Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Faiteach
Aidiacht a fhreagraíos do fhaitíos, cé go mbíonn ciall le "faiteach" scaití nach mbeadh le "faitíos" amach agus amach.
a.
a bheith i bhfaitíos; scáfar; lionnraithe; drilleach; critheaglach.
+
Bíonn sé an-fhaiteach san oíche = faitíos roimh thaibhsí aige
Ná bac le cur ar a shon fhéin a bheith in Seán. Tá sé ro-fhaiteach. Dhá ndeirtheá leis gur mharaigh sé duine, ní leigfeadh an faitíos dó a rá nar mharaigh
TUILLEADH (3) ▼
Bhíodh muid an-fhaiteach fadó. Dhá bhfeiceadh muid póilí ná sagart ag teacht ghabhfadh muid thar claidhe nó go dteighdís tharainn. Tá teanntás thairis sin sna daoine anois
Is bocht an chaoi do dhuine a bheith cho faiteach sin ar fad. Céard a fhéadfas aonduine a dhéanamh ort?
Airíonn an girria sin nach bhfuil aon-chú agamsa. Deirimse leat dhá mbeadh go mbeadh sé faiteach thairis sin. Agus deir tú liom go raibh sé amuigh i nGarraí na h-Iothlann. Sách gar do na tithe a mhaisce. Gabhfaidh scaol annsin gan mórán achair muis má mhairimse.
b.
cúisiúil; coimhthioch; ro-gheitithe; ro-scanraithe; ro-scéinithe; giongach; neamh-theanntásach.
+
Duine an-fhaiteach é = "timid" an míniú is fhearr air seo thríd agus thríd
Tá sé cho faiteach agus a bheadh coinín
TUILLEADH (5) ▼
Capall an-fhaiteach í siúd aige = giongach, ro-scannraithe; ro-scéinithe
Nach hí atá faiteach anois nach dtaobhódh duine. M'anam nach bhfuil an deirfiúr eile amhla: gurb í atá friochanta, téisiúil agad!
Tá sé sin cho faiteach agus nach bhfuil teacht i láthair ar bith ann. Ní dhéanfaidh sé aon-chúis = coimhthioch, cuthaileadas air
Tá na caoirigh sin thuas an-fhaiteach má airíonn siad an madadh in éindigh leat
Níor fhan focal ar bith cainte aige ar a dhul suas ar an "stage" dó. Bhí sé in a fhudar fadar. Tá sé ro-fhaiteach l'aghaidh na ceirde sin. Níorbh fhuláir do dhuine an-cheann a bheith air le seasamh in áit den tsórt sin. P. L. an buachaill!

Féach freisin

Faiteach in iontrálacha eile (2)

 
Tá boc thar cíonn aige ach mar sin féin is corr-uair a theagas sé abhaile glan-eascartha ó'n daoradh bualadh. Tá sé ro-fhaiteach agus iad seo eile ro-imeartha.
 
díbir
Ba bheag an díbirt a d'iarr siad. Is ionann agus gur imigh siad dhá dtoildeona féin. Tá siad an-fhaiteach de'n tsaoghal