Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Aice
réamh-fhocal dúbalta (in aice).
a.
ingar, indáil le, buailte air, ingaobhar, láimh le. In m'aice, in t'aice etc. Is coitchiannta mar sin é, ná "in aice liom, in aice leat etc. Ach bíonn deifridheacht bheag eatorra go minic.
+
Fan in m'aice = in mo chomhluadar; in aon-teach liom; in mo chuideachta.
Fan in aice liom = ná bí i bhfad uaim
TUILLEADH (7) ▼
Ní éadáil mhór a' bith é sin in t'aice = in do chuideachta.
Ní thiocfa mé in 'aice go gcínne orm.
B'fhearr dhuit in 'aice ná ag éisteacht le píobaire = ina chuideachta.
Níor fhan aonduine ina h-aice, ar feadh na h-oidhche = fágadh aonraic í; ní raibh cuideachta 'bith aice.
Bhainfinn píosa eile 'mach ann, marach a raibh d'achrann, in a n-aice
Teann amach as m'aice ar fad = ná bí ingar dom.
Is fada amach as m'aice-sa a choinneochas sé feasta.
+
Airigheann sé solamar eicínt in a n-aice, nó ní thaobhóchadh sé iad, chomh minic a's thaobhuighea(nn)s = de bhrabach orra; san áit a bhfuil siad.
Airigheann sé an t-airgead ina h-aice = aice, nó le fághail mar spré, ó na muinntir.
TUILLEADH (4) ▼
Ní airigheann sé an brabach anois in m'aice, agus sin é an fáth, nach dteagann sé
B'fhearr do dhuine in a n-aice ná i dtír na h-óige
Is in a n-aice, is mó atá'n brabach.
'In aice mine is fusa fuinnt' (sean-fhocal)
b.
In aice láithreach = ingar do láthair; indáil linn.
+
Ní raibh gabha 'bith in aice láithreach, a chuirfeadh cruidhthe suas dhom.
'mbeidh damh(n)sa 'bith in aice láithreach anocht?
TUILLEADH (8) ▼
Níl fear a' bith in aice láithreach annseo, a bheadh sáthach stuamdha le dhul in a éadan sin.
Bhí an toirneach in aice láithreach aréir.
Chuala mé an ruagán (i.e. plump toirnighe, urchar, nó torann nimhe-neannta 'bith) in aice láithreach.
Is uaigneach an áit é. Níl teach a' bith in aice láithreach ann.
Níl aon-uisce 'bheadh feilteach a ól, in aice láithreach.
Fan in aice láithreach anois, mar b'fhéidir go mbeitheá a' teastáil.
D'fhan mé 'fálróid in aice láithreach i gcaitheamh uair a' chluig, ach dheamhan mac na sceiche a tháinic.
Tá táilliúr in aice láithreach annseo thiar i S. Tá sé ionann's ar ghort a' bhaile againn, ach ní fhághann sé mórán tráicht uainne.
c.
+
Níl sé in aice móna ná cladaigh = níl comhgar cladaigh ná móna aige.
Níl sé in aice bóthair nó bealaigh.
TUILLEADH (3) ▼
Níl sé in aice aonduine annsiúd = tá sé as aice 'chuile dhuine; tá sé ar an iargcúil.
Tá siad in aice an bhaile mhóir = gar do'n bhaile mór.
Tá'n baile mór in aice leo(b) = níl sé i bhfad ó láthair.
+
In aice an airgid is furasta 'bheith teann.
Is furasta do dhuine bheith fiuntach in aice na fairsnge
TUILLEADH (1) ▼
Caithfear tíoghbhus a dheanamh in aice an bheagáin.
d.
in aice = in éindigh, ina theannta, agus, fré, le
+
Déanfamuid amach annseo é in aice chongnamh Dé = déanfamuid níos deireannaighe sa mbliadhain é, nó fós uair eicínt, ach dia a bheith in ar bhfabhar nó le congnamh Dé.
B'fhéidir in aice chongnamh Dé, go gcuirfinn caoi eicínt orm fhéin an Inid seo = b'fhéidir le congnamh Dé, go bpósfainn bean eicínt an Inid seo.
