Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Foirgeach, Foirgneach
Ainmfhocal, Buineann
uimhir iolraidh: foirgí, foirgeachaí, foirgneachaí
Fc. foirgthe
sean-bhó chaite gan laogh gan lacht; bó atá gan aon-laogh le fada; sean-chabhail ghránna de bhó; "an old hulk" of a cow.
+
Níl bó in a dhoras anois ach foirgeach de shean-bhó, nach bhfuil a fhios cén lá le seacht mbliana ar rug sí.
Is gránna an fhoirgneach de bhó í. Dheamhan an oiread a thiúrfainn uirre agus atá dhá thabhairt ar na sean-bheithigh
TUILLEADH (1) ▼
Cén fáth ar cheannuigh sí an fhoirgeach gránna sin. Ní dúil a bheadh aice canndáil a chur suas ná eile!

Féach freisin