Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Nualitriú Bunlitriú
brachán
deoch a déantar as uisce agus min bhuí nó min choirce. Cineál leite.
a.
+
Ní ar bhrachán a tógadh mise chor ar bith, ní hé sin duitse é ná do do dhream.
Tá cead cainte ag chuile dhream ach ag dream an bhracháin.
TUILLEADH (3) ▼
Céard atá tú a rá a ghiolla an bhracháin? — fear ólta an bhracháin
Bíodh smideannaí beaga agat anois, a ghiolla an bhracháin.
As an mbrachán a fuineadh agus a fáisceadh thú a chleiteacháin.
+
Níor ól aon duine dhár bhain liomsa ariamh brachán jumpers, ní hé sin duitse ná do do dhream é.
Brachán jumpers an chéad bhia sa sliogán aige sin — is ar bhrachán jumpers a tógadh é i dtús a shaoil
TUILLEADH (1) ▼
Bheadh ciall chuile dhuine a bheith ag caint agus ag déanamh gaisce, ach bratainn bhradach an bhracháin — níor mhilleán ar aon duine a bheith ag déanamh gaisce, cé is moite de ghrifisc bhradach an bhracháin (brachán jumpers nó a mhacasamhail a bhíos i gceist anseo.)
+
Lucht an bhracháin — leas ainm maslúch ar dhaoine nár chleacht faice ariamh (nár chleacht ach brachán)
Tá lucht an bhracháin ag teacht anois
TUILLEADH (3) ▼
Ní de lucht an bhracháin mise chor ar bith, ní hé t'fhearacht féin é.
Chleacht mise rud, ní hé sin do lucht an bhracháin é!
Is leitheadaí a labhranns lucht an bhracháin ar an saol seo ná dream ar fónamh.
b.
+
'Brachán ó aréir é agus is mairg nár téadh é' (leathfhocal adeirtear le seanscéal súchaite, bréag nár cuireadh aon athrú uirthi, nó seanrud atá ar an múnla céanna i gcónaí. Tá seanscéilín ann mar mhíniú ar an leathfhocal seo)
'Sé an brachán ó aréir é an cáca sin anois agat — tá sé crua nó rófhada bruite.
TUILLEADH (2) ▼
'Sé an brachán ó aréir acub anois é, bheith ag caint ar an scéal sin.
Brachán ó aréir é an mórtas sin anois — beirt a bheadh i bhfad ag suirí.
c.
+
Tá an brachán doirtithe — tá an carthanas caite; tá siad briste amach le chéile; tá achrann eatarthu.
Tá an brachán dóirtithe faoi dheireadh, théis an fhad agus a bhíodar mór le chéile — beirt a bheadh ag suirí agus a dtiocfadh eatarthu.
TUILLEADH (15) ▼
Ainneoin gur thugadar láimh is focal dá chéile, tá an brachán dóirtithe.
Is fada dhá lua iad, agus tá an brachán dóirtithe faoi dheireadh thiar — is fada i gceist iad a bheith mór le chéile, ach tá siad briste amach faoi dheireadh.
Bhí a fhios agam go maith go raibh an brachán dóirtithe nuair nach bhfaca mé abhaile ón aifreann iad abuil a chéile.
Níor shíl mé go dtiocfadh sé sa saol go deo go mbeadh an brachán dóirtithe eatarthub.
Tá an brachán dóirtithe faoi dheireadh, théis an t-achar a chaitheadar ag coinneáil chomhluadair.
Tá an brachán dóirtithe. Sin é i gcónaí, an chúirtéireacht fhada nó an bhádóireacht chois teallaigh.
Bhí a fhios agam go maith gurb amhlaidh a bheadh sé as a dheireadh, an brachán a bheith dóirtithe.
Níl siad rógheal dhá chéile chor ar bith le fada, ach ní raibh a fhios agam go raibh an brachán dóirtithe ar fad.
Is fada an lá an brachán dóirtithe eatarthub sin.
Má d'ionsaigh sí mar sin é, tá an brachán dóirtithe.
Ní raibh ceapadh ar bith fhéin agamsa go raibh an brachán dóirtithe, mar bhí siad chomh mór le chéile le láir bhán agus coca féir.
Is gearr ó bhí siad ina dhá gcuid déag le chéile agus má tá an brachán dóirtithe anois, níl a fhios agamsa cén scéal é.
Níl sé bliain fós ó bhí sé ina scéal mhór go rabhadar ag gabháil ag pósadh, agus is aisteach an scéal é má tá an brachán dóirtithe anois.
Ní hé an brachán atá dóirtithe amháin, ach tá siad in árachaigh a chéile chuile ré solais.
Shílfeá nach mbeadh roinnt punann ná dornán eatarthu, agus 'sé an chaoi bhfuil siad anois go bhfuil an brachán dóirtithe.
d.
+
Tá an saol ina bhrachán — corrach, briste, clampar, cogadh agus cat mara ar siúl; na ríochtaí in árachaigh a chéile.
Is gearr gur ina bhrachán a bheas an saol mura bhfuil ag Dia.
TUILLEADH (11) ▼
Ach grásta Dé, déanfaidh siad brachán den tsaol lena gcuid cogaidh.
Tá an saol breá suaimhneach anois le fada ach níl cuid de na daoine sásta go bhfeice siad ina bhrachán aríst é.
Nár chónaí siad go ndéana siad brachán den tsaol aríst mar a rinne siad cheana.
Tá an saol go mór ar forbhás le blianta beaga anuas agus tá faitíos orm gur gearr go bhfeice tú ina bhrachán aríst é.
'Sé an cogadh céanna a d'fhága an saol ina bhrachán ceart críochnaithe, 'sé sin.
Níl an dream sin sásta go bhfeice siad an tír ina brachán aríst.
Dhá dtugtaí cead a gcinn don dream sin, is gearr go mbeadh an tír ina brachán acub.
'Sé a bhfuil ó chuid de na daoine an saol a fheiceáil ina bhrachán. Tá siad ag ceapadh go n-ardóidh beithígh.
Dheamhan ar mhiste le cuid de na daoine an saol a bheith ina bhrachán ar maidin dhá n-ardaíodh eallach.
Chuile shórt ach gan an saol a bheith ina bhrachán mar a bhí sé cheana.
Ina bhrachán a bheas sé — ní hé a mhalrait de chosúlacht atá ar an saol.
e.
+
Tá an aimsir ina brachán anois — í an-bhriste; ceann faoi uirthi ar fad.
An bhfaca tú aon bhrachán d'uair ariamh mar í.
TUILLEADH (3) ▼
Tá an lá ina bhrachán anois.
Má mhaireann don uair seo, beidh chuile shórt ina bhrachán — gheobhaidh chuile shórt amlú agus beidh siad millte.
Bhí an teach ina bhrachán le bruíon is achrann.

