náire (50+)
→
fios
Fuair tú amach muise cé aige a mbeadh fios a labharha. Ab é an gráiscín sin? Náireódh sé thú, dhá mbeadh aon-duine ann a mbeadh cás ar bith agad faoi. Meastú céard adúirt sé an lá cheana agus N. R. annseo … ? Ní thiúrfainn deóir fhola le náire
→
focal
Bhí a fhios agam go maith ar an gcaoi ar las sí suas gur sciorradh uaithe a rinne an focal. Ní thiúrfadh sí deoir fhola le náire. D'imigh an chaint uaithe uaidh sin amach
Eirigí as an bhfreagraíocht treasna seo. Is mór an náire sib = beirt ag breith brabach ar a chéile i gcaint agus iad greamannach le chéile; nó na cineál freagraí a thiúrfadh sean-pháiste mí-mhúinte ort
→
fáinne
Bhí sí sin in a beitheach cho tóighe agus d'fheicfeá in do shiúl ionsaí nuair a cheannuigh sé in a gamhain í, ach chuirfeá amach i bhfáinne anois í. Níl bior eanga uirre. Is beag an dochar di: cuibhrithe sna breaclachaí siúd ó a tháinig an geimhreadh agus gan aon-ghabhail a chaitheamh ariamh aice. Go deimhin ba chóir dhó náire a bheith air, amhgar a thabhairt do bheitheach ar bith mar siúd
→
fóir
Nach beag an dochar duit náire a bheith ort a theacht ag iarratas ormsa. Ní raibh aon-fhear fóirínte agam fhéin ariamh, ach cead agam a raibh agam a bhaint as allas mo chnámh. D'fhéad tusa an cleas céanna a dhéanamh ach, bhí an iomarca den spreallaireacht ag siúl leat
Is iomdha fear maith a mb'éigean dó seal a chaitheamh ar a chaomhamhaint. Ní fáth náire ar bith é sin, mara mbí coir thútach déanta agad.
→
ceal 1
Ní cheal a shaothruighthe atá ort-sa, a dhuine bhoicht, mara bhfagha tú braon óil. Shílfeá nach leigfeadh an náire dhuit a bheith ag imtheacht a' súdaireacht a's a' sclaibéaracht mar tá tú. Tá do cháil faoi'n tír.
Cá'ide eile a bheidheas tú ar a' gcipiléaracht seo. Cuir crudh 'na thosach, a's bíodh sé críochnuighthe trathnóna ambáireach ar 'fhad. Shílfeá go mbadh chóra dhuit náire 'bheith ort, a's an t-achar atá tú in ainm's a bheith in' éadan, a's gan déanamh ná leath-dhéanamh fós air.
→
claibín
Is mór a' náire dhuit é, 'bheith in do chlaibín muilinn mar sin, a's a liachtaighe duine is sine ná thú fhéin ag éisteacht leat, a's a' magadh fút.
→
comaoin
Well ní ag amhdú an uilc é, ach má thagann an t-ógánach sin in mo línn-sa aríst go bráth, diabhal mise ann go leagfa mé air. Ba bheag an náire a bhí air, a's a ndearna mé de chumaoin dó, narbh fhiú leis a thoidheacht chuig sochraide m'athar.
Is beag a' dóchar dhuit náire a bheith ort, do léine uileag a bheith in a cithréabachaí agad, a's a dhaoireacht a's tá léinteachaí le na gceannacht.
+
→
bealach
Ná bíodh cás ná náire ort bonn a chur mara mbí eolus a' bhealaigh agad.
TUILLEADH (1) ▼
Is mór an náire do'n mháighistir é, nar scaoil bealach lib fadó, fharra's sib a bheith stiúctha leis an ocras an tráth seo 'ló.
+
→
críoch
Shílfeá go mbeadh náire air é fhéin a thabhairt le teasbánadh as comhair duine ar bith, th'éis bean a chur ó chrích.
TUILLEADH (1) ▼
Dhá ba aonduine eile a chuirfeadh bean ó chrích mar sin, d'imtheochad sé indiaidh a chinn roimhe, a's dheamhan a chos a thaobhóchadh an baile go deo aríst. Ach dheamhan a dhath náire ar siúd.
→
cuilín
D'eile cá'r nigh sí iad ach sa tobar. Nach bhfaca mé na cuilíní gallaoireach air nuair a chuaidh mé amach ag iarraidh an aistir uisce sin! Is beag a' dochar di náire a bheith uirre feasta choidhchin gan fios a gna(ithe) a bheith aice fhairis sin, ach ní hí is measa ach sibse a leig amach í.
→
cúl
Seadh, dhéanfá go maith ar chúla téarmaí é, ach tá náire ort é dhéanamh i gcoimhfhios. Is mór an uais do leithide.
→
bocht 1
Is beag an náire a bhí air, a dhul a' bualadh an duine bhoicht sin (b'fhéidir nach duine daidhbhir a bhí ann chor a' bith, ach duine ar leag Dia láimh air, nó bhí sean, craithte nó éalannach, nó a raibh an saoghal a' gabhail dá mhaidí air).
→
bocht 2
Tá an náire caillte aige, a's ó theighea(nn)s bocht go nocht, teigheann sé go gabhail éadain ('un dreabhláis atá i gceist annseo).
Shílfeá nach leigfeadh an náire dhá mháthair é 'leigean amach taobh le na sean-bhriollachaí údan atá air.
Shílfeá go mbeadh náire ar bhean a' bith béiceadán a dhéanamh dhi fhéin ar a' gcaoi sin, le ól. Bíonn caith(eamh) a's cáineadh ar na fir, ach dheamhan leath-milleáin le tabhairt dóib, a's na mná fhéin ar a' gceird sin.
