Bhíodhgaighil (mhíogaighil?)
—
an mhion-ghrágghail a bhíos ar leipreacháin, ar scaltáin, ar shicíní, nó ar éanachaí óga, go h-áithrid sul a dtagann siad amach as na h-uibheachaí.
+–
Tá scoilb ar na h-uibheachaí, a's na sicínní le cloisteáil a' bhíodhgaighil istigh ionnta(b).
'gcloiseann tú an bhíodhgaighil atá orra(b). Is gearr go dteaga (dtaga) siad amach.
TUILLEADH (4) ▼
Tá scoilb ar na h-uibheachaí le dhá lá, ach níl aon-bhíodhgaighil aca(b) fós.
Chuala mé an ghoisín roilleach a' bhíodhgaighil istigh i bpoll a' chlaidhe. Tá mé 'ceapadh gur easóg a d'árduigh léithe í.
Má tá siad a' bhíodhgaighil is neámhaidhe é (éanachaí in uibheachaí)
Céard a bhéarfadh dhóib a bheith 'bhíodhgaighil fós nach 'bhfuil seachtmhain eile orra(b)?
+–
Tá sé 'bhíodhgaighil annsin ar a' teallach ó mhaidin, a's gan fhios againne céard atá air = duine a bheadh ag éagcaoineadh go neámhaidhe.
Cé'n sórt 'bhíodhgaighil atá ortsa. Má tá pian ort, árduigh leat a' chodladh.
TUILLEADH (2) ▼
Ná bí a' bhíodhgaighil leis a' bhfeadóig sin, nó dúiseocha tú an páiste = an ceol a bhaineas patairí as feadógaí.
Leig do do chuid bhíodhgaighle (l leathan) anois, nó tiubhra mise luach do chuid bhíodhgaighle dhuit.
Féach freisin
→
mhíogaíl