Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Failic, Failicín
Ainmfhocal; Buineann
1.
dorna, iarraidh; buille de chrobh na láimhe.
+
Bhuail sé failic orm = dorna; iarraidh
Má thugaimse failicín duit beidh cuimhne agad uirre
TUILLEADH (2) ▼
Buaileann sé corr-fhailicín orra de réir a láimhe
An fhailic is fánaí a gheobhfadh bó ar an dubhlia leagfadh sé í. Nach bhfuil an duine ar an gcaoi chéanna? Níl neart aige iarraidh ar bith a fháil ar an gcamóig ara nach bhfuil sé tuithe in a phleibistín
2.
mám coirce; bran etc.
+
Thug sé failicín maith coirce do na cearca = glac, mám
B'fhearr dhuit failicín choirce a chur thrí na fataí sin di. Ní beatha do chapall oibre fataí ar aghaidh
TUILLEADH (3) ▼
Coinníonn sé failicín bran ar chuid na laoghanntaí i gcomhnaí. Tá a shliocht orra: níl na cnámha amach thríotha mar atá thríd an gcuid se' aghainn féin
Fagh failicín gaineamh agus sciúr na stólta sin leis. Sin é a chuirfeas an ghlaineacht orra
Tabhair isteach failicín do na scriocháin (criocháin) sin; agus caith síos orra iad. Déanfaidh siad cearca
3.
neamh-thíomhas; plaicín ghabhair; rud a ídiú an-sciobha; gan aon-bharainn a bheith induine i dtaobh airgid, beatha agus eile.
+
Is gránna an chaoi an iomarca failice a dhéanamh ar an rud mar sin = plaicín ghabhair a dhéanamh dhe; é a ídiú de léim
Is bocht an diabhail daoibh gan aon-fhata a bheith agaibh agus an fhailic a rinne sib orra le dhá mhí. Tá ráithe eile fós ar fhataí nua. Tá a mh'anam, ráithe go láidir
TUILLEADH (4) ▼
Má thugann tú an t-airgead dó sin, déanfaidh sé failic air. Níl duine ar bith is dearfa dhuit a thabhairt dó na do Ph. Mise i mbannaí nach gcaithfidh sé sin é
Is diabhlaí an fhailic a rinne sib ar an móin le cupla lá. Dheamhan dhá chaorán ann anois, th'éis gur Dé Luain a bhí mé i gcoinne aistir. Is suarach an t-íonadh nach ndíolann sib aon-fhód, agus a bhfuil sib a dhóghadh
Fuair tú dhá onsa tobac Dé hAoine, agus is duit is mó náire, má tá siad caite agad. Ní fhaca mé aon duine ariamh is mó failic ar thobac ná thú. Dheamhan caint ar bith agad cá bhfuighfear a luach
Tháinig dhá ghalún déag fuisce, agus nach diabhlaí an fhailic a rinneadh air, agus nach raibh deóir ann ag an sé maidin Déardaoin. Dheamhan an sdriog. Ach ba deacair dhó: roinneadh in a channaí é, agus a raibh san teach tuithe

Féach freisin

Failic in iontrálacha eile (3)

 
Níl maith ar bith i bhfrasaíl. Féadfaidh duine a bheith gnaoidhiúil, gan failic a dhéanamh ar fad
 
B'fhurasta dó cumaoin a chur ar dhaoine. Dhá mbadh é a chuid fhéin a bheadh sé a chaitheamh, ba bheag a' lúth aige mórán failic a dhéanamh leis. = b'fhurasta dhó cumaoin a chur ar dhaoine, nuair nach raibh tada dhá chaillteamas féin leis.
 
Tuilleadh diabhail aige! Ní bheadh leath an chirt leis, dhá mbeadh sé ag dul a chodladh in a throscadh. Nuair a bhí fuigheall na bhfuigheall aige ní thiúrfadh sé aire dhó, ach ag déanamh failic agus drabhláis