1.
an crotal a's an cineál lócháin a bhíos fágtha théis eorna, cruithneacht nó seagal a bhualadh. ("Lóchán" a tugtar ar fhuigheall an choirce amháin, ní thugtar é ar fhuigheall eornan, cruithneachta ná seagail, aindeoin an amhráin: "D'imtheochadh an ceo agus an brón de mo chroidhe, mar imthigheas an lóchán de'n eorna le gaoith"). Cuilgní: iolraidh de (ii), (iv) a's leithidí eile (ii) a's (iv) réamhráidhte.
+–
Chaith sé an lá dhá ionnfairt fhéin sa gcolg.
Má ghníonn sé báisteach, beidh an tsráid in a ciseach ag an gcolg sin. Breagh nar chart sib suas 'san iothlainn é, as a' mbealach.
TUILLEADH (2) ▼
Is maith an leaba muc é an colg sin.
Ná bí do do romhar fhéin sa gcolg sin, a's dhá thárlú leat ar fud na h-áite.
2.
barrach garbh an lín.
+–
Colg lín a bhí ann.
'Tharraingeochaidís thríd an tlú gairmid é (an líon) le na ghairmid nó a scóthadh nó leis an mbarrach agus an colg a bhaint dhe. 'Sé a mbeadh fágtha annsin, an chois, gan colg ná barrach, a's í an-mhín. Deiridís go mbíodh leigheas pian bhuilg sa mbarrach. Ní bhaistfeadh a' sagart fadó gan a' bharrach, mar sa gcolg a rugadh Mac Dé (Sliocht ó Sh. Ó. Ch. a' cur síos ar a' líon).
TUILLEADH (2) ▼
'Fear mín a's bean bhorb, a's Mac Dé 'na luighe 'sa gcolg'." (Rugadh Mac Dé, adeirtear, sa gcolg. Bhí lánamhain ann, a's bhí an fear sásta Muire Mháthair a leigean isteach, ach ní raibh a bhean. Is amhla a thúsuigh an leath-rann réamh-ráidhte).
Mheil sé idir chrotal a's cholg a's a raibh ann í.
3.
eite ar dhéis eornan.
+–
Tháinic eorna amach annseo an bhliadhain cheana, a's is beag a' cholg a bhí chor a' bith uirre.
'Sé bhfuil le déanamh agad breathnú ar cholg na déise a's beidh fhios aghad ar a' bpuínnte é.
TUILLEADH (1) ▼
Is géar na rudaí iad na déasachaí (diasachaí) eorna sin, arae bíonn cuilgní ar an eorna, rud nach mbíonn ar a' gcoirce.
4.
eiteadhachaí géara ar bhric áithride.
+–
Tá cuilgní ar a' mbreac sin.
Seachain na cuilgní sin ort fhéin, Dia aithnighthear!
TUILLEADH (5) ▼
Eirigh as! Is fánach an chaoi a bhfuileochadh na cuilgní sin ort.
Níl aon-bhreac i bhfairrge is mó cuilgní ná'n cluan mara. Cuilgní é as éadan.
Is beag a' (de) chuilgní chor a' bith é an ballach. Tá sé mín le cuimilt.
Mara dtuga tú rí-aire dhuit fhéin ar a' mbreac sin, gearrfa na cuilgní thú.
Ní féidir breith ar bhod gorm le na bhfuil de chuilgní air, a's tá sé amhla le n'ithe. Is deacair solamar a' bith 'fhaghail air, le na bhfuil de chnámha ann.
+–
Tá go leor cuilgne ar a' ngrainneoig.
Tá an oiread cuilgní ar a' droighean bradach sin, a's nach bhfágfadh siad liobar éadaigh ort = deilgní.
TUILLEADH (1) ▼
Chonnaic mé gráinneog marbh annsin thíos ar a' mbóthar, a's na cuilgní 'bhí uirre briste ar fad.
5.
a.
fionnfadh muiníl madaidh in a shlatachaí, a's é franncuighthe, nó "madaramhail", nó fionnfadh ar bith, ar a' gcaoi chéadna.
+–
Chuir an madadh colg ar fhéin liom = d'eirigh fionnfadh a mhuiníl suas in a shlatachaí.
D'airigh an madadh easóg nó luch ann, arae chuir sé colg ar fhéin, a's d'ionnsuigh air a' smóracht, a's a' sméaracht faoi bhun a' chlaidhe.
TUILLEADH (7) ▼
Chonnaic mé an sceannadóir de mhadadh sin aige a' teacht amach, a's a' cur chuilg air fhéin liom, a's dheamhan a rabh fhios agam a dtiocfainn ar m'aghaidh nó ar mo chúl.
Ní mé céard tá aige ann. Tá colg air.
Gadhair an-fhranncuighthe an cineál sin. Is furasta leo(b) colg a chuir orra(b) fhéin, a's spréachadh.
'B’fheiceann tú an colg atá ar a' mbitheamhnach? Is beag a' tsiocair a gheobhfadh sé sin anois, go n-ionnsuighead sé thú.
