Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
An-shógh
1.
imnidhe nó priaclacht, beo-phianadh. (Is na leaganachaí seo, idteannta imnidhe agus priaclacht, bíonn an chiall "beo-phianadh" le anshógh: is minicí mar aidiacht é, ná mar ainm-fhocal ar an gcaoi seo).
a.
+
Ní rabh fhios agam cé'n t-anshógh a bhí air, gur chuala mé go raibh an mac imthighthe.
Anshógh agus imnidhe atá air, chuile lá san aer = bíonn sé i gcomhnuidhe priaclach
TUILLEADH (6) ▼
Is ort atá'n t-an-shógh fúithe = is ort atá an imnidhe fúithe.
Ní call duit a leath-oiread an-shógh a bheith ort fúithe: nuair a bheidheas sí réidh tiocfa sí.
Má's sin é an t-an-shógh ata air, beidh sé air, scathamh eile de m'uireasbha-sa = má's caidéis atá ag dul dó, nó cheal scéalta nó eoluis, ní innseocha mise tada dhó.
Nach air atá an t-anshógh: is mór a theastuighea(nn)s fios uaidh
Anshógh scéalta atá air = imnidhe nó bís go bhfagha sé eolus.
Is fada an t-an-shógh sin, ar sin. Ní bheidh luach-leithpighne in do theach ingan-fhios dó.
+
Tá sé in anshógh go dtaga sí = tá sé in imnidhe nó priaclach go dtaga sí.
Ná bí in an-shógh leath chomh mór faoi'n ngasúr: tá sé in aoinfheacht le na gasúir eile.
TUILLEADH (4) ▼
Fear in an-shógh a bhí ann, go gcloiseadh sé céard a bhí ar siubhal aréir = bhí fonn air a chloisteáil céard a bhí ar siubhal aréir.
Bhí fhios agam go raibh sé in an-shógh, go mbeadh fhios aige cá rabh muid
Fág in an-shógh anois é: ná h-innis a dhath dhó.
Bhí sé in an-shógh go mbeadh 'chuile scéal aige = bhí sé priaclach, ar bís, nó dhá bheo-phianadh, go bhfaghadh sé fios.
·
Anshógh an tsaoghail a d'fhága mar sin é = imnidhe agus cúram an tsaoghail; imnidhe faoi'n saoghal.
b.
+
Tá anshógh air nach bhfuil a leigheas agamsa — déarfá é cuirimigcás le duine a mbeadh tart nó fonn óil air, agus gan aon-deis agad deoch a fhaghail dó, nó a shamhail.
Anshógh mná atá air = uireasbha mná; ragús nó rachmall mná.
TUILLEADH (2) ▼
Níl de leigheas ar t'anshógh, ach pósadh = déarfaí le duine é a mbeadh rachmall mná nó pósta air.
Níorbh bheag dhó a raibh d'anshógh air, agus gan tuille a theacht air = duine a bheadh in ainriocht cheana, agus a dtiocfadh rud eicínt eile treasna air.
2.
amhgar, ocras, docamhal. (Tá sé in anshógh, tá sé faoi anshógh, tá sé ag fághail anshógha, tá sé ar anshógh — baineann siad sin le ocras nó docamhail. Tá anshógh air — sin éalaing, nó ciréim chuirp).
a.
+
Fuair sé an-shógh = fuair sé ángar (amhgar — ach is ángar adeirtear) nó ocras.
Tá sé fághail anshógha agus ocrais
TUILLEADH (6) ▼
Is geárr (geáll) le duine é, a bheadh a' faghail anshógha (a bheadh ar an-shógh) = is cosamhail le duine é, nach bhfuigheadh a dhíol le n-ithe.
Tá sé fághail an-shógh ó tháinic leas-mháthair air = ó rinne an t-athair an pósadh in ath-uair, tá'n leas-mháthair a' caitheamh droch-cheánn leis.
Tá sé fághail an-shógh agus tá a shéala air (is furas aithne air é; tá a chomhairthidheacht le na chois, tá a shliocht air) = tá sé claoidhte, snuighte, suaidhte ó ocras.
Dhá mbeinnse a' faghail an-shógha, dheamhan a dhath scrubaill a bheadh orm, rud a ghoid = dhá mbeinn a' faghail ocrais, ní bheadh aon-charghaos orm rud a ghoid.
Is beag ag a' té atá in anshógh, do-ní a dhéanamh = ní bhíonn aon-scrúball ná aon-charghaos ar fhear ocrais, doibeart ná droch-ghníomh a dheanamh.
