Feiste, Fínne
—In aon-leagan amháin "ina fheiste ná in a fhínne" (Achréidh).
—
+–
Ní dheacha mé in a fheiste ná in a fhínne ó shoin = níor thaobhaigh mé é; níor bhrúigh mé air; níor chuir mé araoid ar bith air
B'fhearr leis, dar liom fhéin, nach labhaireóinn chor ar bith leis. Tá a shliocht air. Ní dheachaidh mé in a fheiste ná in a fhínne ó shoin. Ná ní ghabhfaidh ach oiread
TUILLEADH (3) ▼
Fág mur sin é. Ná teirigh in a fheiste ná in a fhínne chor ar bith. B'fhéidir gur thú 'ionnsú a dhéanfadh an bhrúisc sin. Mo chomhairle dhuit fanúint uaidh
Bhótáil, adeir tú! Ara tá mé bréan daofa frén a chéile. Ní theighim in a bhfeiste ná in a bhfínne chor ar bith. Measaim gurb ugam atá an ceart.
Ní annsin a theighim ag an Aifreann duth ná dath. Rug sé orm maidin Domhnaigh amháin ag teacht deireannach agus thug sé aghaidh mar a thiúrfá ar mhadadh orm. Tabhair glafairt air a dhuine chóir! "Dheamhan mé" arsa mise liom péin, "má scagaim mé fhéin uait an babhtaí seo, nach go luath a fheicfeas tú aríst mé!" Agus ní fhaca. Ní raibh mé in a fheiste ná in a fhínne ó shoin. Teighim suas go dtí an fear nach mbíonn doifeall aige roimh aonduine
Féach freisin
→
fínne