Féach freisin

brachán in iontrálacha eile (14)

 
Shíl mé gur ag cur farasbarr ar an gcuibhiúlacht a bhí mé le é sin a dhéanamh, ach is cosúil gurb éard a rinne mé brachán den scéal
 
cleite
Is mór an t-ionadh dhó a dhul ag coiriúint ar Nóra muise, ós í an cleite is fearr ina sciathán fhéin í. Ach is cosúil go bhfuil an brachán dóirtithe!
 
Tá an brachán dóirtithe aríst. 'Sé an chaoi a bhfuil a fhios agamsa é, arae bhí M. ar cuairt againn aréir agus chaith sé scaitheamh maith ag coiriúint ar Sh. N. agus ag rá gur scrataí gan mhaith a bhí ann. Sin é d'inseodh dhuit nach bhfuil siad mór le chéile.
 
Is furasta buinneán breá mná a fháil, ach cén mhaith sin. Ní breáichte a ghníonns brachán ach min, adeir siad.
 
fleasc
Tá fleasc eicínt air seo thíos le seachtain. Briste amach leis an gcailín atá sé. M'anam gur chuala mé go raibh an brachán dóirthe
 
fiach 1
Ní raibh ann ach go mbeadh suaimhneas aige sa teach feadh is an deartháir a bheith díbrithe aige. Tá sé díbrithe anois ach ní raibh an teach ina bhrachán ariamh mar a bhí sé le seachtain: é fhéin agus an mháthair in oighear an chochaill. Ar ndóigh nuair a fhaightear an chú ní fhaightear an fiach, adeir siad
 
fuacht
Diabhal ar féidir gur áitigh siad a chéile mar sin. Anois ru. Agus tá an brachán dóirte ainneoin chomh geal dhá chéile agus a bhí siad. "Comhfhad a théas teas agus fuacht; comhfhad a théas fuacht agus grá", adeir siad
 
Nach bhfuil an cúpla sin déanta suas le chéile aríst. Má b'fhíor go raibh an brachán dóirte: troid na mbó maol a bhí ann sílim
+
déan 1
Rinne an saol brachán ar fad le gairid — níor fhan cuma ar bith air; tá sé an-chorrach
TUILLEADH (1) ▼
Ní dhearna an saol brachán dáiríre gur thosaigh an cogadh seo
 
díol 2
Níl aon díol ariamh dhár thug tincéara ar a bhean nár thug sé seo thuas ar an gcliamhain an lá faoi dheireadh. Thug sé "gadaí na gcruach" agus "giolla na bhfaochan" agus chuile shórt air. Tá an brachán dóirte anois agus beith te te ann sílim
 
Ní thabharfainn trumpa gan teanga ar dhóighiúlacht an domhain fré chéile d'uireasa rud eicínt ina theannta. Ní breáichte a ghníos brachán ach min adeir siad. Is beag an mhaith an dóighiúlacht mura mbeidh rud agat
 
dóirt
Tá an brachán dóirte — tá an carthanas caite (fc. brachán)
 
téigh
Ní théann sé tigh Sh. chor ar bith anois. Tá an brachán dóirte