Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Abaidh (aipidh, aibidh)
aipidh — Conamara siar in áiteachaí. aibídh — Cois-Fhairrge, agus áiteacha ar an Achréidh.
1.
barr nó toradh in alt a ghearrtha nó a bhainte nó a ithte.
+
Tá'n coirce aibidh anois
Níl na spíonáin aibidh fós.
TUILLEADH (4) ▼
Beidh na cnothannaí aibidh lá ar beith feasta
Baineann sé an coirce shul ó bhíonn sé baoghal air sáthach aibidh (Cois Fhairrge) (nó shul a mbíonn baoghal ar bith aibiughadh air) (shul = chul, C. F.) = baineann sé an coirce glas.
Ná bac le é 'bheith aibidh! Ní raibh sé i gcraoibh fhéin nuair a bhain sé é.
Tá sé thar a bheith aibidh. Tá sé tuitim dhá cheann = tá sé a' sceitheadh an ghráinne.
2.
a.
imeartha, géar-chúiseach, rianmhar nó rianamhail, sean-órdha, éirimeamhail.
+
Putach aibidh go leor é = tá sé sean-órdha nó géar-chúiseach dhá aois.
Nach aibidh an mhaise dhuit é! = nach géar-chúiseach nó sean-órdha an mhaise dhuit é.
TUILLEADH (3) ▼
Bhí sé chomh h-aibidh in aois a dhá bhliadhain déag, le sean-fhear ceithre fichead bliadhain.
Tá sé ró-aibidh ar fad dhá aois = ro-shean-órdha
Ní raibh lá forfháis ariamh ar pháiste a bheadh aibidh roimhe 'aois = ní dhearna páiste sean-órdha aon-fhorfás (aon-dul chun cinn, aon-mhaith) ariamh. (ní bhaintear aon-leas as an bhfocal mar seo ach mar aidiacht).
b.
abartha, tráthamhail, greamannach, brabach a bhreith ar chainnt.
+
Tá sé i gcomhnuidhe abaidh leis an bhfocal = duine a bheadh tráthamhail, a d'fhastóchadh thú, nó gheobhfadh brabach ar do chuid cainnte ar an bpuinnte.
Níl goir agad focal a chuir as do bhéal, nach bhfuil seisean abaidh le'n fhocal fhéin le brabach a fhaghail ort = bheadh a fhreagra ar bharr a ghuib aige go tráthamhail le t'aghaidh.}}
TUILLEADH (6) ▼
'Sé 's abuighthe dhár chuala mé ariamh = is abartha is tráthamhla.
Is abaidh a mhaise dhuit é
Tá sé ro-abaidh le caidéis ar bith a chuir air = tá sé ro-thráthamhail, le cur (ch)uige ná uaidh.
Ní leigfeadh sé focal leat go maidin, tá sé chomh h-abuighthe sin.
Níl sé i gcathair Pheadair ná Phóil cainnteoir is abaidh ná é = níl sé beo ná marbh cainnteoir is tráthamhla ná is géire ghreamannaighe ná é.
Níor thúisce corra chainnte buailte agam air, ná bhí sé abaidh (ch)ugam = ní baileach a bhí bleid buailte agam air, ná chuir sé stiúir chainnte ar fhéin agus a bhíodhg sé chugam.}}

Féach freisin