Brónfháscadh
—
+–
Shíl mé gur airigh mé ag brónfháscadh (brúnfháscadh) ar ball í, ach diabhal cor aice fós. Fan as a bealach mar sin féin faitíos na fálach thuas = cloch a bheitheá ag iarraidh a bhriseadh nó a chaitheamh anuas, agus a mbeadh cloch eile fúithe nó in a bealach. Sén brúnfháscadh an gioscán nó an torann a bhainfeadh sí as an gcloich eile (fc. spalla bróin)
Ní bheadh ort anois ach spalla ar bith san mballa a chorraí agus d'aireochthá na clocha uilig ag brúnfháscadh a chéile. Is gearr go dtuite sé uilig in a bhrúisc
TUILLEADH (2) ▼
Bíonn an-bhrúnfháscadh ag an dúrlinn sin nuair a bhíos tarraint faoi chladaigh. Diabhal go gcloisfeá an gíoscán a bhíos aice annseo
Oíche an Fheothain Mhóir anuiridh, meastú nach raibh an balla sin thiar ag brúnfháscadh. Tá sé scoilte go talamh ar aon-chor