Nualitriú
Bunlitriú
ainfheoil
—/aɴōl′/, /aɴ′ōl′/
—anfheóil is mó adeirtear
—
+–
Tá sé lán suas le anfheóil (nó ainfheóil) = craiceann tanaí a theagas ar lot, agus gan ann ach cneasú thar ghaimh; bíonn ruainneachaí den fheóil ar an lot leath-lofa, agus déanann sé cneasú beag as a gcíonn. D'fheicfeá anfheóil dá scríobtá an craiceann díot fhéin, agus an fheoil dearg a bheith leis.
Níl an nioscóid sin cneasuithe. Anfheoil í sin uirre. Brisfidh sí amach aríst. Tá bruachannaí uirre
TUILLEADH (3) ▼
Tá grís eicínt ar mo láimh. Is beag le go bhfuil mé ag fuilinnt chor ar bith leis an tochas atá inte. Tá an-fheoil le feiceál in mo bhun-ríochaí leis an scríobadh atá tugha agam dóibh. Breathnuigh orra!
Tá cois bhocht aige fós. Dheamhan cneasú ná cneasú uirre, ná cosúlacht air. Tá fonnsa an-fheola timpeall leis an lot anois, agus forchraiceann beag air, ach ní cneasú ceart é. Tá máthair an droch-ábhair istigh fós, agus beidh mara dteighe sé roimpe in am. Tá sí fágha ro-fhada aige cheana féin.
Is olc é an scamall sin. Níl ann ach an fheoil. Tá ábhar fós inte. Is furasta aithinte é, agus an bhoiric atá uirre. Tá sé thar am aice imeacht. Ní raibh le déanamh agad ach a dhul ag an dochtúr léithe agus gan a bheith dhá buachailleacht níos fuide. Tá sí ag seadú ro-fhada. Nioscóid ar bith nach ndealóidh léithe in imeacht coicís nó trí seachtainí, ní ceart trust ar bith a bheith aisti
ainfheoil in iontrálacha eile (5)
+
→
bruach
Le seachtmhain a tháinic an ainfheoil sin air. Tá sé in a bhruachannaí anois.
TUILLEADH (2) ▼
D'eirigh gearradh beag de mo chois. Shílfeá narbh fhiú biorán é. Ach a mhic ó, shéid sé suas, a's rinne sé bró-bhracha. Tháinic bruachannaí annsin air, mar bheadh ainfheoil ann. Is mé a shaothruigh é, igcaitheamh coicíse, gan néal a chodladh.
Níl aon-cheo feoil bheo 'sna bruachannaí sin; ainfheoil lobhtha iad.
→
dochar
Rinne a mhéir braon. Leig sé í. Shílfeá go raibh cneasuighthe di. Bhí ainfheoil ag teacht i mbéal an ghearrtha taobh amuigh. Ach rinne sí seile in ath-uair. Droch-sheile. Leig sé aríst í. Má leig féin níl ag cneasú dhi. Is méir bhocht í. Tá ábhar i gcomhnuí innte, ach dair leat féin nach bracha é in a dheidh sin. Mar dteighidh sé roímpe gan mórán achair, fiachfaidh (féachfaidh) sí é, mar tá an dochar istigh innte fós