Ní milleán a' bith air é, lá's go raibh sé fághail an-shógha.
+
An t-ángar a's a' t-an-shógh a chleacht sé chuile lá ariamh = ní bhíodh a sháith le n-ithe aige ariamh.
Is mór a baineadh as a chleachta é. Anois tá sé ar an-shógh = 'sé a chonnaic an dá shaoghal: chleacht sé fuighleach, ach anois, tá sé ar a mhaltraid.
TUILLEADH (16) ▼
A' scríobadh leis an anshógh, 's a' cur stuaim ar a' nganntan atá sé ariamh = bhí sé imbéal na gortan ariamh, agus b'éigean dó tíoghbhus agus barainn a dhéanamh, agus an méid a bhíodh le n-ithe aige, a chuir chomh fada in Éirinn agus d'fhéadfadh sé.
Cailleadh é le an-shógh = cailleadh é leis an ocras.
Ní fhaca sé aon-lá de'n anshógh ariamh, go dtí anois fhéin = chleacht sé fuighleach ariamh go dtí an saoghal seo fhéin.
Sé'n t-an-shógh a thug bás dó
Sé'n t-anshógh an buachaill! = sé'n t-anshógh atá indon duine a lagadh. (Tabhair faoi deara gur buachaill adeirtear le an-shógh, ach cailín le imnidhe)
Badh cheart dó cleachta mhaith a bheith aige ar an an-shógh, a's a liachtaighe uair ab éigean dó a dhul ' chodladh in a throscadh.
Níor cheart go mbeadh suím a' bith aige 'san an-shógh; tá'n chleachta mhór aige air anois.
Is mór a' tóir atá ag an an-shógh ar a' mbaile céadna fharrus baile a' bith eile sa tír.
Ní fhaca muid ariamh acab ach anshógh agus ocras
Dheamhan a' miste leis sin faoi anshógh daoine eile an fhad's tá rud aige féin.
Is beag ag na buic sin anshógh na mbocht.
Deirimse an-shógh leat, ach's i mBaile Átha Cliath atá an t-anshógh = bí a' cainnt ar ocras, ach is imBaile Átha Cliath atá an t-ocras agus an ganntan.
Tá'n bhail sin air ó anshógh (le an-shógh, de barr anshógha, in geall ar an-shógha).
Faoi an-shógh atá sé ó'n lá a rugadh é, ní dhá roinnt leis é.
Faoi anshógh a's faoi ocras atá sé ariamh
Má tá maith sa'n an-shógh, shaothruigh muid (fuair muid) a' (ar) gceart di, ní a' ceasacht ar dhia é.
+
Is mise a thóig as an an-shógh é, agus sin é mo bhuidheachas anois = déarfadh duine seo, nuair a déarfadh nó a dhéanfadh duine eile rud eicínt in t'aghaidh nar chumaoin dó
Is mé a choinnigh as an an-shógh ariamh iad, ní dhá bhuidheachtáil orrab é, agus is beag a bhreathnóchaidís siar orm anois = is mé a thug rud le n-ithe dóibh ariamh, agus nílim ina dhiaidh orra, ach ní chuimhneochaidís orm anois, agus rud aca fhéin.
TUILLEADH (6) ▼
Rinne mé tárrtháil air, nuair a bhí sé 'san an-shógh, agus is beag a mheas orm anois.
Tá sé as anshógh anois, ó fuair sé an méid sin fóirithine = tá sé réidh leis an an-shógh; ní bheidh an-shógh air níos mó.
Sí'n udhachta 'thug as anshógh é.
Tiubharfa an t-airgead a fuair sé as Ameriocá ó anshógh é (deirtear freisin uaidh in áit ó go minic inGaillimh i.e. d'imthigh sí uaidh na fear.).
Chaith sé fada go leor sa (faoi) n-anshógh, ach tá sé aisti anois. Chonách sin air. 'Is fhearr eirghe as ná tuitim ann'.
Cuirfe an cupla punt adeirigh leis an t-anshógh thairis = beidh riar a' cháis aige 'sna cupla punt a fuair sé.
+
Cá'ide an t-an-shógh air? = cá'ide ar a' ngánn-chuid, nó a' faghail ocrais é.
Ná leig aon-an-shógh ort fhéin chúns bheidheas tú as baile = ná déan aon-leath-chuma ort fhéin; ná dean droch-oineach ort fhéin; ná fagh ocras ná docamhal.
