Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Céileogach
aidiacht as céileog, nó baintear leas as "céileog" fhéin mar aidiacht amanntaí.
·
Gamhain céileogach a bhí aige = gamhain céileog a bhí aige.
Ní leigfeadh sé an bhudóg chéileog lag labhartha as naoi bpunt. Nuair a chonnaic mise nach leigfeadh, níor chuir mé aon-araoid air tí (ní) ba mhó.

Féach freisin

Céileogach in iontrálacha eile (3)

+
Níl na céileogaí chomh fairsing sa tír a's bhídís roimhe seo. 'Chaon darna bó a d'fheicfeá fadó, badh céileog í, ach tá na daoine a' leigean asta(b) go mór anois.
TUILLEADH (2) ▼
Dheamhan mórán tóir' a bhío(nn)s ag na ceannachthóirí ar na céileogaí sin chor a' bith. D'fheicfeá iad dhá bhfágáil 'na ndiaidh ar aontaighe.
B'fhurast 'aithinte iad — péire céileogaí a bhí ionnta(b). Dá gcastaí leat iad, ní fhéadfá gan sonntas a thabhairt dóibh, ar a ndath.