—
faill; leigean, deis, seang, "opening", dóigh.
+–
Má fhaghann sé siúd fáill tiocfaidh sé isteach.
Ag iarraidh fáille atá sé go n-ionnsuighe sé iad
TUILLEADH (5) ▼
Níor ghoin mh'aire mise in am. Dhá ngoineadh ní bhfuigheadh sé an fháill sin. Ach ní bhíonn aon-mhaith san seanchas agus an anachain déanta
Ní bhfuair tú an fáill orra len a dtógáil. Dhá dtapuightheá iad an chéad-uair, agus ceann nó dhó a bhaint asta, bhí an báire leat. M'anam go raibh: sé pháin mhóra mhillteacha ann
An bhfuair an madadh sin fáill ar bith ar an sionnach? Cheapfainn dhá bhfaigheadh nar stró ar bith dhó caochláimhe a dhéanamh dhó, nó tá sé féin agus a chosúlacht in aghaidh a chéile
Breá ar thug sib an fháill dó? Is bocht nach dtóigfí sib! Nach bhfuil a fhios agaibh go mbíonn sé siúd i gcomhnaí ag faire ar an teach ósta sin, agus súil gabha indiaidh táirne aige, fea'int (feáchaint) a bhfeicfeadh sé tada ag corraí
Fáill ar bith a gheobhfas sé tá sé in a éadan. Is dona an buachaill óg é mara bhfuil aige ach a bheith ag saimhseáil le sean-fhear. Is maith dhuit an fháill a fháil a mhic ó. Tá agad gan do leas a leigean ar cáirde anois. Déarfadh S. gan leigean don ghoradh téachtadh, agus is fear é a mbíonn breithiúnas mór in a chuid cainnte
Fáill in iontrálacha eile (7)
→
fáideog
Má fhaghann Cóil fáill ar an bpíopa is leis ar feadh na hoíche é! Beidh sé dhá dhiúgadh annsin mar a bheadh cut ag cangailt páideóige. Ní fhágfaidh sé an ghail ghorm fhéin ann. Tá baol air
→
cinnire
Is deacair dhom tada a dhéanamh, a's mé chomh h-aonraic a's tá mé. 'D'orduigh cinnire congnamh', agus sin rud nach bhfuil aghamsa, ná fáill a' bith air.
→
beo 1
Bhí mé cruptha suas mar sin ar feadh na h-oidhche, ach nuair a fuair mé fáill ionntú ar a' taobh eile, d'airigh mé iasc beo a' teacht aníos thrídh mo chorróig, a's shíl mé go dtiocfad sé amach thríd mo chraiceann, bhí an oiread sin léimnighe aige.
Má bhíonn tú ag fanacht go bhfagha tú fáill anoir annseo air sin, sé féithiú an tsionnaigh ar mhagarlaigh an tairbh agad é. Dheamhan a chos sin a chuirfeas a chloigeann anoir thar bhéal an bhóthair sin an dá lá agus a bhéas sé beó
→
faltanas
Sin é anois ar dhúirt mé leis. Dheamhan smid eile, agus ní abróinn an méid sin fhéin, mar gur chuir sé chun caitheachtála dhom é. Ach dhá laghad é, tá an faltanas sin aige dom, agus má tá indán agus go bhfuighe sé fáill go deó, bainfidh sé siar asam é
Níl sé dlisteanach ag duine ar bith a dhul ag tógáil cuid na comharsan, ach ní miste ins an míádh le cuid de na daoine é ach an rud a fhuadach, má fhaghann siad fáill air