—
+–
Is breagh an buinneán gotha atá aige = tá guth breagh árd aige; is breagh uaidh amhrán a chuir amach dá chroidhe.
Nach breagh an buinneán glóir atá aige? = glór láidir, árd.
TUILLEADH (8) ▼
Is beag 'aireochas tusa amhrán a rádh, bail ó Dhia ort. Tá buinneán breagh gotha agad.
'Sé is fhearr buinneán gotha anois, sa taobh seo.
Sheasfá sa sneachta ag éisteacht léithe a' gabhail 'Bhean an Fhir Ruaidh'. Tá'n an-bhuinneán gotha aice, bail ó Dhia uirre.
Ba bhreagh an buinneán gotha a bhí aige, tamall, ach tá'n aois anois air.
Dheamhan de chailleadh air a' mbuinneán gotha atá aice fós, th'éis nach bhfuil fiacail in a dranndal.
Is gártha an buinneán de ghlór a bhío(nn)s aige, nuair a bhío(nn)s braon sa gcírín aige. Chloisfeá thiar adtuaidh é. Is beag a' dochar dhó tinneas cinn fhéin a bheith air, a's an bhúithreadhach a bhío(nn)s aige.
Shílfeá go dtóigfead sé an ceann de'n teach leis a' mbuinneán ceoil a chuir sé dhó.
Chuirfead sé na cuacha 'chodladh leis a' mbuinneán gotha atá aige.
Buinneán in iontrálacha eile (6)
→
airde 2
Tá 'chuile bhuinneán de na "meaingeals" sin aoirde mo chloiginn = tá siad chomh h-ard liom fhéin in áit ar rith siad.
→
iontach
Is iongantach fada a d'fhás na mangols sin. Tá siad in a mbuinneáin ó thús bliana = rinne siad luirgne nó cosa móra fada; "rith" siad.
→
feoigh
Na pabhsaethe a chuir mise annsin amuigh, rinne siad buinneáin idtosach, ach shlabhc siad annsin. Maran cheal uisce é. Tá siad feóite ar fad anois, ar chaoi ar bith
Is deas dóigheamhail an buinneán mná í, bail ó Dhia agus ó Mhuire uirre. Ba dual di sin 'ar ndú'. Bhí a máthair féin amhlaidh
→
dún
Dá naomhtaí mé anois, chinnfeadh orm aon amhrán a rádh, agus ná bíodh aon-ghuth agad orm. Tá buinneán an ghotha ar fad dúinte le seachtain ag "fliú" nó cat mara eicínt