aige (sionnach) cá ngabhfadh sé "ar fascadh"
Deir siad má fhásann frogh eibhinn ar bhalla tí go réabann sé an balla ó chéile leis an aimsir
An bhfeiceann tú an chloich mhóir sin thoir a bhfuil frogh eibhinn uirre? Deir siad go raibh teach nó bothán eicínt ag sagart fúithe sin san drochshaol