Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

liagán (5)

 
Go dtuga Dia ciall duit! Badh gearr le dhul do phúcán ar na fairrgí coimhightheacha atá as seo go Meriocá. Aon-liagán amháin aca(b) siúd, a's beireadh sé ar do phúcán, chuirfeadh sí go tóin puill í, mar d'fheicfeá sliogán (Fairrgí coimhigheacha = fairrgí cithbhéalta, nó an tseiscinn mhór. Bíonn fairrgí scréachta mar sin go h-iondamhail, i bhfad ó chladach).
 
Rug sé ar liagán cloiche, a's rinne sé cithréabachaí de'n chliabhán éanachaí léithe. M'anam nach hé an cliabhán éanachaí a gheobhfadh í, ach mise, dhá mbeadh aon-fháill aige orm.
 
dreach
Bail ó Dhia ort! Dreach ar an bhfairrge indiu! 'Bhfeiceann tú cho coipthe agus atá sí. Tá liagáin fairrgí cháithte ag briseadh ar Mhulán an D. É. Ná bac le lá ar bith a bhfeicfidh tú ins an meath sin í (an fhairrge). Ní lá é atá in aruidheacht a dhul 'un fairrge ar chaoi ar bith, má tá aon-tsuím in do shaoghal agad. Tá sé ceart go leor ag currachthóirí na T. B. atá taithighthe ar fhairrge mhóir. Ach u (ar) leithidí se'aghainne — aineoluidhthe. 'Ar ndú, ní currachthóirí atá ins an tír seo.
 
díol 2
Ní díon trócaire go dtí an té a chaithfeas a dhul amach imbéal na ngunnaí sin agus iad ag loscadh; agus ag broimseáil. A Dhia láidir nach suarach an éadáil eirghe as do chodladh ar maidin agus na liagáin (na "shells") sin ag dul faoi'n smut agad. B'fhearr liom aon-lá amháin a dhéanamh dhíom in éindigh!
 
D'eirigh sé as an ropaireacht annsin agus chuaidh sé ar chaitheamh na gcloch. D'eirigh Dia le S. nachar dhonuigh sé é. Chuaidh cupla liagán réasúnta amach leis an gcluais aige = thosuigh sé ag caitheamh cloch; d'áitigh air ag caitheamh cloch