TUILLEADH (6) ▼
Fuair tú amach é — a' té a leigfeadh anshógh air fhéin = tá tú 'g (dh)ul amudha faoi'n duine sin — ní bhfuigheadh sé sin aon-ocras, mar is soláthruidhe nó fáitcheallach maith é, agus tá éadan aige.
Is beag a' baoghal air siúd, aon-anshógh a leigean air fhéin, chúns a bheadh tada le goid ná le fuadach.
Dhá bhfaghadh sé le goid ná le fuadach é, ní bheadh aon an-shógh air.
Sin é an t-anshógh eile air sin = níl aon-anshógh ná ángar air.
Dheamhan an-shógh air siúd, ná cuid d'anshógh
Ní bheidh an-shógh a' bith air sin, deirimse leat = ní bhfuighe sé ocras ná ángar a' bith, mar is togha fáiteallaigh é.
·
Seán: Cé'n t-an-shógh atá ort anois; Pádraic: Tá, anshógh an ocrais.
'Is cuma le bolg lán, céard a dhéanfas anshógh an ocrais'; ní miste le subhach sáthach, céard a dhéanfas an-shógh an ocrais (sean-fhocla) = is beag ag a' sáthach a' seang
+
Fear anshógha anois é, go bhfiacha ('bhféacha) Dia air! = fear ocrais é.
Tá marbhú duine ar fhear anshógha = duine a bhfuil ocras air, is beag aige duine a mharbhú, le beatha a fhaghail.
TUILLEADH (3) ▼
Tá lucht an-shógha a' saothrú an tsaoghail anois = níl aon-duine ná aon-cheo le fóirithint a dhéanamh orra(b).
Deir siad go bhfuil go leor lucht an-shógha (go bhfuil go leor ar an-shógh) imBaile Átha Cliath.
As an anshógh a fáisceadh a leath sin = ní bhfuaireadar ariamh ná a muínntear rompa(b) ach ocras agus ángar.
b.
Anshógh a dheanamh ort fhéin = troisceadh; gan biadh a ithe; céadlacan fada a dhéanamh, 'déanamh d'uireasbha bidh. Déarfaidhe freisin é, le duine a dhéanfadh éagcóir ar bith ar a chorp, cuirimigcás gan ingne a chos a bhearradh, go mbeidís ag ithe isteach sa bhfeoil, gan léine ghlan a chuir air fhéin, gan leaba shocamhlach a bheith aige etc. An-shógh a dhéanamh ar dhuine eile = gan beatha a thabhairt dó etc.
+
Rinne tú anshógh ort fhéin; thug tú anshógh duit fhéin = rinne tú éagcóir ort féin; leig tú do bhéilí thar am
Is fear é atá déanamh anshógha air, féin, nó tá mise ag (dh)ul amudha go mór.
TUILLEADH (17) ▼
Is túisce a dhéanfadh sé an-shógh air féin (is túisce a leigfeadh sé an-shógha air fhéin; is túisce a thiubharfadh sé an-shógh dó féin) ná scarfadh sé le pighinn (ná leigfeadh an phéisteántacht, a' cneagaireacht, an crádhas croidhe, an carghaos etc dó, pighinn a chaitheamh) = throiscfeadh sé, sul a gcaithfeadh sé aon-phighinn.
Is beag aige an-shógh a dhéanamh air féin = ní chuireann sé suim ar bith idtroisceadh nó déanamh d'uireasbha bidh.
B'fhearr leis an-shógh a dhéanamh air féin, ná teang(mh)achtáil leis a' sparán.
Is caillte an chaoi de dhuine an-shógh a dheanamh air fhéin, scáth an beagán a chaithtear ar bheatha.
Déanadh sé an-shógh air fhéin má's breagh leis é! Is fearr leis a' bóithreoireacht ná 'theacht abhaile aigeán a bhéilí.
Rinne sé an-shógh air fhéin, leisce scaradh le pighinn de, agus tá daoine eile a' tabhairt gaoithe dhó 'na dhiaidh = bhí carghaos ar fhéin pighinn a chaitheamh, go fiú's ar bheatha agus é beo, agus anois tá daoine eile dhá chaitheamh go frasach th'éis a bháis.
Rinne seisean an-shógh air fhéin a' déanamh airgid, agus tá a shógh ag daoine eile anois = fuair seisean ocras a' soláthar airgid, agus tá sógh an tsoláthair sin ag daoine eile anois.
Is maith an aghaidh air a' bhail atá air — fear a' bith a rinne anshógh air fhéin agus ar a chláinn le sainnt san airgead.
