Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Aibéis
1.
dóigh-mhagaidh; ámhuilleacht; thú a chur as do bhuille nó míonós a dheanamh ort (sí an chiall dheire sin is iondamhla leis i gCois-Fhairrge).
+
Rinne sé aibéis (dh)íom = chuir sé thar bharr mo chéille mé le ealadhain, ámhuilleacht nó míonós.
Déanfa an ruifíneach sin aibéis dhíot, mara gcuire tú dhíot in aoinfheacht é.
TUILLEADH (5) ▼
Tá aibéis déanta aige d'fhear an phosta, a' rith roimhe chuile lá.
Chuirfeadh sé sin crích Mhuire thrídh na chéile a' déanamh aibéise de dhaoine
Ná tabhair a chead dó, aibéis a dhéanamh dhíot, nó tuige nach bhfuil rath 'bith leat féin.
Déanfa sí aibéis de'n bhaile, má mhaireann di, ar a' gceird sin.
Fhobair a' capall aibéis a dhéanamh dhíom trathnóna = nuair a bheadh sí do-cheannsuighthe, nó cuthach imtheachta uirre agus thú 'líonadh ualaigh uirre, nó a macsamhail.
+
Tá mé in m'aibéis críochnuighthe ag gabhair na Críche Duibhe, atá 'dul i mbraduighil orm imbárr a' bhaile.
Ní raibh mé i m'aibéis ariamh go dtí anois = nuair a bheadh duine sáinnighthe nó gan fios rúin nó soiscéilaighe, céard a bheadh aige a dhéanamh, agus é i dteannta.
TUILLEADH (3) ▼
I m'aibéis atá mé chuile lá dá n-eirigheann orm, ag na caoirigh céadna, fébrí cé'n súnás (saobhnós?) atá orra(b) fharrus caoirigh 'bith sa tír.
Sin é an uair a bheidheas na daoine ina n-aibéis, má bhactar iad a dhul a' t-aithgiorra sin.
Tabhair aibéis orm, mara mbí mé indon freastal do'n Chladach
2.
duine ciotach slíbearáilte.
·
Sé'n aibéis de dhuine é = duine gan aon-chuma gléis agus é an-mhío-phuinnteáilte.

Féach freisin