Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Aorthann
féar maith caithrighthe láidir a d'fhásfadh i dtalamh láidir tirm. Is minic nach dtugtar ar aon-chineál amháin féir chor a' bith é, ach go mbeadh dú nae trí ('dhó nó trí) de chineálachaí thrídh na chéile, ach fás maith agus caithriú 'bheith déanta aige.
·
Thiocfá go muinéal in aorthann ann.