TUILLEADH (10) ▼
Tiocfa maith ar a' saoghal fós, in aice chongnamh Dé.
Déanfa mé teach an samhradh seo, in aice chongnamh Dé.
B'fhéidir anois le tigheacht na h-uaire breagh, agus in aice chongnamh Dé, go dtiocfadh biseach eicínt orm.
Saothrócha muid an mhuing sin, an bhliadhain seo chugainn in aice chongnamh Dé.
In aice chongnamh Dé, tá a' (ar) ndíol conganta ai'nn fhéin, go leige dia slán na daoine = ach Dia a bheith linn, tá ar ndíol againn féin ann, le freastal do'n obair.
B'fhéidir go dtiubhrainn sracadh faoi go goirid anois, in aice chongnamh Dé = iarracht
Ní fhéadfa duine tada a dhéanamh ach in aice chongnamh Dé = gan dia a bheith in t'fhabhar, níl aon-goir agad tada a dhéanamh.
Tá muid sáthach fada dhá fhágáil 'in aice chongnamh Dé'. 'D'orduigh cinnire congnamh' freisin (duine adeireadh le duine eile igcomhnuidhe go ndeanfaidhe ceann-oibre áithrid, 'in aice chongnamh Dé', agus sin é an freagra a thug a' ceann eile air, faoi dheire a's faoi dheoidh, nuair ab fhada leis a bhíodhadh (bhíothas) dhá chur ar a' méir is fuide. Chuir sé igcéill gur orduigh Dia congnamh freisin ó'n duine)
Cuirfeamuid ceann ar a' gcur a' tseachtmhain seo chugainn, in aice chongnamh Dé = tosóchamuid ar a' gcur etc.
Ní chinnfe sé ort in aice chongnamh Dé = beidh tú indon é dhéanamh ach Dia 'bheith 'chongnamh dhuit.
+
Bhí an oidhche fuar, in aice 'chaon tsórt eile dhá raibh orm = bhí an fuacht ag goilleadh orm i dteannta 'chuile rud eile (tinneas, nó ocras, b'fhéidir) dhá raibh orm.
Tá fuacht orm in aice an ocrais = tá fuacht orm idteannta an ocrais.
TUILLEADH (16) ▼
Tá sí lobhtha (an fhiacail) in aice pian a bheith innte.
Tá'n aimsir mío-fholláin in aice 'bheith go dona
Tá sé (cur) in a churfhásach ar fad in aice bheith loicthe = tá an cur loicthe agus é faoi shalachar in a theannta sin.
Tá doightheachaí air in aice an tslaghdáin = in aoinfeacht leis a' slaghdán.}}
Mara dtaga na liagannaí orm in aice leis a' bplúchadh, tá mé ceart = mara dtaga mealltrachaí uisce in mo mhuinéal i dteannta an mhúchadh, tá liom
Bhí cantal air in aice 'chaon tsórt.
Tháinic fail orm in' aice sin = in éindigh leis sin.
Tá an t-an-neart ann, agus é dathamhail in 'aice sin.
Tá spré mhaith le faghail aice, agus is bean shlachtmhar í in' aice sin.
Bhí sé 'roilleadh, agus an oidhche in aice sin, chomh dubh leis a' bpúca.
'Ceannócha mé tae dhuit agus gléas maith in aice sin; Gún' English cotton de'n fhaisean atá daor' (sliocht as "Slán agus Beannacht le Buaidhreadh an tSaoghail")
Bhuail scannradh mé in aice 'raibh orm.
Cheannuigheadar teach áirgeamhail le h-ais a' bhaile mhóir, agus giodán talmhan in aice sin.
Má tá sé olc, tá sé tútach in aice sin
Má's bó shean í, tá sí fabhtach in aice sin.
Tá a fear sean, in aice bheith bocht dó.
+
Tá sé ag iarraidh tuille airgid a chuir in aice a bhfuil aige.
Bhí céad sa mbeainnc aige, dhá bhliadhain ó shoin, a's chuir sé tuille in' aice ó shoin.
TUILLEADH (1) ▼
Má chuireann sé in aice, is gearr go mbí a shaidhbhreas aige.

