→
dona
is measa (50+)
→
faitíos
Is mó faitíos mise roimh an ngála ná roimh an toirneach. Ach chreidim gur measa í an toirneach go sábhála Dia sinn. M'anam go bhfuil an gála féin domáisteach go leór
+
Níl aon-mhaith dhuitse a bheith ag caint ar sraith. Is measa an aimsir anois ná fadó. Nach bhfeiceann tú chuile bliain dhá bhfuil ag teacht go bhfuil sí ag baint fearasbár dhá chéile
TUILLEADH (1) ▼
Ní bheadh a fhios agad cé is fhearr ná is measa den bhrotuinn sin. Gach uile dhuine aca ag baint fearasbár dhá chéile. Agus 'ar ndó' cár fhága tú an t-athair!
+
→
feadhain
Sé T. an té is measa liom ar an bhfeáin aca. Sé agus dhá mbeadh an oiread eile ann. Tá an croí mór aige. Dheamhan fear ariamh a rug ar scilling is lú scruball inte ná é
TUILLEADH (1) ▼
Níl "stripe" ar an bhfeáin aca is measa ná mo "stripe-sa". Is gearr go mbeidh a bhfuil de phortaigh inte ídithe. Deich mbliana eile ar a mhéid agus deir tusa in a dhiaidh [sin] gur roinneadh an sliabh seo díreach! = ar an méid, nó an uimhir stripeannaí atá ann. Deirtear "féinn" freisin go háirid más daoine atá i gceist
→
focal
Focla do charaid agus claidheamh do námhaid, an dá rud is measa ar bith duit = cuireann caint do charaid amú thú; beidh sé ag borradh leat nó ag tabhairt moladh dhuit nach bhfuil tuillte agad, agus cuirfidh sé de do threóir thú
→
freagair
Iarr leat a mhic ó! Tuige nach n-iarrfá! Is féar tirm duit fhéin sin. Den tsonas an achainí, adeir siad, ach den donas a bheith dhá freagairt. Sé an scéal is measa nach bhfuil mé indon a freagairt sílim
→
fága
Níl call faitíos ar bith dhuit roimh na fágaí sin. Tá siad an-bhog. Ní shin iad is measa a mh'anam
→
fálach
Breathnuigh amach faitíos na fálach thuas. Tá an cneamhaire d'asal sin, agus a cheann síos thar chlaidhe gharraí T. Mh. aige ar feadh an lae. Má theigheann sé in a chuid síol féir siúd, is measa duit é a tharraint ort ná an t-Ábhairseoir
+
→
féar
Dhá dhonacht dhá bhfuil an bháisteach seo ag féar atá ar sraith is measa go fada é ag an bhféar atá ar a chois. An féar atá "in a luighe" lobhfaidh amlú anois é. Tá sé buille deireannach san mbliain
TUILLEADH (1) ▼
Sin é an slíomadóir is measa a shiúil talamh ná féar
→
carn
'San am a dtagann an uair bhreagh, 'seadh is measa a bhím. Ní bhím cárnuighthe chor a' bith ar aimsir sheaca ná ar chruadhas. Ach saothruighim é i gcomhnuidhe an tráth seo 'bhliadhain.
→
cobha
Níl áit ar bith is measa ag an gcabh sin ná dubhrabhán fliuch a d'fhágfaidhe scathamh maith bán.
Leabharsa is olc an uair ag cur í. Tá sí ro-choimhightheach. 'Bhfeiceann tú dasachaí (gasachaí) réabtha as a lúdrachaí ag an ropadh seo? Mara n-eirighe sé as a' mbáisti(gh) is gearr gur dubhachan a fheicfeas tú amuigh as éadan. Ach mar sin fhéin, ní hé an gairbhshion seo is measa aige. Ba mheasa go mór uair mharbhánta, mhoirteamhail.
→
colg
Deirimse leatsa, má thagann colg ar a' mbruithteachán sin leat, gur deacair é 'mhíniú síos aríst. Dheamhan fear is measa ná é sin a casfaidhe leat in do shiubhal ionnsuidhe.
→
comaoin
Gabhfa mo stór, an ród seo imbáireach; Beidh cnaipí airgid ar rustaí a lámha; Is measa leis mise ná 'dtiocfa a's ná 'dtáinic; Badh chumaoin dó, mar bheidhinn leis amhla. (As "Thug mé grádh dhuit a's mé beag bídeach")
Dhá dhonacht é an té 'ólfas i gcoimhfhios é, is seacht measa an té a ólfas ingan-fhios, 'druncaera' ceart é sin.
→
baile
Ní áirge mhór muise, d'aon-bhaile mór é siúd. Múinfe sé brainnsí bligeáirdeachta do na 'bligeáirds' is measa ann.
+
→
bealach
Is fadó an lá a scaoilfinnse bealach léithe in a rogha áit, ach is measa leis a' tsean-bhean í, ná gealacán a súl, a's ní mian léithe cead a' bhealaigh a thabhairt di chor a' bith.
TUILLEADH (2) ▼
Ní hé is measa chor a' bith ach sibse, nach gcoinnigheann as a bhealach.
'Sé an rud is measa a rinne athair ná máthair ariamh a mbealach fhéin a thabhairt do ghasúir. Ar chuala tú ariamh é: 'a chomhairle fhéin do mhac Anna, a's ní bhfuair sé ariamh, níos measa'.
+
→
beanna
'Sé'n pas is measa é a raibh mé ariamh, ach thug mé mo bheanna liom as, in a dhiaidh sin = droch áit nó droch-thromfhásc a gcasfaí duine.