Níl aon-duine ariamh dhá ndearna an-shógh air fhéin agus rud aige, nach gcaith(f)idhe a chuid go spóirteamhail ina dhiaidh.
Ba bheag aige an-shógh a dhéanamh air féin, agus feacha (féacha) a chlann anois imthighthe 'un dreabhláis = ní itheadh seisean a leath-dhóthain, le sainnt agus antlás, agus anois tá a chlann rabairneach, frasach, agus tugtha do'n ól.
Ní díol truaighe 'bith duine a dhéanfas an-shógh air fhéin agus rud aige.
Níor orduigh dia do dhuine anshógh a dhéanamh air fhéin (cineál leath-fhocal a bhíos de leithscéal ag lucht rabairne, nó daoine a bhíos mór-thráthach.)
Sin é an ceann céadna nach ndéanfadh aon-anshógh air féin.
B'éigean di an-shógh a dheanamh uirre fhéin, le greím a choinneál le na cuid páistí.
Déanfa sí anshógh go maith ar a' gcailín, ach 's beag an luath aice an-shógh a dhéanamh uirre fhéin = tá sí a' tabhairt ocrais do'n chailín, ach níl sí a' tabhairt aon-ocras di fhéin.
An té a dhéanfas an-shógh air fhéin, as crádhas croidhe, ní mórán truaighe é = an té a thiubhras ocras dó fhéin, le carghaos a chuid a chaitheamh, ní truaighe 'bith é.
'A chúim chuit ar anshógh a mb'ainm dó géar-call; nó a bhriongláin de ghéagán a thuitfeadh de chrann' (sliocht as amhrán le Colm a' Bhailís — "An Ceannaidhe". Sin ceann de na samhaileanna a thug sé dhó com cuit a gheobhfadh ocras)
+
Is mór an náire dhuit an-shógh a dheanamh ort fhéin mar sin, nach gcuirfeadh léine ghlan ort féin.
Bhí tú a' deanamh an-shógha ort fhéin ag obair, agus an bhail sin a bheith ar do chois.
TUILLEADH (7) ▼
Bhí tú 'déanamh anshógha ar do chois, nar bhearr tú na h-ingne sin.
Rinne tú anshógh ort féin a bheith a' siubhal agus thú chomh cróilighe sin.
Ba bheag a' dochar duit anshógh a dhéanamh ort fhéin, ag tógáil meadhchan mar sin = ní iongantas a' bith gur bhain tú stangadh asad fhéin (gur ghortuigh tú thú féin) a' crochadh meadhchan.
Is suarach an t-íongnadh é 'déanamh anshógh air fhéin agus é ar a tháirm ó mhaidin go faoithin = ní dhearna sé aon-chomhnuidhe ach a' obair leis ó mhaidin go faoithin, agus ní iongnadh 'bith mar sin, gur ghortuigh sé féin, nó gur oibrigh sé é féin thar a spreacadh.
Rinne sé an-shógh air fhéin ag iomchur ualaighe = bhain sé stangadh as fhéin, nó ghortuigh sé é fhéin.
Níorbh bheag dó a raibh d'an-shógh air cheana, agus gan tuille anshógh a dheanamh air fhéin = bhí sé sáthach dona cheana le éalang (sin nó bhí an saoghal a' gabhail dhá maidí air) agus gan é fhéin a bheith in a chionn-tsiocair le tuille a chuir air fhéin.
Ní raibh call a' bith dhó an-shógh a dheanamh ar fhéin = níor chall dó é fhéin a ghortú, nó ocras a thabhairt dó féin.
3.
éalang, ciréim.
a.
+
Tá anshógh eicínt ar a chois = tá éalang ar a chois; níl úsáide a choise mar is ceart aige.
Cá'il a' t-an-shógh air? = cá'il a' t-éalang air
TUILLEADH (21) ▼
Tá anshógh a's éalang ar a' duine bocht, agus ní beag dó a dhonacht = tá sé sáthach dona ag an gciréim atá air.
Ní beag dhó a bhfuil d'anshógh air — úsáide a láimhe cáillte le na ló aige
Tá an-shógh air le na ló = beidh éalang air an fhad's mhairfeas sé.
Isteach annseo, faoi na chorróig, slán a' tsamhail, atá an t-anshógh air.
Tá sé in an-chaoi ag an an-shógh atá air = fágann a' t-anshógh in ainriocht é.
Tinneas mo bhuilg a' t-anshógh atá orm, agus ní measa an-shógh eile.