Féach freisin

Aice in iontrálacha eile (50+)

 
Tá ceann-fhearann (ceann-fhearainn) ann = an leath-fhód le claidhe; an chiúiseóg a fhanas timpeall le claidhe gan treabhadh nó gan cur i bpáirc. Ach in Iarthair na Gaillimhe (le farraige. Tá an chiall réamhráite i Muigh Cuilinn agus inGnó Mhór) tugtar amanntaí é, ar na cúilíní beaga — agus iad ingreamús dá chéile — a bhíos in aice le claise an tsrotha nó le claidhe san áit nach dteigheann na hiomrachaí díreach. Sórt ladhrógaí nó crúbáin iad. Idtalamh nach dtreabhtar ní fhágtar mórán de chiúiseóig le claidhe ann, agus b'fhéidir gur ingeall air sin a haistríodh an t-ainm. Na daoine a thugas "ceann-fhearann" ar áiteachaí mar seo, "an leath-fhód le claidhe" a thugas siad ar an "headland" féin
+
Cén mhaith breáichte mara bhfuil rud eicínt in a haice? Dheamhan a dhath! Ní farasbar breáichte a chuireas bárr ar an bpota. Bíodh sí go breá nó ná bíodh, ach má tá sí in a gnathach maith agus an téagar a bheith san sparán aice, déanfaidh sí cúis
TUILLEADH (2) ▼
Ní baileach go bhfuil an tseachtain seo cho dona agus a bhí an tseachtain seo caite, ach dar mo leabhar níl mórán d'earasbár aice ach oiread
Is diabhlaí deannachtach na ráigeannaí a bhí ann le dhá lá, agus chuile ráig aca ag baint fearasbár dhá chéile. Sin é anois é. Tá sé in am aice leigean fúithi dhá mba é toil Dé é
+
Chonnaic mé ag dul Gaillimh í an lá faoi dheireadh agus feánach bainne aice i gcarr asail = ancord nó coire
TUILLEADH (1) ▼
Is diabhlaí an feánach feamainne a chuir sé ar an gcapall. Ach is beag an tolgán a bhí aice siúd ann, mo léan. An-chapall í, bail ó Dhia uirri!
 
Thug J. amach an láirín agus é ag dul suas go F. "Ní fré chéile a chacfas sí seo" adeir sé, ag déanamh gaisce aisti. "Fan go bhfeice sib mise ag dul soir an bóthar sna feire glinnte uirre". Dheamhan dhá choisméig a ghabh an capall nó go raibh bualtrach déanta aice!
+
fios
Níl a fhios aice fios oíche ná lae ar pháiste = tá sí ag súil le páiste puinnte ar bith
TUILLEADH (1) ▼
Dhá mbeadh fios a bealaigh aice, ní scath leith ar asal a ghabhfadh sí. Ní den chuibhiúlacht rud mar sin a dhéanamh
 
fliuch 1
Níl fliuchadh ar a croí. Tá na beithigh ar fad imithe amach aice = níl deóir ar bith bhainne aice
 
Fan istigh as an bhfliuchán! Ní samhaoin ar bith do dhuine é fhéin a chailleadh. Tiocfaidh neart laethanta breá amach annseo in aice chúnta Dé
+
focal
Níl aon-chaibhnsiléara istigh inGaillimh indon breith ar fhocal uirre siúd. Tá fios a labhartha agus deis a cainte aice
TUILLEADH (1) ▼
Tá láimh agus focal idir í fhéin agus S. Mo chreach mhaidne an láimh agus focal sin muis. "Gheall tú dhom agus rinne tú bréag liom go mbeitheá rómham ag cró na gcaerach". Sin é a fhearacht aice sin é. Ní fhanfadh sí dhá mhionóid leis dhá bhfaghadh sí a mhalrait
 
