Nualitriú
Bunlitriú
Brochán (brachán)
—
deoch a déantar as uisce a's min-bhuidhe nó min-choirce. Cineál leite.
a.
+–
Ní ar bhrochán a tóigeadh mise chor a' bith, ní hé sin duitse é, ná de do dhreám.
Tá cead cainnte ag 'chuile dhreám, ach ag dreám a' bhrocháin.
TUILLEADH (3) ▼
Céard 'tá tú 'rádh a ghiolla an bhrocháin? = fear ólta an bhrocháin.
Bíodh smideannaí beaga agad anois, a ghiolla an bhrocháin.
As a' mbrochán a fuinneadh a's a fáisceadh thú a chleiteacháin.
+–
Níor ól aon-duine dhár bhain liomsa ariamh brochán jumpers, ní hé sin duitse, ná de do dhreám é.
Brochán jumpers an chéad bhiadh sa sliogán aige sin = is ar bhrochán jumpers a tóigeadh é idtús a shaoghail.
TUILLEADH (1) ▼
Bheadh ciall 'chuile dhuine 'bheith cainnt a's a' déanamh gaisce, ach bruthtuinn bhradach a' bhrocháin = níor mhilleán ar aonduine a bheith 'déanamh gaisce, cé's moite de ghrifisc bhradach a' bhrocháin (brochán jumpers nó a mhacsamhail a bhíos i gceist annseo.)
+–
Lucht an bhrocháin = leas ainm maslúthach ar dhaoine nar chleacht faice ariamh (nar chleacht ach brochán).
Tá lucht an bhrocháin a' teacht anois
TUILLEADH (3) ▼
Ní de lucht a' bhrocháin mise chor a' bith, ní hé t'fhearacht féin é.
Chleacht mise rud, ní hé sin do lucht an bhrocháin é!
Is leitheadaighe a labhra(nn)s lucht an bhrocháin ar a' saoghal seo, ná dream ar foghnamh.
b.
+–
'Brochán ó 'réir é, a's is mairg nar téidheadh é' (leath-fhocal, adeirtear le sean-scéal súgh-chaithte, bréag nar cuireadh aon-athrú uirre, nó sean-rud atá ar a' múnla céadna i gcomhnuidhe). (Tá sean-scéilín ann mar mhíniú ar a' leath-fhocal seo).
'Sé'n brochán ó 'réir' é an cáca sin anois agad = tá sé cruadh nó ro-fhada bruithte.
TUILLEADH (2) ▼
'Sé'n brochán ó aréir' aca(b) anois é, bheith 'cainnt ar a' scéal sin.
'Brochán ó aréir' é an mórtas sin anois = beirt a bheadh i bhfad a' suirghe.
c.
+–
Tá'n brochán doirtighe = tá'n carthannas caithte; tá siad briste amach le 'chéile; tá achrann eatorra.
Tá'n brochán dóirtighthe faoi (dh)eire, th'éis an fhad a's bhíodar mór le chéile = beirt a bheadh a' suirghe, a's a dtiocfadh eatorra.
TUILLEADH (15) ▼
Aindeoin gur thugadar láimh a's focal dá chéile, tá'n brochán dóirtighthe.
Is fada dhá luadh iad, a's tá'n brochán dóirtighthe faoi dheire thiar = is fada i gceist iad a bheith mór le chéile, ach tá siad briste amach faoi dheire.
Bhí fhios agam go maith go raibh an brochán dóirtighthe, nuair nach 'bhfaca mé abhaile ó'n Aifreann iad abuil a chéile.
Níor shíl mé go dtiocfadh sé sa saoghal go deo, go mbeadh an brochán dóirtighthe eatorra(b).
Tá'n brochán dóirtighthe faoi (dh)eire, th'éis a' t-achar a chaitheadar a' coinneál chomhluadair.
Tá'n brochán dóirtighthe. Sin é i gcomhnuidhe, an chúirtéaracht fhada nó'n bhádóireacht chois teallaigh.
Bhí fhios agam go maith gurab amhla 'bheadh sé as a dheire, an brochán a bheith dóirtighthe.
Níl siad ro-gheal dhá chéile chor a' bith le fada, ach ní rabh fhios agam go raibh an brochán dóirtighthe ar fad.
Is fada an lá an brochán dóirtighthe eatorra(b) sin.
Má d'ionnsuigh sí mar sin é, tá'n brochán dóirtighthe.
Ní raibh ceapadh 'bith fhéin agamsa, go raibh an brochán dóirtighthe, mar bhí siad chomh mór le chéile, le láir bhán a's coca féir.
Is geárr ó bhí siad 'na dhá gcuid déag le chéile, a's má tá'n brochán dóirtighthe anois, níl fhios aghamsa cé'n scéal é.
Níl sé bliadhain fós ó bhí sé 'na scéal mhór go rabhadar a' gabhail a' pósadh, a's is aisteach a' scéal é, má tá'n brochán dóirtighthe anois.
Ní hé an brochán atá dóirtighthe amháin, ach tá siad in árrachaí 'chéile 'chuile ré soluis.
Shílfeá nach mbeadh roínnt punann ná dornán eatorra, a's sé'n chaoi bhfuil siad anois, go bhfuil a' brochán dóirtighthe.
d.
+–
Tá an saoghal in a bhrochán = corrach, briste, clampar, cogadh a's catmara ar siubhal; na ríoghachtaí in árrachaí 'chéile.
Is gearr gur in a bhrochán a bheidheas a' saoghal mara bhfuil ag Dia.
TUILLEADH (11) ▼
Ach grásta Dé, déanfa siad brochán de'n tsaoghal le na gcuid coga.
Tá'n saoghal breagh suaimneach anois le fada, ach níl cuid de na daoine sásta go bhfeice siad 'na bhrochán aríst é.
Nar chomhnuighe siad, go ndeana siad brochán de'n tsaoghal aríst mar rinne siad cheana.
Tá'n saoghal go mór ar forbhás le bliadhanta beaga anuas, a's tá faitchíos orm gur gearr go bhfeice tú na bhrochán aríst é.
Sé'n coga céadna a d'fhága an saoghal ina bhrochán ceart críochnuighthe, sé sin.
Níl a' dream sin sásta go bhfeice siad a' tír ina brochán aríst.
Dhá dtugtaí cead a gcinn de'n dream sin, is gearr go mbeadh an tír in a brochán acab.
'Sé bhfuil ó chuid de na daoine an saoghal 'fheiceál 'na bhrochán. Tá siad a' ceapadh go n-árdócha beithidhigh.
Dheamhan ar mhiste le cuid de na daoine, an saoghal a bheith ina bhrochán ar maidin, dhá n-árduigheadh eallach.
'Chuile shórt, ach gan a' saoghal a bheith 'na bhrochán mar bhí sé cheana.
In a bhrochán a bheidheas sé — ní hé 'mhalrait de chosamhlacht atá ar a' saoghal.
e.
+–
Tá'n aimsir ina brochán anois = í an-bhriste; ceann-faoi uirre ar fad.
'Bhfaca tú aon-bhrochán d'uair ariamh mar í.
TUILLEADH (3) ▼
Tá'n lá ina bhrochán anois.
Má mhaireann do'n uair seo, beidh 'chuile shórt in a bhrochán = gheobha chuile shórt amlughadh, a's beidh siad millte.
Bhí an teach in a bhrochán le bruighin a's achrann.
Féach freisin
→
dóirt