Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Bhíodhg (mhíog? míog?)
an mhion-ghráig a leigeas leipreachán nó éan óg; páiste ag éagcaoineadh; nó pataire a' séideadh feadóige go neámhaidhe.
·
Leig a' t-éinín bhíodhg 'san uibh, a mhama.
Chuala mé an t-éinín a' leigean bhíodhg istigh sa mblaoisc.
+
Ná leig aon-bhíodhg as a' bhfeadóig sin anois.
Tabh(air) (dh)omsa í, (feadóg), go leige mé bhíodhg maith aisti.
TUILLEADH (2) ▼
Bhí sí 'cur corr-bhíodhg aisti ar a' teinteán, más tinn a bhí sí nó nach h-eadh.
Leig sé bhíodhg neámhaidhe uaidh, aniar as a' seomra.

Féach freisin

Bhíodhg in iontrálacha eile (2)

 
aibí
Níor thúisce corra chainnte buailte agam air, ná bhí sé abaidh (ch)ugam = ní baileach a bhí bleid buailte agam air, ná chuir sé stiúir chainnte ar fhéin agus a bhíodhg sé chugam.}}
 
dóigh 3
Tá tú dóighte {{= a lán cleis agus cluichí, bíonn "dóghadh" ionnta: sé sin duine a ghabhail, nó a fhastú, nó lámh a leagan air, agus cuirtear pionús ar an té sin annsin, nó caithfidh sé a dhul in áit an duine eile a dhóghas é, nó comhairtear puintí ins an gcluiche in a aghaidh. Cuirim i gcás "'bhFalach Bhíodhg". Is cluiche simplí é. Teigheann duine A. ar chúla leachta nó cloiche nó a leithide agus cromann sé síos agus a shúile clúduighthe aige, agus imigheann an chuid eile amach ar fud an ghiodáin, go dteighidh siad i bhfalach. Cho luath agus a fhuagróchas duine aca ar A. go bhfuil siad i bhfalach, nó a dhéanfas siad comhartha dhó, eireochaidh sé agus fágfaidh sé an daoradh (an áit a raibh A. cromta nó cloch in aice leis) dhá dtóruigheacht. De réir mar a bhéas sé ag dúiseacht an dreama eile as a n-áit faluighthe, leanfaidh sé iad le breith orra, nó láimh a leagan ar dhuine aca. Féachfaidh siadsan leis an daoradh a shroicheamhaint gan a ngabhail nó a "ndóghadh". An té a n-eireochaidh le A. lámh a leagan air nó a ghabhail, beidh an té sin "dóighte", agus caithfidh sé a dhul isteach agus cromadh ag an daoradh, mar a rinne A. an geábh roimhe sin, agus beidh cead a choise ag A. féin a dhul i bhfalach anois. Déantar geábh eile de'n chluiche ar an gcóir chéadna. Tá dóghadh in a lán cluichí agus siamsaí eile freisin. Leis an liathróid a déantar "an dóghadh" ins an gcluiche corr. Buailtear an té a bhíos in a rithte-reathach, leis an liathróid, agus bíonn sé dóighte. Tá dóghadh i bpúicín, i gclocha péire agus i gcluichí eile freisin