Flasúlacht
—Ainmfhocal (buineann)
—Achréidh
—
a bheith flasach, nó galánta etc.
·
Sin í a gcuid flasúlacht sin i gcomhnaí. A Mhuire Mhór nach i gcuid de na daoine a bhíos an stróinéas! Dheamhan pioc acu ach an oiread liomsa, agus ní ceithearnach mór mise, mar atá a fhios ugad (agad) fhéin. Ach cuireann an ghaileamaisíocht a dhá oiread maitheasa ar chuid de na daoine!
Bíodh ciall ugad! Fear fólamtaí thú indar liom fhéin, agus in a dheidh sin tá floscaí agus flasúlacht an dream seo do do dhalladh. Ar innis tú é sin do Ch. Sin é an fear a d'innseódh duit cén deis iad. B'fhearr dóibh a dhul agus leasú na bliana anuirí a íoc, ná bacadh len a gcuid flasúlacht