Ní chuir(f)idhe le táilliúracht é, marach anshógh a bheith air.
Dhá laghad anshógh dhá bhfuil air, is mór atá sé a mhilleadh faoi.
Ágrócha dia air é, a láimh a thógáil ag créatúr a raibh an-shógh air = bainfe Dia sásamh dhe, faoi rádh's fear éalannach a bhualadh; foillseocha Dia é féin air, faoi dhul a' fiacha ar fhear cithréimeach.
Is air atá 'chuile anshógh má's fíor dó fhéin = tá criotán a's cithréim a's éalang a's 'chaon tsórt air, agus bíonn sé i gcomhnuidhe a' casaoid a's a' fuasaoid.
Tá chuile anshógh air, dhá raibh ar aon-fhear ariamh.
Sé'n feall a bhfuil d'anshógh uirre, arae ba bhreagh an bhean í.
Is beag í a dhíol oibre, agus shílfeá nach le na bhfuil d'an-shógh air é.
Tá'n chois a bhfuil a' t-an-shógh uirre ag (dh)uil roimhe i gcomhnuidhe = an chois éalannach atá aige, ní fhéadann sé aon-cheart a bhaint di, amanntaí.
Dhá mbeadh an-shógh air, faoi chéad, shílfeá nach taobh leis an oiread sin oibre a dhéanamh 'bheadh sé.
Níl déantús maitheasa 'bith ann, marab é an t-anshógh atá air, atá dhá dhéanamh dhó = níl aon-rath ag obair leis, marab é, an t-éalang atá air, is cionntaighe leis.
'Sé is fearr a' bith agus a' bhfuil d'anshógh air.
Bhí an-shógh ar 'chuile dhuine de'n dream sin, ní dhá roinnt leo(b) é.
Tá'n láimh a' bhfuil a' t-anshógh uirre as cumraidheacht ar fad, ní a' faghail loicht ar ghna(ithe) Dé é!
Cá'ide an t-anshógh air.
Níorbh fhiú dhom a dhul a' fiacha air, agus a' t-anshógh atá air = níorbh fhiú dom mo láimh a thógáil aige, faoi rádh's éalang a bheith air.
+
Ar thug sé an t-anshógh as bruínn leis? = a' raibh an t-éalang air, nuair a rugadh é.
Is mór a' mío-shlacht air, an t-anshógh sin, dhá laghad é = is mór atá an t-éalang atá air — dhá laghad é — dhá chuir as a shlacht.
TUILLEADH (4) ▼
Níor chás dó é 'bheith taobh le an-shógh, faoi nar marbhuigheadh uilig é.
Thiocfadh sé ó'n anshógh, marach a' tinneas a bhuail é = ní hé an t-éalang a bhí air a thug aon-bhás dó, ach tinneas eile a bhuail é.
Ní chuirfe an méid sin anshógha aon-cheo as go deo dhó = an t-éalang atá air, ní chuirfe sé siar tada é in a ghnotha ná in a chuid oibre
Is beag aige siúd anshógh na comhursan = ní chuireann éalang ná ainriocht na comhursan, aon-bhuaic ná aon-imnidhe air; is furasta leis codladh ar chneadha duine eile.
·
D'eirigh anshógh dó, in a ghasúr, agus tá úsáide a láimhe caillte ó shoin aige = tá éalang air ó bhí sé in a ghasúr, agus níl mórán srachta sa láimh aige ó shoin.
Cá'r eirigh an t-an-shógh dhó? = cá bhfuair sé an gortú? Cá'r donuigheadh é?
b.
+
Is bocht a' t-anshógh atá air; is bocht é 'anshógh = droch an-shógh é; an-shógh caillte é; droch-éalang é.
Níl fhios ag duine ar bith cá'il anshógh an duine eile = ní bhíonn (fhio)s ag aon-duine cá'il a' t-éalang ar a' duine eile (nó cá luigheann a' bhróig air).
TUILLEADH (1) ▼
A anshógh fhéin a bhío(nn)s a' déanamh imnidhe de chuile dhuine. ('Sna trí shompla dheireannacha seo, ní móide gur éalang ná cithréim a bheadh i gceist. Déarfaidhe é le rud a' bith a ghoillfeadh ar dhuine).
+
Go dtuga dia fóirithint (nó fuascailt) do 'chuile chréatúr a bhfuil anshógh air! = déarfaí é ag altú an bhídh oidhche chinn bhliadhna, nó nuair a bheithí a' cású donachta le duine nó a shamhail.
