Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

poitín (50+)

 
fios
Bhíodh poitín dhá dhéanamh inganfhios agus i gcoimhfhios an tráth sin = faoi rún agus as coinne chuile dhuine
 
fliuch 1
Níl fliuchadh do bhéil de phoitín ar thamhnachaí anois
 
focal
Tá focal agamsa ar bhuidéal poitín i mBaile na C. le dhá mhí agus ní bhfuair mé fós é
 
Ní fhéadfaí gan breith air. Nach raibh sé dhá dhíol ro-fhollasach! An fear nach bhfaca sé ariamh thiúrfadh sé buidéal poitín dó cho maith leis an té a mbeadh sé in a dhá chuid déag leis
 
D'fhága an misinéara i gcionn an phoitín san gcúilteach é an lá sin. Thar éis an Aifrinn thug siad amach é, nó gur chur siad thrí lasadh é. Ach bhí mo dhuine ar meisce lár na mháireach. Nuair a fiafraíodh dhe cá bhfuair sé é, séard adúirt sé: "an Té a chruthaigh Neamh agus talamh níor fhága sé é fhéin ar deireadh." Ba shin é an fear agad le fágáil i gcionn poitín!
 
Seo é an saoghal a bhfuil a' channdáil ar a bpoitín, dheamhan deor a shroichfeadh duit, mara mbeadh sé i bhfocal agad mí roimh an am.
+
ceal 1
Ní bhíonn déanamh bith 'cheal poitín aige, ó eireochas a' bhlas leis chor a' bith. Tá sé chomh dúlaidhe ann, a's go gcuirfeadh sé an léine a bheadh ar a chraiceann ingeall le na luach a dheanamh amach.
TUILLEADH (1) ▼
Mara bhfuair siad poitín ní cheal a shaothruighthe é. Dheamhan teach a d'fhága siad 'sa dá Bh. nár shiubhal siad = chaith siad dúthracht a' tóruigheacht an phoitín.
 
Tá sé an-choitchiannta leis a' bpoitín anois = déanann sé iarranntaí an-mhinic.
 
Ara cé'n stró atá orra(b) a theacht treasna an choigéil, má bhíonn snámh ar bith aca(b). A's [nach] bhfuil fhios agad go maith nach gcuirfe siad aon-phóilidhe 'san áit mara mbí snámh aige. Déanfa muinntear an oileáin cúis anois d'uireasbha poitín, ar chuma ar bith.
 
cúl
D'ólfadh sé poitín ar chúla téarmaí, ach ní thiocfad sé go maith dhó, dhá bhfeicthí é, dhá ól as comhair chuile dhuine.
 
beo 1
Bhí na criathraigh sin suas beo le póilíos le cupla lá, ach dhá fheabhas dhár shaothruigh siad é, chinn orra(b) aon-deoir phoitín a fhaghail in a dheidh sin.
 
Is mór a chruthuigh sé a's a leithide sin de bhleághanach poitín a iomchur chor a' bith.
 
breá
Gloine bhreagh phoitín = gloine a bheadh líonta go buinne bruach.
 
Rinne sé béiceadán de fhéin le poitín. Bhí sé 'teacht amach thrídh na shúile, ní áirmhighim a mhaltraid.
 
Níl aon-deoir phoitín beag ná mór anois, is na bólaí seo, ó chuir na misinéaraí cúl air.
 
Sin é fhéin an droch-bhlogam — an poitín atá aige sin = tá a chuid poitín go dona le n-ól.
 
Níl aon-rud beo is aibéisighe ná bheith plé (a' déanamh) leis a' bpoitín céadna.
 
Ní hé an chéad duine é a bhí dúlaidhe sa bpoitín, a d'fhága an poitín in aithmhéala.
+
buinne 1
D'ól sé cupán poitín, a's é lán go buinne bruach.
TUILLEADH (1) ▼
'Bhfeiceann tú an muigín buidhe sin thuas? Badh é a leath-cheann sin é. Líonadh suas go buinne bruach dhó le poitín é, a's dheamhan ar thóig sé dhá cheann é, ná 'ndearna sé an dárna deoch dhe, gur scaoil sé siar fré chéile é. Abair go bhfuil coimpléasc a's acmhúinn ar phoitín ag a' bhfear sin!
+
ailleog 2
Thug sé ailleog bhreagh phoitín dhom, agus níor liomsa ab fhaillighe í chur 'san áit ba chóir dhi.
TUILLEADH (1) ▼
Ní bheadh aon-chuir suas agam d'ailleoig phoitín, dhá dtairgthí dhom í.
 
ailím
Is suarach an ailím le'n ól ag críostuidhe 'r bith an poitín céadna.
+
Déantar poitín d'aindeoin na bpóilíos.
TUILLEADH (1) ▼
Chuir sé an fuisce poitín orm de m'aindeoin = bhí sé dhá thoghaint orm, go mb'éigean dom é 'ól.
 