TUILLEADH (1) ▼
Tá na fir in a dhiaidh, ach ó dhonacht iad is measa dhó na mná. Má thugann sé a bheanna ó na mná, is fear é a bhfuil buadhannuigheacht aige.
+
→
coraice
Is measa é ná coruice dhubh an gheimhridh le fearthainn a's gairbhshion. Nach a' séideadh báistighe atá sé le coigcigthis i mbéal a chéile!
TUILLEADH (1) ▼
Seo í coruice dhubh na bliadhna, ach is measa Mí na bhFaoillí mar sin fhéin. 'Mí na bhFaoillí a mharbhuighea(nn)s na caoirigh'. Badh mhinic adeireadh M. Th. fadó é, 'ndéana Dia grásta air.
Breagh nar scaoil tú an craobh mhúirín sin thart, a's gan a dhul i gcleitheamhnas thú fhéin a fhliuchadh. Diabhal rud a bhuail ariamh thú is measa ná slaghdán samhraidh. Fhobair gur fhága sé sínte mise annseo an bhliadhain cheana.
→
cuilín
D'eile cá'r nigh sí iad ach sa tobar. Nach bhfaca mé na cuilíní gallaoireach air nuair a chuaidh mé amach ag iarraidh an aistir uisce sin! Is beag a' dochar di náire a bheith uirre feasta choidhchin gan fios a gna(ithe) a bheith aice fhairis sin, ach ní hí is measa ach sibse a leig amach í.
'Sé a leithide sin de chimleachán is measa a bheadh. Cuirfe mise geall leat gur beag a' chailicéaracht ná'n ghaisce a chuala tú ariamh ag an bhfear maith.
'Sé'n chaoi is measa a raibh lóistéara ariamh le na mná sin, gan a bheith sáthach cunntasach leo(b). Má leigeann siad pighinn a' bith leat, is mian leo(b) a thrí oiread a bhaint dhíot aríst ar bhealach eicínt eile. Má fhaghann siad sin leigean a' bith ort, cuimleocha siad sop na geirthe dhíot feicfe tú fhéin air.
+
→
beo 1
Má tá amhlóir a' bith beo, is measa ná é, is truagh do'n áit a bhfuil sé ann.
TUILLEADH (2) ▼
Níl aon-sclaibéara beo, is measa ná é.
Siúd é nach bhfágfadh aon-iall bheo ionnad, dhá mbeadh a' taghd cheart air. Is measa é na ubhall na h-aithne.
→
bior
Nach agad atá do cheann ar bior, fharrus aonduine. Is measa dhom thú, ná a bhfuil eile sa teach = nach tú atá corr-mhéineamhail, fharrus an chuid eile de na páistí. Is mó an t-anró a fhaghaim uait, ná ó'n gcuid eile ar fad.
→
bocht 1
Má tá sé beo, bocht, nach dhó fhéin is measa sin. Air fhéin, an duine bocht, atá a lear, a's ní orainne.
→
bolstaic
Tá bollstaic de ghamhain annsin thuas agham, a's sé is measa dhá bhfaca tú in do shaoghal ariamh.
→
brabach
Do dhúbhshlán, fagh aon-bhrabach air siúd, ní bhfaigheadh ná cut bradach. 'Sé'n cnuastóir is measa é, dhá'r shiubhail talamh ná féar.
→
breacán
Is measa a chuid briocáin a chuir faoi réir dhó, 'chuile Dhomhnach, ná dhá mbadh 'dul amach dhá phósadh a bheadh sé.
→
adhartha
Dhá adhartha dhá bhfuil a' bhean, is measa aríst Seán. Fear a' bith a shanntuigh an sean-'mhótar' sin thiar ag G. a cheannacht, ná bac leis! A's nach fiú bonn a's leithphighinn an tsean-chabhail sin, atá ann ó'n dílinn.
→
agair
Ar chuala tú an chaoi ar ágru(igh) Dia ar bhean a' leanna fadó é, nuair nach dtugadh sí an tomhas (tus) ceart uaithe — níl peacadh 'bith is measa ná peacadh an tomhais. (Sean-scéal atá i gceist annsin. Casadh bean d'fhear agus é siubhal ar an sliabh. Bhí ceaig dhá iomchur aice, agus thairg mo dhuine é thabhairt scathamh di. Dubhairt sí leis nach mbeadh aon ghoir aige, feannc a bhaint as, ar a' talamh; go raibh na mílte galún ann a bhain sí amach le éagcóir ar feadh a saoghail, agus go gcaithfeadh sí iad 'iomchur nó go mbeadh a peirfhiachaí dhi aice)
Deir siad nach bhfuil beithidheach is measa duit bualadh fút 'san oidhche ná'n broc, ní scarfa sé le na ghreím, go n-airighe sé an cnáimh a' pléascadh.
→
buail
Níl uair a' bith is measa sinneán ar a' bhfairrge, ná le linn cailm' shamhraidh. Dhá mbuaileadh ceann de na cuaibhtheachaí sin bád ar aimsir mharbhthánta, bhí a cnaipe déanta deirimse leat.
Tá sé bagarthach go leor, ach nuair a theigheann sé ar an scian is géire ina dhiaidh sin, níl sé buailteach. Is measa a ghlam ná a fhiacail.
→
ainm
Ní hé is measa, ach a' dream, a chuir 'ainm faoi'n tír = is measa an dream a chuir mí-chliú air, ná é fhéin.