Brúightín
1.
fataí bruighte a mheilt nó a mhionnú, a's amanntaí im a chuir thríotha. Tugtar "brúightín" do pháistí.
+–
Nach thú an páiste go ndéanfaidhe brúightín duit!
Tá sé in am agad eirighe as a' mbrúightín feasta choidhchin.
TUILLEADH (2) ▼
Níl aon-im agam le brúightín a dhéanamh dhuit.
Caithfe tú an brúightín a ithe ar aghaidh, d'uireasbha ime.
2.
leathnóg nó mionbhach a dheanamh de rud a' bith.
+–
Thuit cloch ar mo chois, a's tá sí 'na brúightín.
Tá a láimh ina brúightín in áit ar rugthas idir dhá chloi(ch) uirre.
TUILLEADH (4) ▼
Deanfa mé brúightín díot le iarraidh.
Rinne sé brúightín dá smut le dorna = chuir sé as cuma é.
Tá'n criathrach in a bhrúightín ag a' tuile = tá sé chomh bog le gruth
Shuidh sé ar mo hata a's rinne sé brúightín dhe faoi.
·
Ní raibh mé in mo bhrúightín ariamh go dtí anois = tá mé sáinnighthe nó i gcruadh-chás. Tá mé ar a' bhfaraor géar.
Tá'n saoghal (an aimsear etc) in a bhrúightín anois = tá an saoghal etc corrach, briste nó in a bhrochán.