Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Áird
taobh, bealach. níl seo sa gcainnt anois, ach i rannta, agus i gcorr-sean-leagan.
·
'Ceist agam ort a mhic Uí Mháille, a's fuascail í go luath; Cé mhéad galún sáile, a theighea(nn)s le fána na h-Easa Rua(idhe)' Freagra: 'Is deacair í thomhais 'na cárta, mar tá sí luaimneach luath; Ach a' méid nach dteigheann san áibh dhi, teigheann sé an t-áird ó thuaidh' (nó an áird ó thuaidh) (ceist a chuir taidhbhse ar dhuine a bhí 'g (d)ul thar dhroichead san oidhche. Marach chomh h-abartha a's d'fhreagair mo dhuine é, bhí sé le na mharbhú (Áibh = áibhéis; poll duibheacáin))
+
Lá 'sna naoi n-áird a chorruigheann sé amach = lá sé nó seachráin; corr-lá; lá sa gcéad
Lá 'sna naoi n-áird, a theighim ag iascach ar a' saoghal seo.
TUILLEADH (10) ▼
Uair 'sna naoi n-áird a thag(ann)s sé ar cuairt anois.
Ní ólann sé aon-deoir, ach uair 'sna naoi n-áird, a's tá 'shliocht air, 'sé atá dearg círíneach.
Uair 'sna naoi n-áird a theighea(nn)s sé (ch)uig an Aifreann, ó bhí an ruaig thinnis údaidh air.
Go deimhin is uair 'sna naoi n-áird a thaobhuigheann siad í anois, ó cuireadh a' t-athair.
Is annamh a bhío(nn)s aon-phlé aige le poitín anois, ó'n am sin a rugthas air — uair 'sna naoi n-áird.
Uair 'sna naoi n-áird a theighea(nn)s sé in a ghoire ná in a ghaobhar anois. Mhúin a' saoghal é.
Mara mbeadh uair 'sna naoi n-áird ann, anois, ní fheicfeá imbealach na ndearmad é. Tá sé 'cothú na h-áite istigh go maith.
Cé's moite d'uair 'sna naoi n-áird anois, ní thaobhuigheann sé damh(n)sa 'bith.
Lá 'sna naoi n-áird anois, a theigheas sé (ch)uig a' scoil.
M'anam a dhearbhráthair mo chroidhe, gur uair 'sna naoi n-áird, 'ólfas mise aon-deor, ná gheobhfas mé an dóigh aon deoir ól.

Áird in iontrálacha eile (50+)

 
Ní hé t'fhearacht-sa S. chor ar bith. Tá áird aige sin ar a ghnatha
 
Bhí mise ag teacht aníos an daingean lá agus chonnaic an fear fobhairne a bhí agam — S. Gh. — na breilleógaí léin sin. Ba bheag nar thuit sé as a sheasamh. Ba é bum an tseoil mhóir a choinnigh ar a chosa é. Ara diabhal áird ar bith a thug mise orra!
 
Ba deacair dóibh an t-ádh a bheith orra, go mba leó fhéin uainne é. Shíl siad go raibh siad in a rith seóil ceart críochnuithe anois. Bhí a dhá láimh timpeall ar an saol. Ach is ag Dia is fhearr a fhios. Foillsíonn Dia an chneamhaireacht agus an mí-scruball i gcomhnaí. Is fada ar an saol mé agus níl aon-lá ó tháinig cuimhne dhom nach h-amhla a fheicim é. Chuala tú an scéal faoin bhfear a chonnaic fear eile ag marú duine agus dhá chur ingan fhios. Mhionnuigh sé agus mhóidigh sé mara bhfoillsíodh Dia é, nach mbeadh aon-áird aige fhéin ar Dhia níos mó. D'fhan mar sin. Chonnaic sé go raibh an saol ag féithiú leis an té a rinne an marú … Sin é an chaoi a raibh sé. Bhí fear eile marbh cheana ag an té a maruíodh. Nach maith gur fhoillsigh Dia an choir sin!
 
Ach meastú cén chaoi a maireann a bhfuil ag iarraidh a gcodach i nGaillimh chor ar bith? Tá an baile mór foirghe anois. Foirghe ceart. Ní ghabhfá dhá choisméig nach mbeadh duine ag dilleóireacht ort. Agus iad cho spleách cho anshóiteach! Sea agus cuid aca beathaithe bláfar! 'Ar ndó is den tsonas an achainí, ach den donas a bheith dhá freagairt. M'anam an té a thiúrfadh áird orra siúd, gur ghearr gurb é mála na déirce a bheadh air fhéin!
 