An corpadóir bradach! Sé cóir Dé é an méid sin a eireachtáil dó. Ba bheag aige fhéin dícheannadh a dhéanamh ar chréatúir bhochta. Chuir sé an bhaintreach sin thuas de dhruim tí. Chuir sé faoi ndeara di páipéar a shaighneáil dó ar a cuid talúna agus gan a fhios aice céard a bhí ann, ach gur theastuigh cupla cloch mhine uaithe l'aghaidh a háilín … Ach foillsíonn Dia an éagcóir míle glóire agus moladh leis fhéin. B'fhéidir go bhfuigheadh an cneamhaire ar a mhéis fhéin anois é, agus ní ag amhdú an oilc é, ní mór linn dó
 
Tá mo chois foirghe ar fad aice = bróig a bhí ag luighe air
 
M'anam nach beag dom a bhfuil ag fortabháil orm cheana agus gan tusa a dhul ag cur tuilleadh orm. Cén chaoi a bhféadfainnse a bheith san áirdeall ar do chuid beithioch. Tá mo chuid fhéin ag déanamh cír tuaifill díom. Má ba leat féarach a cheannacht, bhí agad é a fháil in aice láthair: sin nó leigean dó ar fad. Bheadh bó trí lá báite nó bascha annsin thuas shul má gheobhfaí í
 
Bíonn féar agus fóthair ar choinnleach choirce an Mhárta, adeir an Chailleach Bhéara. Sin í a raibh a fhios aice é!
 
Diabhal mé go bhfuil sí cóir frasach faoi dhá mbeadh tarraint a láimhe aice. Is mór is fiú an fhairsingeacht ar aon-chor. Ní ghabhfaidh fial go hIfreann, adeir siad
 
Bhí cuid agus maoin aige, ach d'fhága frasaíl a mhná gan bonn bán é. Bhí an croí mór aice. Ro-mhór a bhí sé.
 
Tá sé ag líochán an chasáin in a diaidh sin leis an fhad seo aimsire, agus gan d'áird aice sin air ach an oiread agus dhá mba madadh é. An leadhb! Breá nach leigeann sé di fhéineacht, nuair nach bhfuil sí ag tabhairt aon-ugach dó. Is olc an rud a bheith ag iascach ar pholl gan freagairt
 
Sin í a bhfuil an fhreagraíocht treasna aice! Go deimhin is maith an t-ábhar í dhá haois!
+
Tá frugaisí ar na stocaí aice síos sna colpaí = gan iad a bheith déanta sleamhain; lúba corracha, agus lúba ionntaithe etc a bheith ionta; slacht a bheith ar an gcniteáil
TUILLEADH (1) ▼
Is iontach an lear frugaisí atá san seomra siúd aice. Is seomra urnáilte é. Ní leigfeadh sí isteach ann thú gan do bhróga a bhaint dhíot!
 
Tá sé ag fuiléimneach annsin in éindigh le na gasúir sin thíos. An fhad agus a fhanfas siad sin in a aice, ní thaobhóidh sé aon-dinnéar
 
Fágaim le m'uacht agus le m'anam go bhfuil mé reiche beó beithioch aice!
 
fága
Ní bheadh aon-ghnatha ag aineólaí bualadh faoin bhfarraige inniu. Théis nach bhfuil aon-ghála ann, tá bun aice; agus fágannaí diabhalta ann. Ní bheadh aon-stró ar churachóir mhaith. Ach 'ar ndó' ghabhfadh curachóir maith amach dhá scréachta dhá mbeadh sí
 
fág
Is maith an cúl toraic aice (ag Sasana) Meiriocá. Ba í a shábháil í an dá gheábh seo. Má ba thíos a fuair sí [í], ba in a seasamh a d'fhága sí í. Bhí a cnaipe déanta marach Meiriocá
 
