Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Bollamántacht
a' cainnt go goirgeach go colgach nó go gaisceamhail; glagaireacht; glaodhmaireacht.
+
Dhéanfá bollamántacht go maith, ach is beag a' chur leis atá ionnad.
Leig de do chuid bollamántacht' anois, a's ná bíodh na daoine a' gáirí fút.
TUILLEADH (3) ▼
Chaith sé an oidhche a' bollaireacht a's a' bollamántacht dhá bhfaghadh sé an té 'thiubhradh áird' air = bhí sé glagaireacht a's a' déanamh gaisce, a's cothú achrainn ar feadh na h-oidhche, ach níor thóig aonduine suas air é, ná ní dheacha aon-duine inglacamus lámh leis faoi.
Má thugann tú áird' ar a chuid bollamántachta sin, a' troid a's a' bruighin a bheidheas tú 'chuile oidhche Dhomhnaigh sa mbliadhain.
Chuirfeadh Pádraig ó bhollamántacht é, dá dtugtaí cead a chinn dó.