Foghlú
—Briathar as foghail
—
millteanas, damáiste, mísc a dhéanamh.
+–
Diabhal claidhe ar aon-gharraí ag gabhail linn ach claidhe a bhéas foghluithe. Dhá bhfaightí am air, níor mhór seachtain a chaitheamh dhá mbiorú = beidh beithigh indon a dhul isteach thar na claidheachaí, agus foghail a dhéanamh sna garrantaí
Ní raibh aon-ghort istigh ar an mbaile ariamh nach raibh foghluithe ag an dream céanna, hébrí cén fál a bheadh air. Agus dheamhan a dhath sásamh a gheobhfá uatha, ach píosa sciolladh a dhéanamh ort
TUILLEADH (1) ▼
Bhí achrann ar an mbaile seo thiar inné. P. a chuaigh ag fuagairt foghla do N. agus d'ionnsuigh N. é. Dar mo choinsias tá a bhfuil d'fhataí ag P. imbarr an bhaile foghluithe, millte. Beithigh N. a rinne é. Leag siad an claidhe teorann
+–
Ag iarraidh an garraí sin a fhoghlú atá sí. Meireach gurb ea choinneódh sí a cuid beitheach ar a cuid fhéin thar agus cead scuir a thabhairt dóibh ar bhóithrí.
Bheadh planndaí agamsa marach gur foghluíodh iad. Dar fiadh bhí siad ag fás go breá. Ach chart na cearca atá ag an rúisc sin thoir iad. Níl foghail ar bith is luar liom ná foghail chearc. Is measa í ná an fhoghail chorráin féin
TUILLEADH (1) ▼
Cheannuigh sí cóisir bheitheach, agus níl ceó faoin saol len ithe aca anois, ach dúrúch orra ar fud an bhaile ag foghlú chuile shórt. Dheamhan a bhfuighidh sí a cuid fhéin go deó orra, ná cuid d'fháil
Féach freisin
→
foghail