+
→
buail
Bhuail sé siar de mhaol a mhainge, go dtí an sagart gur innis sé dhó é. Nach beag a' náire a bhí air. Is mór adéarfaidhe le bean dhá ndeanadh sí é!
TUILLEADH (1) ▼
Bhuail lán mo chruite de náire mé, nuair ba léar dhom, céard a bhí déanta agam.
+
→
ainm
Is mór a' náire dhuit é, a' tabhairt ainm dé gan fáth.
TUILLEADH (3) ▼
Is mór a' t-ughdar náire dhi, an cailín beag a bhaint as a h-ainm.
Nach hé an náire bhruithte é, go bhfuil cead aige 'chuile dhuine a bhaint as 'ainm agus gan lá araoid' dhá chuir air.
Is beag an náire uirre a dhul a' baint duine 'bith as 'ainm.
Is mór, mór an náire dhuit é, nach mbíonn aireachas agad thairis sin, ar do chuid gamhna, agus gan cead scuir a thabhairt dóib ar fud na tíre = is mór an náire dhuit é, nach mbíonn áirdeall agad ar do chuid gamhna, agus gan iad a bheith imthighthe ar a gcomhairle fhéin ar fud na tíre.
→
amuigh
Is beag a' dochar dhuit náire bheith ort, má tá an méid sin airgid amuigh agad ó mhaidin indiu, agus gan tada agad dhá bharr.
Is beag a' dochar duit náire bheith ort agus an fhad's atá bainte amach leis an uailín móna sin agad.
→
leasainm
Sciorr a' leas-ainm uaim, agus ní raibh an oiread de náire ariamh orm = thug sé an leas-ainm air, agus níor chuimhnigh sé air fhéin, gur dhubhairt sé é etc.
+
→
anam
Tá fhios ag mo chroidhe a's ag m'anam, gur beag an náire atá oraí(bh), má's sib a rinne sceannach de'n arán mar sin.
TUILLEADH (1) ▼
T'anam cascartha ag a' diabhal — croisim aríst tú! — nach beag an náire atá ort a bheith ar a' gcainnt sin!
Is beag an náire an t-an-tlachán = níl aon-náire air a' cnuasach nó a' cur maoine idtoll a chéile.
→
anó
Is mór an náire dhuit an-shógh a dheanamh ort fhéin mar sin, nach gcuirfeadh léine ghlan ort féin.
→
failic
Fuair tú dhá onsa tobac Dé hAoine, agus is duit is mó náire, má tá siad caite agad. Ní fhaca mé aon duine ariamh is mó failic ar thobac ná thú. Dheamhan caint ar bith agad cá bhfuighfear a luach
→
fiacha
Dhá mbeadh fiacha mar sin ar dhaoine eile, dheamhan an leigfeadh an náire dhóibh a gceann a chur in aon-áit. Ach dheamhan a dhath cáis air siúd. Bladaire maith é. Ó, deir siad é, go dtugann an fear sleamhain fiacha leis.
→
fiolla
Suidhfidh sé i mbun T. Déanfaidh sé fiola dhó (dhe) mara ndíbrighe sé uaidh é. Deir siad gurb é an cheird a bhí orra thíos ann an oíche cheana, ag caitheamh na teine suas ar fud an tí. Dheamhan a gcomhnóidh siad go gcuire siad an teach thrí lasadh air. Is dóibh is mó náire a bheith ag siocadh le sean-fhear bocht mar sin
+
→
Fionn 1
An rud ba mhó a chuir náire ar Fhionn ariamh go mbeadh rud (beatha) in a bhéal agus gan é a bheith in a láimh = dhá dteagadh duine isteach ort le linn do bhéilí, agus gan aon-arán a bheith bruite agad ach rud nacharbh fhiú leat a chur in a fhiainis, nó dhá mbeadh an fheóil bearnuithe agad nó a leithide
TUILLEADH (1) ▼
Ní cheideónainn ar chuid mhaith é. Dheamhan ceó feóla bruite ach a bhfeiceann tú, agus is mór liom a dhul ag cur duine ar bith taobh leis an mbeagán. Mo bholg fhéin is cionntaí. An rud is mó a chuir náire ar Fhionn beatha a bheith in a bhéal agus gan í a bheith in a láimh. Tá an láimh chumhang agamsa anocht ar chaoi ar bith
+
→
fiuch
Bhí a éadan ag fiuchadh le náire = é lasta
TUILLEADH (1) ▼
B'fhurasta aithinte air agus an lasair a bhí ann gur ag fiuchadh le náire a bhí sé
→
fiúntas
Dheamhan cuid an fhiuntais fhéin a bhí agam. Ní thiúrfainn deóir fhola le náire. Cén bhrí ach go raibh daoine ann a raibh beann agam orra
→
fogha
Nach beag an náire ort a bheith ag baint fogha agus easba as chuile dhuine ar an gceird sin. B'fhéidir nach bhfuil duine ar bith ar fusa fogha agus easba a bhaint as ná thú fhéin. Diabhal mé muise nuair a roinneadh an slacht nach bhfuair tusa thar do chuid de! Ar chuala tú ariamh é ní maith an tsamhail a theigheas i bhfad
→
fonn
Croch suas stéibh fuínn. Maith' fear! 'Ar ndú' ní náire atá ort. Bí cho teann annseo agus a bheitheá agad fhéin
→
fruisín
Mara mbeidh sib isteach annseo ag an bpáidrín anocht, gheobhaidh sib froisín maith ón bhur n-athair. Is beag an dochar daoibh náire a bheith oraibh dhá gcailleadh féin ar bhóithrí ó oíche go maidin