Bog-Fhorloch
—
gailige sruth; sruth mór in abhainn nó i sruthán etc.
+–
Tá bog-fhuarloch san gclaise seo thiar = sruth maith nó gailige sruth, nó tuile a bheadh cab ar chab le na bruacha, ach ní móide go mbeadh sí (an chlaise, an abhainn etc.) ag cur thar béal, nó dhá mbeadh gur beag é
Rinne sé scáird mhaith bháistí le cupla lá. Tá bog-fhuarloch san Sruthán Mór
TUILLEADH (5) ▼
Ní fhéadfaidh tú móin a chur aniar annsiúd gan tóchar a dhéanamh ar an bhfiodán. Nach bhfuil a fhios agad go bhfuil bog-fhuarloch ann anois, agus na tuiltí a chaith sé le seachtain
Gabhfaidh bradáin suas ar an mbog-fhuarloch seo
Tá bog-fhuarloch deas san abhainn inniu. Theastaigh sin uaithi. Dhá seasadh an triomach seachtain eile, diabhal an sdriog a bheadh inti. Meastú nach ndeachaidh mé treasna tirm ag bun na habhann arú aréir!
Diabhal mé go ndeárna sé bog-fhuarloch as an múirín gréine sin. Ach deir siad gurb é an múirín gréine an múirín is déine ar bith
Deir tú leis an mbaile se'againne a raibh bog-fhuarloigh ann inné, agus gan deóir ar bith agaibhse. Nach leatromach a chaith sí í!