aird 1
Is annamh a bhío(nn)s aon-phlé aige le poitín anois, ó'n am sin a rugthas air — uair 'sna naoi n-áird.
 
aire
Ghoin aire Seán, agus chomh sleamchúiseach agus a bhí an strainséara dhá cheisniú faoi'n bpoitín = thuig sé ó'n gceisniú sleamchúiseach go mbadh spiadóire é an strainséara.
+
airigh
Airigheann sé poitín imbarr an bhaile ar an aimsir seo, mar níl sé 'déanamh comhnuidhe 'bith, ach ann.
TUILLEADH (1) ▼
Aireocha Boluisce an poitín anois, má cuirtear cúl leis, mar sé bhí dhá dtógáil (dtoigeál adeirtear)
 
amuigh
Níl aon-ól amuigh is fhearr ná an poitín, abruigheadh a rogha duine, a rogha rud.
 
Dhá gcuirtheá do theanga bheag amach, an Nodlaig seo, d'uireasbha poitín, ní bheadh aon-ghoir agad sileadh 'fhaghail.
 
áirge
Is olc an áirge (ailím, éadáil, earradh) an poitín céadna.
 
Má's leat coinneál ó'n anachain, coinnigh ó'n bpoitín.
+
Níl ól a' bith indon árdú ar dhuine ach poitín.
TUILLEADH (2) ▼
Má árduigheann a' poitín 'sa stuaic aige siúd, déanfa sé sléacht ar fud a 'bhaile.
'Sén poitín atá indon cirín (ceann, cloigeann) duine 'árdú.
 
Sé'n poitín an buachaill atá indon fear a chuir anuas.
 
Chuaidh sé suas, glan-ascartha gan méir a bhaint dhá shrón go Bol-Uisce, gur ól sé feánnach poitín ann, ach ní raibh sé chomh h-ascartha sin a' teacht abhaile! = bhí siubhal aige 'dul ann, ach ní raibh a' teacht ar ais, mar bhí balasta istigh aige.
 
átha
Cuirtear arbhar ar cruadhchan ar átha le poitín a dheanamh dhe. 'Séard í an átha, púirthín a's cloigeann caolaigh, a's scraitheachaí air. Bíonn sé 'rounáilte', a's lota beag istigh ann, a's scartar an eorna th'éis í a bháthadh ar an lota sin. Bíonn siad (i.e lucht déanta an phoitín) dhá h-ionntú a's dhá barr-ionntú, ar a' lota go mbíonn sí cruaidhighthe. Tá poll taobh amuigh ar a' bpúirthín mar bheadh dorus, a's bíonn teine ag béal a' phuill, a's teigheann a' teas faoi'n lota, go gcruaidhighe sé an eorna (S. Ó. C)
 
failm
Chaith muid an oíche ag ól failmeachaí den phoitín. Choinnigh sé in ar ndúiseacht muid. Bhí mé féin in mo dhall dúda le codladh
 
feoil
Níl aon-phoitín le fáil, ach b’fhéidir go mbainfeá do ghaisneas as gloine dhó seo. 'Ar ndú' an té nach bhfaghann an fheóil is mór is fiú an eanraith
 
fiann
Mharódh an poitín siúd na Fianna bhí sé cho láidir sin
 
fiuch
Bhí poitín ar dhá splainnc ann, agus hébrí cén éadáil a bhí ann, dheamhan fiuchadh ná deide a bheadh aige dhá bhfágtaí annsin go maidin é. Go bhfoire Críost orainn, nach caillte na téinteachaí a bhíos sna bailte móra!
 
fleaim
Níor fhan aon-fhleain ann, ó stop an poitín. Ba é an poitín a bhíodh dhá shaghdadh = tá sé socair suaimneach ó stop an poitín
 
fogha
Bhí sé ag cur foghairt arúir sa mbró nuair a tháinig mé cho fada leis. "Ní bheadh aon-deoir fuisce poitín agad" adeirim féin? "Tá", adeir sé, "maran fada leat fanacht léithe seo". "Ab shin é an chaoi a bhfuil sé?" adeirim féin. "Sé" adeir sé. "Trí seachtainí ar chuma ar bith" = le haghaidh iarraidh fuisce a bhí sé ag meilt
 
Ní raibh d'fháiteall ariamh sna bólaí seo ach a raibh den fharraige, agus an braoinín poitín sin. Ach tá 'chaon cheann aca anois de dhruim seoil. Níl aon-tairbhe ar an "stil" ach an oiread agus atá ar an iascach
 
Chuaidh sé siar go Doire Iorruis dhá shiubhal ionnsuidhe, gur ól sé bleaghánach poitín ann.
 
iontas
Sé a rinne an t-iongantas de'n phoitín. Is cosamhail nach bhfaca sé ariamh cheana é.
 
Is beag a tháinig isteach ar an oileán seo ó leigeadh as an bpoitín = níor shroich mórán airgid é, ó h-eirigheadh as an bpoitín a dhéanamh ná a dhíol.