Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Fionnú
Ainm-Bhriathar
solas ag teacht ar éigin, in a léas shuaite.
+
Chonnaic mé solas an lae ag fionnú i gcomhlaí na fuinneóige = ní bheadh ann ach go dtiocfadh sé thrídh na siuntaí ar éigin
Bhí an fhuinneóigín cho beag sin agus nach raibh ann ach go raibh an bhán-soillse ag fionnú inte
TUILLEADH (3) ▼
Feicthear dhom go bhfaca mé dé eicínt ag fionnú ag Árd T. D. mara duine eicínt a bheadh ag lasadh "match" é.
Níl tada ach go mbeadh an prionnda ag fionnú in mo shúil d'uireasa na spéacláirí
D'aithneochthá go raibh solas an lae ag fionnú thoir, ach sé a raibh ann é