Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Arrannta
Féach Foclóir an Duinnínigh: ach is mó de'n droch-mhúineadh agus de'n ghangaide atá ann ná de'n chantal a's de'n phriaclacht. Níl ainm-fhocal ná briathar ag gabhail le arrannta
+
Bhí múineadh ar fhear a's leanbh aca(b) nach bhfaca mé ar a lán; Gach uile nídh dhár thaithnigh liom gan gársamhlacht, gan grabaireacht; Gan focal ar bith arranta, ach a ndéanadh muid de ghreann (sliocht as "an bás" — Colm de Bhailís) (Taghd, fearg nó olc atá i gceist le "arrannta" thuas).
Níor dhubhairt sé focal arrannta le aon duine ariamh.
TUILLEADH (7) ▼
Níor chuala mise ná aon duine eile smid arranta as a bhéal ariamh.
Níl sé sin arrannta ná anglánta chor a' bith, ní hé sin fhearacht agaibhse é.
Bhíodh sé arranta go leor fadó, ach is mór a leig sé faoi le goirid.
Tá sé arrannta agus d'eireochadh dhó.
Bhí cliobairí sáthach arrannta ar a' mbainis aréir, dhá bhfaghaidís a' té thiubhradh áird orra(b).
Tá sé chomh h-arrannta le aon-amhlóir dhá bhfaca mise, i gcaith(eamh) an tsaoghail ariamh.
Má bhíonn sé arrannta annsiúd, is furasta dhó comráduidhe 'fhághail = is furasta dhó fear eile a chasadh leis a bheidheas chomh h-arrannta 'chuile ordlach leis fhéin, agus is maith 'na chéile an cúpla annsin.

Arrannta in iontrálacha eile (4)

 
conán
Conán breagh sásta é. Dheamhan focal arrannta adéarfadh sé le aon-duine choidhchin.
 
beo 1
Ó'n lá sin go dtí an lá atá indiu ann, níor labhair mise focal arrannta le S. ná ní labhrócha an dá lá is beo mé.
 
breá
Marach a' nathuighdeoir breagh seo amuigh, ní bheadh focal arrannta a' bith ann ó thús fhéin.
 
luach
Níor chaith sé focal arrannta le aon-fhear ariamh, agus go dtuga Dia a luach anois dó! = guidhe glóire is na Flaithis tar éis bháis duine.