Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Fiod-mhagadh
[ainmfhocal]
Mara chéile mórán [le frith]-mhagadh, ach go mbíonn níos lú den cheilteamas ann.
+
Cén sórt breith atá ort gur mian leat a bheith ag fiod-mhagadh faoi chuile dhuine. Ar chuala tú ariamh é: an té a bhíos ag magadh, bíonn a leath faoi fhéin
Droch-rath ar a streille! Tá sé ag imeacht i gcomhnaí agus cáir fhiod-mhaga mar sin air. Shílfeá air gurb é fhéin togha an domhain. Ní hé muis ach an díogha
TUILLEADH (1) ▼
Eirigh as an bhfiod-mhagadh anois. Nuair is fhearr an sugradh is eadh is fhearr leigean dó. Ní maith rud ar bith a sheadú

Féach freisin