Foirm
—Ainmfhocal.
—Níor chuala mé san gcaint é ach amháin san leagan "i gclár ná i bhfoirm" (tá an leagan seo coitianta).
—
+–
Níl an scéal sin i gclár ná i bhfoirm = níl ann ach bunscéal; níl a leithide de scéal ann chor ar bith; níl an scéal sin amhlaidh chor ar bith; is breágh é; is scéal é agus a thóin leis; is scéal contráilte nó scéal seafóideach é; nó scéal nach bhfuil ciall ná réasún leis
Dúirt sé é sin! Dúirt sé go bhféadfadh ceachtar againn atá fúithe an fheamainn pháirteach a bhaint agus nach mbeadh aon-mhaith aon-tréas a chur air, nach gcaithfí é san dlí. Thug sé a éitheach! Cén chiall nach gcaithfí? Déanadh sé mar sin é feiceamuist! Sin caint anois nach bhfuil i gclár ná i bhfoirm
TUILLEADH (5) ▼
Tá fólaim ortsa, bail ó Dhia agus ó Mhuire ort, ach má sin í do chuid cainte anois go raibh dhá Naomh Pádraig ann, ná bactar leat! Nach deas uait a dhul ag cumadóireacht … Eiriceach a bhí san té adúirt é sin. Níl an rud sin i gclár ná i bhfoirm, agus ná géill thusa do'n fhear sin. Nachar chuala muid ariamh nach raibh ann ach aon-Naomh Pádraig amháin, moladh go deó leis
Go bhfuil siad indon an cloigeann a bhaint de dhuine agus cloigeann eile a chur air! Go dtuga Dia ciall duit! Níl do scéal i gclár ná i bhfoirm! A' dtiúrfása cead an cloigeann a bhaint díot fhéin?
Bhí "gaeilgeóirí" — brat aca — timpeall air seo thíos trathnóna, agus é ag innseacht dóibh. Go deimhin má bhí fhéin, ní raibh an rud a bhí sé a innseacht i gclár ná i bhfoirm. Ach cuireadh síos ar na leabhairíní é. Tiocfaidh siad leis!
Tá foirseadh mór cainte aige, ach nach bhfuil a leath i gclár ná i bhfoirm. Chuirfeadh sé dallach dubh ort mara mbeadh a fhios agad cé hé fhéin
Níl an chaint sin faoin gcogadh i gclár ná i bhfoirm. Má tá, cén chiall nachar chuala muid cheana í. Is gearr air sin a cumadh as a údarás féin. Sé atá deas air
Féach freisin
→
formna