Tá sé ag líochán an chasáin in a diaidh sin leis an fhad seo aimsire, agus gan d'áird aice sin air ach an oiread agus dhá mba madadh é. An leadhb! Breá nach leigeann sé di fhéineacht, nuair nach bhfuil sí ag tabhairt aon-ugach dó. Is olc an rud a bheith ag iascach ar pholl gan freagairt
 
Fágfaidh an bhóithreóireacht ag caitheamh na miotán é. Níl áird ar bith aige ar a ghnatha
 
fág
Sin é a d'fhága go dona é; a bheith ag tabhairt áird uirri sin
 
fán
Níor cheart dó áird a thabhairt ar athair ná ar mháthair, ach a dhul agus a pósadh ó thaithnigh sí leis. Ní phósfaidh ceachtar aca anois go brách feicfidh tú, ach iad ag dul i bhfán ar a chéile mar sin choíchin
 
Is olc a' chinnireacht a fuair a' créatúr. Fágadh in a dhílleachta an-óg é, a's dheamhan mórán áird' a thug muinntear na sean-mháthar air, rud nach milleán orra(b), a's an cluithche a bhí aca(b) fhéin ann.
 
Ara leig de do chuid clabaireacht, a's ná bí do mo bhodhrú léithe. Dheamhan aithne ort, nach dtiubhra daoine áird ort.
 
B'fhurasta aithinte dhuit, dhá mbeadh aon-áird ar do ghna(ithe) agad, gurb shin é a d'eireochadh dó. Ní áit a' bith a leithide de rud a leagan ar forbhás ar chlaibín a' chomhra. Ceannócha tú ceann nuadh anois, muis!
 
Tháinic cupla lá faoi Fhéile Sin Seáin anuiridh, a's bhí siad chomh coimhightheach le laetheantaí na Riabhaighe. InDomhnach fhobair gur fhuadaigheadh mé as a' bPáircín Áird annsin thuas!
 
Bíonn sé coitchiannta go maith anois i S. Th. th'éis gur uair 'sna naoi n-áird, a thagadh sé ann roimhe seo.
 
conán
Is mór is fhiú conán socair, sásta mar sin, nach mbeidh áird aige ar thada, ach a ghnaithe a dhéanamh.
 
cora
Caitheann sib cosamar fataí amach annsin chuile lá, a's dheamhan áird agaibh air, ach é fhágáil annsin in a charra. Gheobhtaidhe rud eicínt le caitheamh a chuir ann, marach go leigeann sib amudha é.
+
Má thugann tú áird ar a chuid cóipíse sin, is gearr go mbeidh tú chomh-dona leis fhéin. Cluais (cluas) bhodhar a bhí aghad a thabhairt dó.
TUILLEADH (1) ▼
Cé'n samhaoine dhuit a bheith ar chóipís de'n tsórt sin. Ní thiubharfa aon-duine lá áird' ort.
+
D'fhiafruigh mé fios a' bhealaigh de scrománach mór, a raibh a dhruim le balla aige a's má d'fhiafruigh fhéin, is beag an áird a thug sé orm.
TUILLEADH (1) ▼
Tabhair áird' ar sin, a's cuirfe sé ar bhealach do leasa thú! = bealach a bhasctha atá i gceist.
 
crinn
Géillfe siad i gcomhnuidhe do'n bhréag, ach dheamhan áird 'bith a thiubhras siad ar chnáimh chrínnte na fírinne. B'fhearr do dhuine a bhéal a choinneál ar a chéile, ná a dhul i gcleitheamhnas rud a' bith a chur isteach in a gceann.
+
Dheamhan righeachan a' bith le M. Dhá dtugtaí aon-áird ar a chuid cíble, chuirfeadh sé dhá Chrích Mhuire in adhar a chochaill, de ghrádh magadh a's gáiridhe a dhéanamh fútha(b) aríst, é fhéin.
TUILLEADH (2) ▼
Mara bhfuil mé ag dul amudha go mór, is bean í sin a thiocfas (rachas, ghabhfas) ó chrích. Bhí neart le faghail aice, ach níor thapuigh sí a deis. A' dréim le buic mhóra a bhí sí igcomhnuidhe, a's gan aon-áird aca(b) sin uirre. Anois, tá sí fágtha ar a' tráigh thirm.
Ba bheag an áird a bhí aice sin ar chomhairle athar ná máthar, ach deanamh mar a thogair sí fhéin. Beidh a shliocht uirre anois. InDomhnach b'fhéidir go gcaoinfead sí fhéin sin anois, a's í ó chrích go bráth.
 
cuach
Ba mhaith uaithe sin daoine a chuachadh suas roimhe seo, le laetheanta oibre a thabhairt di, ach dheamhan mórán áird' ag aonduine anois uirre. Fuair 'chuile dhuine amach, cé hí fhéin.
 
Má choinnigheann tú do dhá chluais biorruighthe, a's áird a thabhairt ar a' rud adéarfas an maighistir leat, cé'n stró a bheidheas ort é 'thógáil ach an oiread le 'scoláire' 'bith eile?
 