Tá an cheathrú ro-fhágha, ro-shlabhcha aice, le mórán gríscíní a bheith uirri. Níl aon-téagar inti
+
B'fhéidir go mbuailfeá fhéin faoi chúilionn fáinneach eicínt a mbeadh a cuid gruaige in a fháinní aice
TUILLEADH (2) ▼
Is deas fáinneach atá a cúl cóirithe aice hébrí cé hí fhéin
Níl a fhios agam a mbeidh a cuid gruaige cho fáinneach siúd aice nuair a bhéas sí scathamh i S. Gh. Bainfear obair aiste annsin. Dar fia is dona an mhalrait aice é, agus an cháil airgid atá uirre, a dhul ag pósadh isteach ar an mbaile sin
+
Bhí sí sin in a beitheach cho tóighe agus d'fheicfeá in do shiúl ionsaí nuair a cheannuigh sé in a gamhain í, ach chuirfeá amach i bhfáinne anois í. Níl bior eanga uirre. Is beag an dochar di: cuibhrithe sna breaclachaí siúd ó a tháinig an geimhreadh agus gan aon-ghabhail a chaitheamh ariamh aice. Go deimhin ba chóir dhó náire a bheith air, amhgar a thabhairt do bheitheach ar bith mar siúd
TUILLEADH (1) ▼
Bíonn a cuid gruaige in a fáinní aice i gcomhnaí.
 
Is furasta 'aithinte go dtug sí an chabghail abhaile léithe. Dheamhan ceo amháin dá gcloisfe sí, nach mbeidh scithleigthe amach aice ar a' bpuinnte aríst.
 
Is iongantas é muis, mara raibh an méid sin tuairisce aice a's chomh caidéiseach a's tá sí.
+
Tá buaic mhaith a's cairthín urradhanta aice, ach shílfeá nach bhfuil aon-tapa innte as na cosa (capall)
TUILLEADH (1) ▼
Tá'n cairthín ro-chocáilte aice, a's ní thaithnigheann sí liom (bean)
 
Dheamhan samhail atá le tabhairt di fhéin a's do'n tsean-bhean anois, ach a' chaolóid riabhach a's an chuach. Ach m'anam nach ar mhaith leis a' tsean-bhean atá C. a' cothú na coise aice, ach fé'int a n-eireochadh brabach ná solamar a' bith léithe.
 
Bhí mo chaolóid féin spréidhte amach agamsa, shul dhó bhí sé leath-bealaigh in a chaolóid seisean. A's deamhan leath-chlúdú a thug sé ar an gcoirce in' aice sin. Dearg-spreallaire é. Is mór leis a dhruim a lúbadh chor a' bith.
 
InDomhnach muise, bhí cleachtadh mhór ar bhóithrí aice, a' spágaireacht thrídh chaethachaí a's lathachaí Ch. L. Imtheocha sí as a cranna cumhachta ar fad anois, ó theann sí anuas ar a' míneadas.
 
Ba bhreagh an rud carcair bhreagh ghiumhasaighe anois in aice na móna sin.
 
ceal 1
Mara bhfagha sí na flaithis, ní cheal a shaothruighthe é, ar chaoi ar bith. Tá casán dearg déanta chuig a' séipéal aice, chuile mhionnóid sa ló.
 
Ní fhaca tú aon-chamsrón birín ariamh, ach a bheith in' aice. Dheamhan forus a' bith a ghníonn sé ach a' ceasacht a's a' ceisniú, a's a' cur a' tighe thrídh na chéile.
+
Bhuail néal chodlata sa gcarr é, a's dheamhan duine ar bith a bhí ann leis a' gcapall a chinnireacht, a's cead aice a thoidheacht abhaile uaithe fhéin.
TUILLEADH (1) ▼
Dhá mbeadh aon-duine de'n rath a' cinnireacht, ní raibh aon-ghoir aice imtheacht.
 
Caithfe mé a dhul go dtí ciseadóirí An Taobh Mín, go bhfagha mé ciseán ceart déanta, faoi chomhair mo mhná. Níl aon-mheas aice ar chiseáin na h-áite seo. (magadh a's fonóid).
 
clab
Má's clab truisc fhéin atá uirre, cé'n neart atá aice air. Mar sin a d'fhága Dia í.
+
cliar
Dheamhan tionnabhar a leig mé as mo cheann aréir, ag a' gcliar seo. Tá mé de'n tsaoghal aice, tá mé sin.
TUILLEADH (1) ▼
Tá cliar aníos in mo mhuineál a's níl m'anáil a' teacht liom chor a' bith, aice.
 
Ba mhór a' slacht uirre dhá dtarraingeadh sí an chlársach mór siúd atá sa drad uachtair aice.