Bhí sé istigh annsiúd i súil na h-áfaighe a's colg air; fé'int a dtiocfadh aon-ghadhar isteach chomh fada leis. Dheamhan bealach le é sin (broc in áfach) a chur amach, ach neart deataighe a chuir faoi'n tsrón aige. Chaithfeadh sé treabhadh nó tiomáilt (tiomáint) a dhéanamh annsin.
Ar a' dá luath a's a chonnaic an madadh é, chuir sé colg air fhéin, a's thug sé amhóg le na fhastú. Ach níor leis-sean (cat) ab fhaillighe é, chuaidh sé de léim ghlan-eascartha sa gcrann, a's anuas as sin ní thiocfadh sé, dhá gcaithteá leis, go maidin.
Ná bac le madadh 'bith 'chuirfeas colg air fhéin le duine mar sin ar a' bpuínnte. Dheamhan mórán áirge é, le bheith in a ghoire.
b.
olc, buile, buile chatha, buile a's báinidhe, cuthach, franncamhlacht, madaramhlacht, ingeallta, coipthe, ollmhuighthe 'un achrainn; oibrighthe.
+–
Tá colg ar mo dhuine = tá sé oibrighthe; tá buile chatha air.
Ba bheag eile adéarfá, go dtagadh colg air.
TUILLEADH (12) ▼
Má chuireann tú colg air sin, dheamhan a' baile a chuirfeas aon-fhoighid ann. Mar sin, is fhearr duit leigean de'n nathaidheacht in am. 'Nuair is fhearr an sugradh, seadh is fhearr leigean dó' adeir siad.
Tháinic colg air, leis a' sagart, nidh nach iongnadh, arae bhí sé dhá chur idteannta críochnuighthe gan ala gan adhbhar.
Bhuail cuthach a's colg é d'aon-iarraidh, a's gan aon-duine 'cur chuige ná uaidh.
Deirimse leatsa, má thagann colg ar a' mbruithteachán sin leat, gur deacair é 'mhíniú síos aríst. Dheamhan fear is measa ná é sin a casfaidhe leat in do shiubhal ionnsuidhe.
Ar a toirt a's ar samhluigheadh íocuigheacht leis, tháinic colg air, a's chuaidh sé i ngealta.
Má tá colg air, dheamhan neart aghainne air. An craiceann céadna ar théigh sé, fuaruigheadh sé aríst ann, má's breagh leis é.
Má chuireann tú colg air, dheamhan a bhfuil ar a' mbaile a cheannsóchas é. 'Bhfeiceann tú an chrobh láimhe a's an clár droma atá aige, bail ó Dhia a's ó Mhuire ar a' bhfear!
Dar a shon go ngéillfinnse dhá chuid cuilg. Dheamhan scóchas a chuirfeadh sé ormsa, dá mbeadh sé ag gabhail le cuthach ar feadh na h-oidhche.
Shaghadfadh cuid is lugha ná sin é, a's ní hé an ribín réidh é, deirimse leat, a's colg air.
D'eirigh sé suas chomh stonnach i lár a' tighe agus colg air, a's mhaithfeá do Dhia gan a bheith in a ghoire a's an teanga a bhí aige. Mhasluigh sé faoi a's thairis a raibh ann.
Níor mhaith dhuit aon-araoid a chuir air an uair sin, má tá indán's go raibh colg air, a's b'anna(mh) leis, nach mbeadh.
Tá colg nimhe air = an-cholg.
Colg in iontrálacha eile (7)
→
colgach
Mara raibh d'ughdar aige a bheith colgach, ach a' méid sin, inDomhnach 's furasta colg a chuir air. Dheamhan a bhfuil sé muise, ach in a thús. Sin é an méid.
+
Sé'n Colg Céadtach a thagadh ar Chúchulainn. Níor mhaith de dhuine a bheith míoladóireacht in a thimcheall, cheapfainn, nuair a bhuaileadh an reacht sin é (de réir na sean-scéal, thagadh "riastradh" ar Chuchulainn. "Colg céadtach" a thugas na sean-anndúirí air).
TUILLEADH (1) ▼
B'fhearr duit gan mé a spreogadh anois, a mhic ó. Tagann a' colg céadtach orm.
→
drann
Níl aon-oilbhéas ann le aon-duine eile, ach tá an t-oilbhéas ann leo sin suas, mar bhí siad ina ndroch-cheann dó ag caitheamh cloch leis, agus ag saghdadh mádraí eile ann. Nach maith a choinnigh sé an faltanas istigh ariamh dóib ina dheidh sin. Dheamhan uair dhá bhfeicfidh sé duine aca, nach dtosóchaidh sé ag drannadh, agus cuirfidh sé colg air féin
Shílfeá go raibh sé ag dul thríd an madadh gliobach sin ag "Pad" an madadh se'aghainne a ionnsuighe trathnóna. Chuir sé colg air féin cupla uair, agus thosuigh sé ag drannadh, ach ní dheachaidh sé thairis sin. Ní móide gurbh fhearr dhó fhéin a dhul!