Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Fail
Ainmfhocal Buineann.
Geiniúnach Uathaidh: faile; falach.
snag nó cineál cársáin san gcliabhrach: hiccup.
·
Tá fail orm. Gráinne sóidí go bhfeice mé a dtiúrfaí sé réidh an achair dom

Fail in iontrálacha eile (13)

 
baing
Ní chuirfinn a' déanamh fail mhuc é, ní áirmhighim teach. Dheamhan baing a' gabhail leis a' mballa sin a rinne sé.
 
aice 2
Tháinic fail orm in' aice sin = in éindigh leis sin.
 
Tá fail na muc tuithte in aon-bhrúisc amháin.
 
Nach beag an áirdeall sib, a's na muca a dhul amach a's a' bhfail ingan-fhios daoib.
 
Tá lóchrann ar an gcroí ag na faolchoin gur bhuadh Sasana an cogadh. M'anam nach mórán áirge lucht airgid annseo féin. Bhíodh fuile faile fútha ag imeacht faitíos go n-eireódh tada dhá gcuid airgid
+
Bhí fuile faile ar fud an bhaile ar maidin inniu. Gasúir adúirt go raibh beitheach le M. Ó. F. i dtreascairt i scailp mhór na T., agus rith a raibh ann suas go dtugaidís as í. Dheamhan a raibh an bhó ann chor ar bith
TUILLEADH (4) ▼
Dar príosta bhí fuile faile faoi in ucht am dinnéir inniu: ag dul ag cur isteach coirce de dhá léim. Dúirt sé go ndéanadh sé an-lá. 'Ar ndú' mo chreach mhaidne, ní raibh ann ach an scalán sin
Bhí muid ag "stillhouse" agus an iarraidh críochnuithe go díreach. Dúirt duine eicínt go mba chosúil le póilíos a bhí ag nochtadh aníos ar an gC. B. Bhí sé in a fhuile faile san stillhouse, ag rith leis an bhfuisce agus leis an oirnis agus le bairillí. Dheamhan a dhath a bhí ann ach beithigh leis an mbaile ó dheas
Ní fhaca tú aon-fhuile faile ariamh ó rugadh thú mar a bhí faoi mhuinntir an tí seo thíos aréir. Chuaigh P. soir, agus dúirt sé léithe seo thíos go dtiocfadh sé ar cuairt ar a theacht anoir dó. Bhí gasúir amuigh ag iarraidh bainne, agus tae siúicre ar an toirt, agus díocas uirre fhéin ag fuint aráin. Go deimhin dhá dteagadh, bheadh óstachas faoin a chomhair. Ach baol air sin a theacht. Níor chuimhnigh sé amháin air
Ar a theacht anoir dhó ón mbéiréiste, chinn air a bhullán fhéin a fheiceál, agus tháinig sé in a fhuile faile air ar an bpuinnte, agus soir leis ar feadh an aonaigh aríst ag ceapadh gur goidhe nó imithe a bhí sé. 'Ar ndú' bhí an bullán as comhair a dhá shúil dhá mba léar dó é. Níor léar, mar bhí na beithigh úmuithe beagán ó a chuaigh sé soir roimhe sin
 
Chuaigh rud eicínt lem' anáil agus d'fháisc sé fail agus casacht orm
 
fidín
Nach ndéanfadh chuile fhear balla fidín? Céard atá ort ach riar clocha teangmháilte a fháil l'aghaidh máithreachaí? Diabhal aithne oraibh nach ag dul ag déanamh caisleáin atá sibh! B'fhearr dhaoib a dhul ag tóraíocht an Ghobán Saor go dtuga sé déanamh Chaisleán Bhaile an Chláir air! Is oraibh atá an fuile faile ingeall ar an sean-chlaidhe sin, agus go mbeadh sé déanta ag fear ar céallacan!
 
deis
Dhá mbeinn ar mo dheis, dhéanfainn sin féin, ach tálta (ó thárla) nach bhfuil caithfidh sé fanacht go mbeidh breith ag na daoine air. Níl rud ar bith is géire a thastuigheas timcheall an tighe faoi láthair ná fail mhuc