lasta (17)
→
froigisí
Ach cén sórt fruigisí atá sé [seo] thíos a chur ar an teach? … Rud l'aghaidh solais a thabhairt isteach ann! An n-éistfidh tú liom! Solas mar atá sna tithe i nGaillimh, nach bhfuil ort ach cnaipe a chasadh agus beidh sé lasta! Muise muise! San saol a tháinig sé! Agus nach raibh aige go dtí an bhliain cheana ach fáideógaí agus cam! Tá na caisleáin ag tuitim agus na carnaoilíochaí ag eirí inDomhnach!
Is beag a' dochar dhom a bheith thíos sa talamh fhéin, ag iarraidh a bheith a' bruitheachán leis a' mbodhránach móna sin. Dhá gcuirtheá síos í, ar eirighe dhuit ar maidin, dheamhan a' mó, ná lasta a bheadh sí trathnóna.
→
imeacht
Bhí muca lasta indiu, agus imtheacht [orra] dhá réir = bhí price maith orru, agus bhí glaodhach orra freisin.
→
iontas
+
→
las
Tá sé lasta suas.
TUILLEADH (4) ▼
Sí atá breagh lasta, dearg ag breathnú (le follántas)
Bhí siad lasta chuig a chéile — iad feargach le chéile agus gothadh troda orra.
Tá na laindéir lasta aige = sgéin in a shúile, fearacht a's dá mbeadh buile air.
Bhí beithidhigh lasta ar an aonach indiu = iad daor, glaodhach agus ceannacht orra.
→
frigh
Ní bheidh sé ann ingan fhios dó siúd mo léan! D'fheicfeadh sé an fhríd fhéin ar dhruim na muice duibhe. Deirimse leat go bhfuil na Laindéir Lasta aige sin
Níl deireadh caithte aige ná baoghal air fós. 'Bhfeiceann tú cho lasta agus atá an spéir = sioc
Ní deirgeadas ceart é sin atá in a ceannaghaidh. Ní fhéadfadh duine ar bith a bheith cho lasta sin, marach go bhfuil sí dhá dathú féin
→
deis
Tá deis lasta ag J. Sórt boiscín beag é agus níl ort ach do mhéir a chuimilt air, agus tiocfaidh lasair air. An-deis é le píopa nó "feaig" a dheargadh
→
droim
Sin beochan gaoithe a tháinic de dhruim seaca. Chonnaic mé cluiche de na géabha fiádháine ag dul ó dheas anocht, agus tá an spéir an-lasta. Ní bheadh lá iongantais orm dhá gcaitheadh sé stráicín shneachta féin. Tháinig an-fhuacht ann ó thús oíche
Dar príosta muise, bhí beithidhigh lasta dháiríre má chuaidh an bhudóigín dhruimfhionnach h-ocht nóta. 'Ar ndú' ní raibh tógáil ar bith uirre. Dheamhan lán do ghlaice a bhí innte.
→
dóiteán
Tá an-dóighteán amach annsin in áit eicínt. Tá an spéir uilig lasta aige. Meastú nach loscadh sléibhe é. Má 'seadh níl sé le feiceál