Ní thabharfainn lá áird' ar a' mbollaire sin' pé('r) bith, céard déarfad sé. Faisean é sin atá aige, go gcaithfe sé a bheith in éadan duine eicínt.
+
Chaith sé an oidhche a' bollaireacht a's a' bollamántacht dhá bhfaghadh sé an té 'thiubhradh áird' air = bhí sé glagaireacht a's a' déanamh gaisce, a's cothú achrainn ar feadh na h-oidhche, ach níor thóig aonduine suas air é, ná ní dheacha aon-duine inglacamus lámh leis faoi.
TUILLEADH (1) ▼
Má thugann tú áird' ar a chuid bollamántachta sin, a' troid a's a' bruighin a bheidheas tú 'chuile oidhche Dhomhnaigh sa mbliadhain.
 
aer
Uair 'sna naoi n-áird a castaí isteach é, roimhe seo, ach dheamhan Domhnach 'san aer nach dtagann sé anois.
 
Uair 'sna naoi n-áird a bhfaigh(f)idhear aon-cheo uaidh le buig-shíne.
 
Teastuigheann buadán uait anois! Tuilleadh diabhail agad — croisim aríst tú! — dubhairt mé leat fanacht amach ó'n gcrích dhriseachaí sin, a's sin é bhfuil dhá bharr agad anois. Má chuirimse aithne aríst ort, tiubhra tú áird orm, feicfe tú fhéin! = gasúr a chuaidh isteach igcrích dhriseachaí thar aithne a mháthar, a's bhí a chosa roistí (roiste) ag na driseachaí.
 
ainm
Uair 'sna naoi n-áird, a chloisfeá an t-ainm sin ar dhuine annseo anois, ach bhí sé fairsing go maith fadó = uair i bhfad ó chéile a chloisfeá é anois.
+
aire
Tá mo theanga caithte agam, a' rádh leis aire a thabhairt dó fhéin agus 'sé'n mhaith amháin dom é — níl a dhath áird 'aige orm.
TUILLEADH (4) ▼
Chuir mé aithne air, ar a dhul amach 'na n-aona(igh) dhó, aire a thabhairt dhá chuid airgid, ach thug sé áird' orm go deimhin!
Ní truaighe 'bith é, agus a fhusacht dó aire 'thabhairt dá ghnaithe, fharrus a bheith tabhairt áird' ar scaibhtéaraí, a chuir imbealach a bhasctha é.
Leig dhom anois, mar tá rud ar m'aire, fharrus a bheith a' tabhairt áird' ortsa = ná cuir araoid a' bith anois orm, mar tá an iomarca le déanamh agam agus ní fhéadfa mé freastal duit (b'fhéidir go minic gur imnidhe a bheadh i gceist le rud ar m'aire mar seo).
Tá rud ar aire anois fharrus áird a thabhairt orraí(bh)se.
+
amach
Gheobhfadh sé áird thar tír amach, 'san áit nach mbeadh aon-aithne air.
TUILLEADH (1) ▼
Fan leat go dtí amach annseo, agus feicfe tú féin, go mbeidh aithmhéala ort, nar thug áird ormsa.
 
Má thugann tú áird ar leas-ainmneachaí, ní bheidh a dhath suímnis agad aon lá sa mbliadhain (suímnis = suaimhnis) = má ghlacann tú in olc é, leas-ainm a thabhairt ort, beidh síor-olc ort.
 
Uair 'sna naoi n-áird eirigheann sé amach faoi'n mbaile fhéin anois.
 
anam
Is maith a cheannuigh Mac Dé 'chuile anam, dhá bhfuil ar a' saoghal, a's is fánach an áird a thuga(nn)s cuid de na daoine na dheidh sin Air.
 
Tá sé chomh h-an-tlásach sin agus go mbainfe sé an craiceann de'n bhuachaill, má thugann sé áird air = marbhócha sé an buachaill ag obair, má ghéilleann sé dó agus dhá chuid an-tláis.
 
aranta
Bhí cliobairí sáthach arrannta ar a' mbainis aréir, dhá bhfaghaidís a' té thiubhradh áird orra(b).
+
ard 1
Áird uiliog é an bóthar céadna = tá sé faoi áird ar fad.
TUILLEADH (4) ▼
Bhí sé sáthach séidthe de bharr an áird.
Tá'n bóthar faoi mhion-áird uiliog = tá an cuimse árd beag ann. (Mion-árda freisin — iolraidh — aird nó árda)
Ní dhéanfa mé mullach an áird, (bárr an áird, ceann an aird druim an aird etc) choidhchin = ní bheidh mé indon mullach an aird a shroicheachtáil.
Tá amharc agad siar uiliog go léireach, ó dhruim an áird = d'fheicfeá siar uile go léir ó mhullach an aird.
 
Is mór athróchas an saoghal, má tá indán's go bhfaighidh an dream sin aon-áird go bráth.