Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Farúch
Ainmfhocal; buineann
iolraidh: farúchaí
fráma no crannán a chuirtear faoi rud len a árdú den talamh. Cuirtear faoi chocaí féir, faoi chruacha coirce, faoi chearca i dtithe cearc, agus faoi theinteachaí a dhéanfaí amuigh é scaití. (Fara is mó a thugtar ar na maidí nó ar na cleitheachaí a gcodluíonn cearca orra. Thiurfaí fara ar chleith amháin dhíob agus faraí ar dhó nó trí de cheanna. Farúch a ghlaoidhtear ar shraith nó ar bonn cruach agus rl.)
+
Thart soir, cuireann siad farúch faoi na cruacha nó na stácaí, mar adeir siad fhéin. Fráma adhmad é. Bíonn an chruach árduithe den talamh uiliog aca. Ní theagann fútha, nuair a bhíos siad ar fharúch. Is deacair do na luchain a dhul suas ionnta ach oiread
Fadó bhíodh farúch annseo againn fútha (cruacha arúir), ach diabhal ceo a dhéanas an chuid is mó de na daoine anois, ach a ndéanamh ar bhonn cloch
TUILLEADH (2) ▼
Ní fuláir farúch a chur faoin gcoca sin, nó tiocfaidh faoi. Fagh saileánach agus driseachaí in áit eicínt. Socróidh mise sraith (chloch). Tá fraighfhliuchas a bhfaca tú ariamh san gcúinne sin
Bhí an t-urlár cho fliuch sin aige agus go mb'éigin dó a bhaint cúig nó sé de chuarta. Chuir sé líméar faoi, ach dheamhan maith a bhí ann. Bhí an ceann le fánaidh ag an uisce anuas annsiúd air. Thosaigh P. N. ag flithmhagadh faoi agus ag rádh go mba cheart dó a chrochadh agus farúch a chuir faoi mar a chuireas muinntir an Achréidh faoi na cruacha. Ba bheag nachar speir sé é.

Farúch in iontrálacha eile (1)

 
fara
Níl aon-deis farúch ag cearca sna tithe nua sin ach oiread, mara ndéana duine féin faraí dóibh. Ba bheag na faraí a bhíodh aca fadó sna sean-phúiríní, agus dar príosta bhíodh an oiread uibheachaí dhá mbarr agus atá anois