Feothan, Feochan
—Ainmfhocal, Fireann
—Is iomdha leagan ar an bhfocal: feothan (/f′ōn/, /f′ōhəɴ/) thríd Chois Fharraige agus an chuid is mó de Chonamara. Ach mar sin fhéin "lá fearthainne agus feóchain" adeirtear, agus "teine fheóchain" (Camas, Rosmuc etc.) cé go gciallaíonn "feóchan" freisin withering agus rl. Tá "feó", "feóchan", agus "feóthan" in Árainn. "Feóchan" amháin a chuala mé ar an Achréidh, agus sén focal is coitiannta ar ghaoth mhóir nó ar stoirm ann é. Tugtar "feóchan" nó "feóchan gaoithe" amanntaí i gCois Fhairrge ar ghionnóid (dionnóid) nó ar dheóladh bheag gaoithe a bheadh ag árdú, agus gaimh ag teacht inte. Ach níl ann ach leagan eile ar "beochan" .i. "freshening")
—
gála maith; stoirm; gaoth dheannachtach; stolladh maith gaoithe; farradh mór; leathghála ar an bhfarraige etc.
a.
+–
Tá an oíche glanta amach 'un feothain (chun feochain: Achréidh) = cuma ghála nó stoirme ag teacht air
Tá an bháisteach stopha agus é glanta amach chun feothain ar fad. Diabhal a fhios agam nach séideadh in a stoirm a dhéanfadh sé. Níl aon-deagh-ghothadh air
TUILLEADH (8) ▼
Árdóidh sé in a fheothan = tiocfaidh gála
"Tiocfaidh stoirm, tiocfaidh feóthan; tiocfaidh gaoth mhór agus fearthainn. Imeóidh an solas do na réalta, den ghréin agus den ghealaigh" (as dán diadha a thosaíos: "Trí scóir a bhí an Naomh Joseph")
D'árduigh sé chun feóchain as sin go maidin. Bhí daoine in a suí ag ceapadh go mbeadh tithe ag fuadach
Tá linn mara dteaga sé chun feothain agus chun gaoithe móire
"Trí ghaoth gála; trí ghála feothan; trí fheothan gaoth mhór (nó stoirm); trí ghaoth mhór (stoirm) haraícéin (hurricane)" = comhairtear an ghaoth mhór igcomhnaí níos láidre ná feothan .i. "oíche na Gaoithe Móire" (1839)
Ní raibh baol ar bith ar na hoícheanntaí eile a bheith cho dona léithe maran ag dul chun feothain atá sí. Tá an ghealach an-scanruithe, agus í caite ar cúl a cinn siar adtuaidh
Bhí feóchan ar an bhfarraige inné. Curachaí a bhí thiar in Árainn Mhóir, d'fhéach sé iad a theacht aniar
Is minic le na glaschuanta sin feóthan a bheith orra. Siad na cuaifeachaí sin is measa
+–
Lá fearthainne agus feóchain a bhí ann = lá doininne agus gála; bhí gála agus báisteach ann i gcuideacht
M'anam nach bhfuil sé cho hantlásach agus go gcorróidh sé amach lá fearthainne agus feóchain. Tá na boínn le teine aige faoi seo, cheapfainn
TUILLEADH (3) ▼
Fanadh fear istigh lá fearthainne agus feóchain. Is iomdha lá thairis aige. Dheamhan maith san obair, má bhíonn duine as a shláinte
D'fhéadfá lá fearthainne agus feóchain a thabhairt air. Ní leigfeadh an lá céanna luch as poll ná diabhal as Ifreann. Ba daor a cheannuigh mise an lá sin
'Ar ndú ní lá fearthainne ná feóchain é le go bhfanadh sé istigh ag buachailleacht na splainnce inniu. Scáth an brádáinín báistí sin. Séard a dhéanfadh sé maith dhó! Is truagh ghéar nach raibh sé suas le mo línn-sa (nuair a bhí mise in m'óige)
b.
+–
Tá sé in' fheóthan mhór (/ɴ′ōn/) = tá sé in a ghála, in a stoirm
Ní fhágfaidh sé déas choirce gan scuireadh. Tá sé in' fheothan mhór
TUILLEADH (1) ▼
Dheamhan puth a bhí ann go dtí an seacht a chlog. Shílfeá gur ghéaruigh sí (an ghaoth) annsin. Ach idir an naoi agus an deich bhí sé in' fheóthan mhór. D'aireóchthá an teach dhá shníomh
+–
Ba shin í Oíche an Fheothain Mhóir = oíche an ghála mhóir; oíche na Stoirme
Oíche an Fheothain Mhóir ceathair nó cúig de bhlianta ó shoin, ba shin í an oíche thar oícheanntaí an domhain a raibh sé annseo. Bhí sé líonnruithe, mar tá an-fhuagairt ar ghála ag na teach seo
TUILLEADH (3) ▼
Dar príosta má mhaireann di is gearr go mbeidh sí in a hoíche an fheóthain mhóir
Ghabhfadh sé sin un farraige lá an fheóthain mhóir. Níl tada indon a choinneál istigh
An gcuimhníonn tú ar an lá fadó a rabhamar ag teacht as G. agus dhá "bhicycle" againn. Fuadaíodh thusa suas bóthar na bhF. Ba shin é lá an fheóthain mhóir ar chaoi ar bith
c.
+–
Sin scail fheóthain (scaltrachaí feóthain: Cois Fhairrge); sin teine fheóchain (Camas) = scaltracha a chaitheas sé le linn gairfin, nó ag tuaradh gairfin agus glas aimsire. Ní bhíonn tóirneach ar bith leo
Gheobhaidh tú tuilleadh breac-aimsire. Tá sé ag caitheamh scaltrachaí feothain anocht
TUILLEADH (2) ▼
An bhfaca tú an teine sin? Teine fheóchain í. Níl aon-deagh-uair fós air
B'fhéidir gur ag athrú na haimsire atá na léasáin sin. Ach m'anam go sílim nach ngabhfaidh sé ar dheagh-uair go ceann scathamh eile. Tá "seó" scaltrachaí feóthain dhá chaitheamh aige
d.
+–
Cluasa feóthain atá agadsa = duine a mbeadh cluais bhodhar aige, nó b'fhéidir nach mbeadh sí bodhar chor ar bith ach nach bhfeilfeadh dó rud áirid a chloisteáil, agus go leigfeadh sé chun neamh-áird é
Tarraing an cuaille de chluais sin agad. Cluasa feothan atá ort. Nach neamh-áirdiúil an chaoi a bhfuil tú!
TUILLEADH (1) ▼
An bhfuil tú ag éisteacht a chluasa feothain? Cogaram seo i leith!
Feothan in iontrálacha eile (4)
"Tiocfaidh stoirm, tiocfaidh feothan, tiocfaidh gaoth mhór agus tiocfaidh fearthainn; Imeóidh an solas as na réalta, as an ngréin agus as an ngealaigh … " (As Dán Diadha — "Trí Scóir a bhí an Naomh Joseph")
→
forbhás
Tá dhá bhríce ar formhás san simléar ó oíche an fheothain mhóir. Tuitfidh siad ar dhuine eicínt
Oíche an Fheothain Mhóir anuiridh, meastú nach raibh an balla sin thiar ag brúnfháscadh. Tá sé scoilte go talamh ar aon-chor
→
foithnín
Níor fhága an feothan mór siúd anuiridh fuinín ar an teach aige. Nocht sí isteach go caolach é = a dhath tuí dhín