Chuile dhuine agus anshógh féin! = chuile dhuine agus éalang féin; chuile dhuine agus a chúrsaí féin a' déanamh imnidhe dhó. Déarfaidhe seo, nuair a labhar(f)aí ar dhuine eicínt a bhí 'casaoid, nó a raibh dlighteanas eicínt a' teacht treasna air, a gcaithfeadh sé freastal dó.
TUILLEADH (2) ▼
Ní bhíonn duine ar bith gan an-shógh féin = bíonn ughdar casaoide eicínt ag chuile dhuine; ní bhíonn duine a' bith gan imnidhe eicínt a bheith air.
Cá'il a' té atá gan an-shógh féin.
+
Fág le m'anshógh fhéin mé (adéarfadh duine le duine a bheadh a' spochadh as, nó 'cur chaidéis' air, nó in éadan).
Fág le na n-anshógh féin iad = ná cuir araoid ná caidéis ar bith orra; tá a sáith imnidhe agus lear orra fhéin cheana, agus ná bac thusa leo(b).
TUILLEADH (6) ▼
Ba chóra duit é fhágáil len anshógh féin, agus gan ceist a' bith a chuir air (ceist = caidéis; araoid; cur isteach ná amach)
Is mairg dhuit nár fhága le'n an-shógh féin é = ba cheart duit gan cuir chuige ná uaidh.
Mo chomhairle dhuit é 'fhágáil len anshógh fhéin.
'gcuire dia an rath (an t-ádh) ort, agus fág i m'anshógh féin mé.
Diadhachta dhuit nár fhága le'n an-shógh féin é = bhí agad gan araoid a' bith a chuir air.
'Fágfa mé le na n-anshógh féin sib', adeir Céadtach le na h-amhuis (rádh as Scéal Fiannuidheachta — "Céadtach Mhag Fhinn, Rí Éireann")
+
Creidim gur éanacha beannuighthe as ríoghacht m'athar féin a's mo mháthar sibse, ag tigheacht le cabhair agus ar cuairt chugamsa anocht nuair a chonnaic sibh an t-anshógh orm (Loinnir Mac Leabhair — l. 130) = ocras, angar, cruadh-chás.
Ní leigfe mise anshógh a' bith ort = gheobhfa tú do sháith len' ithe agus le'n ól uaim, agus beidh tú ar do sháimhín sógha ar chuile chaoi.
TUILLEADH (1) ▼
Níor leig mise anshógh a' bith ar a' gclainn sin, an fhad's d'fhanadar agam.

An-shógh in iontrálacha eile (7)

 
cíos
Dheamhan cíos na camhlach a bheidheas ar a' gcéad líne eile 'íoc dhá réir sin. Muide inDomhnach a bhain a' méid sin cirt amach de na tighearnaí, ach 'ní hé an té a shaothruighea(nn)s fhagha(nn)s' adeir siad. Is mór is fiú go mbeidh a shógh ag duine eicínt dar ndóigh.
 
Dhá mbadh fear bóthair a's bealaigh é, ba chuma airgead aige ná uaidh, ní fheicfeadh sé aon an-shógh. Bhí sé chomh maith do'n strainséara nach bhfaca sé ariamh, a's bhí sé do'n chomhursa. A's bhí a shliocht air: tháinic a' saoghal bruigheanach ar a shochraide.
 
breá
Is gearr ó bhí siad in árachaí a chéile, a's nach breagh go raibh siad mór le chéile, chomh luath a's a tháinic an t-an-shógh orrab.
 
daol
Má theangmhuigheann daol leis siúd is maith gasta a bheidheas sé ag tabhairt an tsráid amach do Mh. Ní rachainn faoi dhuit go gcaithfidh sé oíche Nodlag seo chugainn faoi shógh ann choidhchin. Má chaitheann, 'sé a chloch-neart é
 
Ba é an lá deacrach di, ní dhá roint léithe é, an lá a ndeacha brat pósta uirre i dtosach. Is beag de shógh an tsaoghail adeirigh léithe ó shoin
 
Nach air atá an deisiú istigh ar an teallach. Is agam a bheadh an sásamh anois, splanc dhearg a ghreamú dhá thóin, dhá mbadh rud é a chuirfeadh as a shógh é beagán
 
Tá an doicheall uirre. Sin é an rud atá uirre, agus ar 'chuile dhuine dár bhain léithe. Bhí neart dó (de) ionnta sin ariamh. Ach fág iad len a n-an-shógh féin. Ní beag dhóib rud dá bhfuil orra. Diabhal é muis