Buig-shíne
—seo é an focal a bhíos i leaba "boigréis" in Iarthair Chonamara (Camus, Rosmuc etc). Féach "boigréis", "boigréiseach."
—Níl aon-aidiacht a' gabhail le "buig-shíneadh".
—
+–
Is beag a' bhuig-shíne í.
Níl a leath-oiread de'n bhuig-shíne a' siubhal léithe.
TUILLEADH (10) ▼
Ní bhfaigheadh sí in a claonta, an oiread sin buig-shíne a bheith innte, a's go gcaithfeadh sí scilling ag an ngasúr = 'Sé a nádúr a bheith cruadh coinneálach a's ceanamhail ar an airgead.
Cé uaidh a dtug sí an bhuig-shíne chor ar bith? Ba chruaidhchte é 'hathair ná na clocha.
Is mór a' t-iongnadh go leigfeadh an croidhe dhó, an oiread sin fhéin a chaith(eamh) le buig-shíne.
Uair 'sna naoi n-áird a bhfaigh(f)idhear aon-cheo uaidh le buig-shíne.
Cé'n bhuig-shíne a bhain dó, le gur sheas sé deoch (dh)uit?
Ní le buig-shíne a thug sé an méid sin uaidh, ach le faitchíos a mbain(f)idhe leis fhéin. 'Is maith an rud grádh nó faitchíos'.
Deasócha sí siúd leat, má airigheann sí aon-cheo buig-shíne ionnad. = glacfa sí a bhfaighe sí uait go bog.
Is mairg (dh)uit nar shín isteach leis, ó d'airigh tú an-bhuigshíneadh ann. = ba chóir dhuit deasú isteach leis, a's a bhfaightheá a ghlacadh uaidh, ó bhí an fiuntas ann faoi na chuid.
Tá athrú eicínt le theacht ar a' saoghal, muis, má tá indán's go raibh an oiread boig-shíne i J. M. a's gur sheas sé leath-ghalún!
Má bhí an oiread sin buig-shíne ann, indiu, indomhnach b'anna(mh) leis. Ní fhaca dia ná duine a' seasa(mh) deoch ná blogam ariamh cheana é, ach dhó fhéin.